COMÓRTAIS
Comórtas mhí an Aibreáin Beo!

Tabhair cuairt ar shuíomh na heagraíochta Colmcille (www.colmcille.net) chun freagra na ceiste seo a fháil:

Cathain a bheidh Féile Cholm Chille 2007 ar siúl?

Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie roimh an 29 Aibreán 2007. Bíodh na focail ‘Comórtas mhí an Aibreáin’ mar theideal ar do theachtaireacht agus tabhair do sheoladh baile, le do thoil.

Duaiseanna

Beidh triúr buaiteoirí ann agus gheobhaidh gach duine acu ceann de na duaiseanna seo:

Luna Park, dlúthdhiosca leis an ghrúpa Kíla, a bheas ag seinm ag Féile Cholm Chille in Albain an samhradh seo

OverNeath, an dlúthdhiosca nua leis an ghrúpa Slide, atá á sheoladh an mhí seo

’Mise an fear ceoil’: Séamus Ennis - Dialann Taistil 1942-1946 (Cló Iar-Chonnachta), leabhar nua atá curtha in eagar ag Ríonach uí Ógáin

Beo! an-bhuíoch de Colmcille (www.colmcille.net), Slide (www.slide.ie) agus Cló Iar-Chonnachta (www.cic.ie) as na duaiseanna seo a chur ar fáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.