Tá Brian Ó Broin misnithe go mór lena bhfuil ag titim amach i saol na Gaeilge i Nua-Eabhrac, go háirithe i bhfianaise a bhfaca sé ag comhdháil litríochta a eagraíodh ann ar na mallaibh.
Naisc:
Údar iontais do chuid mhaith Gael is ea Nua-Eabhrac. Bíonn imeachtaí Gaelacha ar siúl go laethúil sa chathair mhór seo, 5,000 chiliméadar siar as Baile Átha Cliath, idir ranganna, chiorcail chomhrá, bhuíonta spraoi do ghasúir, agus chomhdhálacha de gach chineál. Ní tharlódh a leathchuid de na himeachtaí seo murach ollamh amháin sa léann Éireannach in Ollscoil Chathair Nua-Eabhrac, Tomás Ó hÍde, atá ag treabhadh leis go ciúin díograiseach le deich mbliana anois ag cur an léinn Éireannaigh chun cinn ar gach slí is féidir.
Go deimhin, tá saol ollscoile na Gaeilge i Nua-Eabhrac anois i gcruth nach bhfeicfeá taobh amuigh de chathair ollscoile ar bith in Éirinn. In Ollscoil Nua-Eabhrac, ceann de na hollscoileanna is clúití ar chósta thoir Mheiriceá, tá Gaeilge á múineadh ag Hilary Mhic Suibhne agus ag Pádraig Ó Cearúill. Tairgeann Helen Maginn ranganna Gaeilge do mhic léinn Ollscoil Fordham, ollscoil na nÍosánach i Nua-Eabhrac. Ach is é Ollscoil Chathair Nua-Eabhrac gan amhras, an ollscoil is gníomhaí sa chathair ó thaobh múineadh agus cur chun cinn na Gaeilge de. Ní hamháin go bhfuil beirt ag múineadh na Gaeilge san ollscoil sin (Tomás Ó hÍde agus Elaine Ní Bhraonaín), ach tá duine acu fostaithe go lánaimseartha ag an ollscoil cheana féin agus táthar in ann an Ghaeilge a dhéanamh mar ‘mhíonúr’, nó ‘leasábhar’ san ollscoil sin le tamall. Má leantar ar aghaidh leis an bhfuinneamh agus an dúthracht atáthar ag cur isteach ann, is cinnte go mbeifear in ann an Ghaeilge a chur ina príomhábhar céime san ollscoil sin, díreach mar is féidir i bhformhór d’ollscoileanna na hÉireann.
Tionól Bliantúil
Tá sé i gceist ag an Ollamh Ó hÍde comhdháil acadúil a eagrú ann go bliaintúil nó gach dara bliain mar chuid de chlár na Gaeilge san ollscoil. Eagraíodh an chéad chomhdháil dá leithéid ag deireadh mí Feabhra i mbliana i Lehman College sa Bhronx, ceann de choláistí Ollscoil Chathair Nua-Eabhrac, agus ceanncheathrú an léinn Éireannaigh san ollscoil sin. “An Gearrscéal i Litríocht na Gaeilge” ba theideal don chomhdháil, agus tháinig daoine ó chian is cóngar chun páipéir a thabhairt nó le cluas a thabhairt sna cainteanna. Bhí an tOllamh Brian Ó Conchubhair ann as Ollscoil Notre Dame in Indiana, agus bhí Mícheál Ó Conghaile as Cló Iar-Chonnacht i gContae na Gaillimhe, maraon le Fionnuala Ní Ráinne as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Thapaigh an Conchubharach an deis, agus seoladh go hoifigiúil a leabhar Twisted Truths, cnuasach nua-ghearrscéalta as Gaeilge aistrithe go Béarla agus curtha i gcló ag Cló Iar-Chonnacht. Mar aoi speisialta, tháinig an foilsitheoir agus an gníomhaí Niall O Dowd (a bhain cáil amach in Éirinn anuraidh nuair a d’fhógair sé go raibh beartaithe aige seasamh i dtoghchán na huachtaránachta) chun an leabhar a sheoladh go hoifigiúil.
Cruthúnas is ea an chomhdháil seo go bhfuil saol Gaelach ar fáil i Nua-Eabhrac nach féidir le cathair ar bith eile i Meiriceá Thuaidh a shárú go fóill. Ní hamháin gur tháinig na scoláirí úd as an gcoigrích, ach tháinig pobal Gaeilge na cathrach féin amach freisin. Mar chuid speisialta den chomhdháil, d’eagraigh Club Leabhar Nua-Eabhrac seisiún speisialta inár cíoradh an leabhar Bás in Éirinn (cnuasach gearrscéalta curtha in eagar ag an scríbhneoir Feirsteach Glenn Paterson) go dátheangach, le dream Gaeilge ag plé bunleagan na ngearrscéalta as Gaeilge agus le dream eile, atá ar beagán Gaeilge go fóill, ag cíoradh aistriúchán na ngearrscéalta céanna as Béarla. Tá an Club Leabhar seo, á stiúradh ag Daithí Mac Lochlainn, státseirbhíseach a bhfuil dúil as cuimse aige i litríocht na Gaeilge, ag dul ó neart go neart le beagnach cúig bliana anois, le cruinniú gach cúpla mí i Lárionad na nÉireannach in Long Island City i gceantar Queens.
Maithe agus Móruaisle
Ar ndóigh, ní mar fhoilsitheoir amháin a bhí Mícheál Ó Conghaile i láthair, ach mar dhuine de na gearrscéalaithe Gaeilge is bisiúla in Éirinn. Ós rud é gur scríobh sé i Twisted Truths, an leabhar a chuir an tOllamh Brian Ó Conchubhair in eagar, iarradh air scéal a léamh os comhair na comhdhála. Thit ciúnas iomlán ar an lucht éisteachta nuair a léigh Ó Conghaile a scéal ‘Ag Ithe Daoine’ óna leabhar An Fear Nach nDéanann Gáire.
Rinneadh suntas faoi leith de chaighdeán na bpáipéar ag an gcomhdháil. Ní raibh na scoláirí ag breathnú ar sheanábhar amháin, ach ag tabhairt aghaidh ar ghearrscéil uile na Gaeilge a foilsíodh ó aimsir na hathbheochana anuas. Cé gur breathnaíodh ar na clasaicigh, mar scéalta Phádraic Uí Chonaire, thug roinnt de na cainteoirí páipéir ar nuascríbhneoirí mar Dhaithí Ó Muirí, Aingeal de Búrca agus Phádraic Breathnach (ach fainic an fhaoistin seo leanas: mise mé féin a thug an ceann deiridh!).
Is léir go bhfuil ceangal ag na Gaeil sna ciorcail is tábhachtaí i Nua-Eabhrac. Agus Niall O Dowd ag seoladh leabhar Uí Chonchubhair, scuab Peter Ryan, leaschonsal na hÉireann i Nua-Eabhrac, isteach chun fáilte a chur roimh na scoláirí agus na scríbhneoirí. Ar feadh leathlae Satharn na Comhdhála, bhí uachtarán an choláiste, Ricardo Fernández, agus iar-uachtarán na hollscoile le feiceáil i measc an tslua ag sú atmasféar na háite.
Tionscadal mar Chuidiú
Ceann de na fáthanna go bhfuil ag éirí chomh maith sin le scéimeanna mar cheann d’Ollscoil Chathair Nua-Eabhraic ná scéim FLTA (Foreign Language Teaching Assistant) an Choimisiúin Fulbright, a sheolann scoláirí Éireannacha go Meiriceá gach bliain chun Gaeilge a mhúineadh do mhic léinn ansin. I mbliana, is í Madeleine Ní Ghallchobhair, Maigh Eoch atá i scoláire iarchéime as Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, atá ag déanamh cúraim de phobal Nua-Eabhrac. Tá sí ag múineadh Gaeilge ar thrí leibhéal cheana féin do mhic léinn na cathrach, agus ag eagrú imeachtaí mar an chomhdháil seo.
Agus ar ndóigh, tarraingíonn na comhdhálacha seo daoine as cúinní na cathrach nach bhfacthas timpeall cheana. Cé bhí ina cónaí inár measc gan gíog ná míog ar feadh bliain go leith ach Muireann Ní Chuív as Indreabhán, aistritheoir Gaeilge/Béarla agus scoláire den scoth. “Muise”, ar sí liom agus í ag breathnú timpeall an tseomra ar an slua i rith sosa, “Cé as a dtáinig siad go léir?” An tOllamh Ó Conchubhair a thug ‘eochairléacht’ na Comhdhála - ar na gearrscéalaithe óga sin nár fhoilsigh leabhair go fóill, ach a bhfuil mianach leabhair iontu. Agus muid ag plódú seomra léachta i dTuaisceart an Bhronx, níorbh iontas ar bith dúinn go raibh beirt de na scríbhneoirí a luaigh sé ina gcónaí i Meiriceá agus sa Bhrasaíl. Teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge anois, le cainteoirí, scríbhneoirí, agus le léitheoirí na teanga ina gcónaí i ngach cearn den domhan. Is dócha gur dual don Ghaeilge a bheith á labhairt chomh fairsing sin i Nua-Eabhrac, banríon cathracha idirnáisiúnta an domhain.