COMÓRTAIS
Comórtas mhí an Mheithimh
Íomhá
Lorg na gCloch

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin GAEL LINN ag www.gael-linn.ie chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cad é an t-ainm a bhí ar an abhcóide óg a bhí ina cheann ar an dream iarchéimithe a bhunaigh Gael Linn seasca bliain ó shin?

Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie roimh an 20 Meitheamh 2010 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí an Mheithimh’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht, le do thoil.

Duaiseanna

Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais:

Lorg na gCloch (DVD faisnéise)

Leagan nua DVD de Mhórscannán Oidhreachta eisithe ag Gael Linn.

Stair ealaín chloch ghreanta na hÉireann is ábhar don scannán gleoite seo. George Morrison a stiúir, an fear céanna a rinne Mise Éire agus Saoirse.

Tugtar ar turas sinn anuas na cianta ón tréimhse roimh Chríost go dtí aimsir na Normannach. Díol suntais ar leith scannánaíocht álainn Morrison ar na séadchomharthaí agus ar an timpeallacht álainn ina bhfuil siad.

Scannán é seo a mbainfidh idir thurasóirí, lucht oideachais agus an gnáthphobal fíorthaitneamh as.

Rinneadh athchóiriú agus digitiú ar bhunscannán 1971 a thugann na sonraí uile chun cruinnis. Tá an tráchtaireacht as Gaeilge agus tá leagan Béarla ar an diosca freisin.

Stiúrthóir: George Morrison
Ceol: John Beckett
Comhairleoirí seandálaíochta: Liam agus Máire de Paor

Eisithe ag Gael Linn
Ar fáil i siopaí agus ó Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, BÁC 2, www.gael-linn.ie, praghas €12 (eolas breise: Antoine Ó Coileáin, 01-6751200)

Tá Beo.ie an-bhuíoch de GAEL-LINN as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.