COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Dheireadh Fómhair
Íomhá

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo http://www.oireachtas.ie/parliament/ga/eolas/rannoganaistriuchain/

An Cheist

Cérbh iad an ‘ceathrar cléireach’ a ‘ceapadh i gcomhair an lae sin’ ar an 21 Eanáir 1919 in Áras an Ardmhéara Bhaile Átha Cliath?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Deireadh Fómhair 2012 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Dheireadh Fómhair’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Cóip den leabhar ‘Gramadach na Gaeilge, An Caighdeán Oifigiúil, Caighdeán Athbhreithnithe’.

Gramadach na Gaeilge, An Caighdeán Oifigiúil, Caighdeán Athbhreithnithe: Do lucht leanta an tuisil ghinidigh agus an bhriathair shaoir. Foilsíodh an chéad chló i 1958 tar éis do na saineolaithe na rialacha do scríobh agus do litriú na Gaeilge a shocrú sna blianta roimhe sin. Seo an Caighdeán Athbhreithnithe anois 2012.

Cuntas Ghaelphoirt

Rannóg an Aistriúcháin

Tá BEO an-bhuíoch de Rannóg an Aistriúcháin as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.