COMÓRTAIS
Comórtas mhí an Aibreáin
Íomhá

Tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin www.coislife.ie chun freagra na ceiste seo a fháil: Cé atá ag feidhmiú mar stiúrthóirí an chomhlachta Cois Life?Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie roimh an 29 Aibreán 2008. Bíodh na focail ‘Comórtas mhí an Aibreáin’ mar theideal ar do theachtaireacht agus tabhair do sheoladh baile, le do thoil.

DuaiseannaBeidh beirt bhuaiteoirí ann agus gheobhaidh siad beirt an dá dhuais seo:1. *A New View of the Irish Language, *atá curtha in eagar ag Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh agus a d’fhoilsigh Cois Life. Imleabhar ilúdar é seo i mBéarla, a rianaíonn scéal agus staid na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Pléitear gnéithe éagsúla den Ghaeilge. Orthusan tá an t-oideachas, stádas, na meáin, an Ghaeltacht, an litríocht, agus teagasc agus foghlaim na Gaeilge. Pléitear freisin le gnéithe sochtheangeolaíocha a bhaineann le dearcadh i leith na teanga, imirce, domhandú agus féiniúlacht.

  1. Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge *le Liam Mac Amhlaigh. Is é Cois Life a d’fhoilsigh an leabhar seo chomh maith. Spléachadh ar shaothair foclóireachta na Gaeilge ó Shanasán Uí Chléirigh (1643) go foclóir Néill Uí Dhónaill (1978) atá sa saothar seo. Tugtar achoimre ar shaol na scoláirí Éireannacha agus idirnáisiúnta a shaothraigh an réimse léinn seo, fearann idirtheangach Gaeilge, Béarla agus Laidin. Léargas ar na foclóirí féin, an cur chuige, an stíl oibre agus an t-ábhar atá iontu atá le fáil sa leabhar. I ngach caibidil tá cur síos ar an bhfoclóir féin agus méid áirithe eolais faoin bhfoclóirí agus faoin gcur le chéile go ginearálta. Tá grianghraif de na foclóirí go léir a luaitear sa leabhar curtha leis an téacs chun blaiseadh níos fearr a thabhairt den ábhar. Tá *Beo! an-bhuíoch de Cois Life as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.