COMÓRTAIS
Comórtas Mhí an Mhárta
Íomhá
An Dealg
Íomhá
Ó Ríordáin
Íomhá
Criss Cross
Íomhá
I gCóngar

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo http://www.cic.ie chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

An Cheist

Cé mhéad albaim cheoil atá eisithe ag Cló Iar-Chonnacht ó bunaíodh é sa bhliain 1985?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Márta 2012 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Mhárta’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Beirt de na leabhair seo a leanas

An Dealg sa bhFéar – Nuala Ní Dhomhnaill.

Sa leabhar seo tá an chéad dá chnuasach le Nuala Ní Dhomhnaill, An Dealg Droighin (1981) agus Féar Suaithinseach (1988) le fáil faoi aon chlúdach amháin. Baineann Nuala feidhm as an bhfinscéalaíocht agus as an seanchas ina cuid dánta, ach cuireann sí iad seo i láthair i gcló comhaimseartha a bhfuil dearcadh feimineach mar bhunús leis. Is iomaí gné a shníonn ina chéile i ngréasán greanta a cuid filíóchta; tá an teanga, an dúchas, an béaloideas, an litríocht, a taithí saoil agus meabhrach; tá an cumas éachtach sin trína n-éiríonn léi an meafar bíogach soilseach a chruthú, ag fí na ngnéithe sin ar a chéile go healaíonta gan d’ornáidíocht ach maise na háille. Is fada as cló an dá leabhar agus cuirfear fáilte roimh an athchló seo.

Seán Ó Ríordáin - Na Dánta

Sa leabhar seo tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin, den chéad uair riamh, saothar iomlán filíochta Sheáin Uí Ríordáin: na trí chnuasach a foilsíodh lena bheo, Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964), agus Línte Liombó (1971), chomh maith leis an saothar a cuireadh i gcló tar éis don fhile imeacht ar shlí na fírinne, Tar Éis mo Bháis (1978).

Criss Cross Mo Chara

Gearóid Mac Lochlainn. Tá bealach faoi leith, le saothar Mhic Lochlainn. Athraíonn a chuid frithlaochra buailte a riocht agus a gcultúr agus iad ag dul ó áit go háit trí chríocha briste, macarónach. Tugann siad cúl do thraidisiúin sheanbhunaithe filíochta, aistriúcháin agus seanchais na nGael, ag gluaiseacht ó fhilíocht na mbard go Spaghetti Westerns, ó na Mississippi blues go hamhráin ar an sean-nós, agus ar ais arís, turas a osclaíonn amach agus a chuimsíonn an próiseas cruthaitheach féin. Déantar smidiríní de choinbhinsiúin sa saothar seo áit a léiríonn Criss-Cross idirtheanga gan smacht gan ord inar thig le rud ar bith tarlú. Ag amharc ar an leabhar seo, Criss Cross - cuid de dhátheagach ach níl sé uilig, a lán dánta i mBearla, go díreach as féin, ann fosta. Some very strong language. Thig linn an ceann seo a úsáid má shileann tú go mbeidh sé nios fearr.

I gCóngar i gCéin

Pádraig Standún. An Veinéis, Péarla na Meánmhara. Tá ealaíontóir óg, Adrienne, tagtha go dtí an chathair ársa rómánsúil seo tar éis dá pósadh cliseadh, í ag súil le tús a chur le saol nua. Casann sí ar Giorgio, tiománaí tacsaí uisce, agus éiríonn siad ceanúil ar a chéile. Ach tá rún ag Giorgio.
Ní Iodálach é ach Éireannach. Agus ní Giorgio an t-ainm atá air ar chor ar bith. Fear é a bhí páirteach sa nGluaiseacht Phoblachtánach aimsir na dTrioblóidí agus atá in ainm is a bheith marbh. Agus tá coirpigh, chomh maith lena chuid iarchomrádaithe, ar a thóir.

Cló Iar-Chonnacht

Tá BEO an-bhuíoch de Chló Iar-Chonnacht as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.