TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Peadar Ó Flatharta Peadar Ó Flatharta

Gach mí, ceisteoidh Beo duine as eagras de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh ag an eagras sin. An mhí seo: Peadar Ó Flatharta, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Íomhá
Peadar Ó Flatharta
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin san eagraíocht?

Mise Stiúrthóir na Comhdhála.

  1. Cathain a bunaíodh an Chomhdháil agus cé a bhunaigh í?

Bunaíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i 1943. Bhí baint ag Taoiseach na huaire, Éamon de Valera, lena bunú chomh maith le heagraíochtaí agus gníomhaithe teanga na linne sin.

  1. Cén fáth ar bunaíodh í?

Theastaigh ó eagraíochtaí agus ó dhaoine aonair deis a bheith acu a theacht le chéile agus ábhair a phlé agus gníomhaíochtaí a rachadh chun leas comónta na Gaeilge a chur chun cinn.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Ar dtús bhí an Chomhdháil comhdhéanta de na heagraíochtaí Gaeilge agus daoine aonair, ach ó lár sheascaidí an chéid seo caite is eagraíochtaí amháin atá cláraithe leis an gComhdháil. Eagraíocht is fiche atá sa gComhdháil faoi láthair.

Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Lár-Chomhairle phobail na Gaeilge. Is fóram í an Chomhdháil do na heagrais Ghaeilge agus do chomhluadair eile sa phobal chun polasaithe agus gníomhartha ar son na Gaeilge a dheimhniú.

Is í aidhm na Comhdhála agus tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga agus cumas inti a neartú agus a bhuanú, le go mbeidh sí á húsáid go saoráideach agus go forleathan i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann.

  1. Cad iad na laigí a bhaineann leis an eagraíocht?

An laige is mó le blianta anuas ná easpa airgid agus acmhainní chun an obair a dhéanamh.

  1. Cad iad na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht?

Díríonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar dhá phríomh-mhodh chun ár n-aidhm a bhaint amach, mar atá ‘Bunú agus Buanú Pobal Gaeilge agus Gaeltachta’ agus ‘Stádas na Gaeilge agus Cearta Cainteoirí Gaeilge’.

I measc na gcéimeanna a glacadh le cúpla bliain anuas chun an aidhm seo a chur i bhfeidhm tá:

Tuairisc ar an gComhdháil Idirnáisiúnta ar reachtaíocht teanga foilsithe. Dáil Bia, an chéad bhialann lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, oscailte. Tóstal na Gaeilge, fóram oscailte ar ábhair thopaiciúla, eagraithe. Bord Oideachais don Ghaeltacht agus don Ghaeilge faoi Alt 31 den Acht Oideachais bainte amach i gcomhar le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Suíomh vortal don Ghaeilge (www.gaelport.com) seolta agus á fhorbairt. Tionscadal teiripe agus urlabhra bunaithe. Fóram na Gaeltachta bunaithe. Intercelt, tionscadal turasóireachta cultúrtha, faoi lán seoil. Fóram ealaíontóirí eagraithe - tús leis an bpróiseas. ISO 9002 bainte amach - an chéad eagraíocht dheonach ar éirigh léi é sin a dhéanamh. Áit na Gaeilge i reachtaíocht na tíre á cinntiú trí leasuithe a mholadh ar Achtanna an Oireachtais agus iad ina mBillí, mar shampla leasuithe suntasacha faighte ar an reachtaíocht seo a leanas:

An tAcht um Phleanáil agus Forbairt 2000 An tAcht Oideachais 1998 Acht na nOllscoileanna 1997 Bille na Leanaí 1999 An Bille Rialtais Áitiúil 2000 Acht Sheirbhís na gCúirteanna An Bille Meabhairshláinte 2000

Ar an obair eile atá ar siúl nó a bhfuil ról lárnach ag an gComhdháil inti tá:

Glór na nGael Gaillimh le Gaeilge Cúrsaí Oideachais Coistí Rialtais agus Ranna

  1. Cén fhís atá agat féin don eagraíocht?

Ár ndóigh tá muid ar fad ag súil le nua anois i gcur chun cinn na Gaeilge agus bheadh chuile shúil agam go mbeadh an earnáil phobail tríd an gComhdháil comhpháirteach le Foras na Gaeilge sa ré nua seo. Tá tréimhse an-rathúil romhainn má bhíonn ar ár gcumas ar fad cur le chéile agus leas a bhaint as na deiseanna ar fad atá agus a bheas ar fáil dúinn. Caithfidh an Chomhdháil leanacht lena cuid oibre ceannródaíochta agus í ag déanamh chuile iarracht na caighdeáin is airde a shroichint agus leas a bhaint as na forbairtí is nua-aoisí. Tá tuilleadh forbartha le déanamh ar ról na Comhdhála agus tá mé cinnte go mbeidh ar ár gcumas sin a dhéanamh ach acmhainní a bheith ar fáil chuige.

  1. Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag an Chomhdháil faoi cheann cúig bliana.

Ar na rudaí móra atá le baint amach ag an gComhdháil tá:

Tacaíocht don teanga i ngach píosa reachtaíochta a théann trí Thithe an Oireachtais agus go háirithe Acht Teanga. Plean Straitéiseach don chúig bliana atá romhainn. Deiseanna breise d’úsáid na Gaeilge, ar nós Dháil Bia, a chothúa spreagadh.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag an uimhir +353 1 679 4780 (ríomhphost: eolas@comhdhail.ie). Tá tuilleadh eolais le fáil faoin Chomhdháil ag: http://www.comhdhail.ie/

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.