COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Dheireadh Fómhair
Íomhá
Seoda an Riadaigh

Tabhair cuairt ar an tsuíomh idirlín Gael Linn, chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Céard a thóg Gael Linn i gCarna sa bhliain 1957?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 21ú Deireadh Fómhair 2011 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Dheireadh Fómhair’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

SEODA AN RIADAIGH / THE ESSENTIAL SEÁN Ó RIADA

Cód: ORIADACD06
Praghas: €24.99

Eolas faoi oidhreacht an Riadaigh:

Chun comóradh a dhéanamh ar oidhreacht cheoil an Riadaigh, tá Gael Linn ag foilsiú bailiúchán de thrí dhlúthdhiosca d’ábhar roghnaithe óna shaothar. Mar aon leis na dioscaí, tá leabhar 40 leathanach le clúdach crua a dhéanann an t-ábhar a chíoradh:

Faightear anseo an saothar is deise agus is cáiliúla dá chuid, idir cheol don cheolfhoireann agus do Cheoltóirí Chualann.

CD 1: Ceol siansach na scannán staire Mise Éire, Saoirse? agus An Tine Bheo, chomh maith leis an gceol do roinnt gearrscannán.

CD 2: Rogha agus togha ó Cheoltóirí Chualann, le Seán Ó Sé agus Darach Ó Catháin. San áireamh, tá roinnt rianta ón albam cáiliúil Ó Riada sa Gaiety.

CD 3: Ceol a chóirigh an Riadach don scannán The Playboy of the Western World (1962). Ag an am sin, eisíodh an ceol binn seo le Ceoltóirí Chualann ar fhadcheirnín ach seo an chéad uair dó bheith ar dhlúthdhiosca.

Seoda an Riadaigh / The Essential Seán Ó Riada

Mar is léir ón méid thuas, tá fáil anseo ar ‘sheoda’ an Riadaigh, an sméar mullaigh dá chuid saothar cruthaíochta. Cuirtear an t-ábhar i láthair go snasta agus tugtar eolas cuimsitheach faoin bhfear agus a shaothar sna nótaí a ghabhann leis.

Is deis í an comóradh daichead bliain ón am a cailleadh an Riadach chun léirmheas criticiúil a dhéanamh ar an méid a bhain sé amach. Sa chnuasach Seoda an Riadaigh, is féidir éisteacht as a chéile leis an gceol siansach a chum sé do na scannáin mhóra, chomh maith leis an athmhúnlú a rinne sé ar cheol grúpa le Ceoltóirí Chualann. Tugtar le chéile anseo ábhar ó fhoinsí iomadúla agus, go deimhin, tá roinnt den ábhar á fhoilsiú ar dhlúthdhiosca den chéad uair. Samhlaímid go mbeidh an-tóir ag lucht leanúna Uí Riada ar an mbailiúchán seo agus fóirfidh sé freisin mar bhlaiseadh dá shaothar do ghlún nua.

Gael Linn

Tá Beo an-bhuíoch de do Gael Linn as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.