Níl mórán raidiciúlachta fágtha sa Ghaeltacht ach tá glúin nua ag teacht chun cinn sa Ghalltacht atá ag leanúint dhea-shampla Mháirtín Uí Chadhain.
Go leor daoine, nuair a thosaíonn siad ag smaoineamh ar an raidiciúlacht i saol na Gaeilge, ritheann ainm Mháirtín Uí Chadhain leo láithreach. Féachann neart air mar Martin Luther King Chonamara agus mar dhuine a thug misneach agus spreagadh do dhaoine óga na Gaeltachta sin agus iad ar lorg cearta teanga. Nuair a bhíonn na seanlaethanta sin ag deireadh na seascaidí faoi chaibidil ar an teilifís, is minic a fheictear aghaidheanna daoine atá gníomhach go fóill i saol na Gaeilge, leithéidí Pheadair Mhic an Iomaire, Joe Steve Uí Neachtain, Sheosaimh Uí Chuaig agus daoine eile nach iad.
Cad é a shílfeadh Máirtín Ó Cadhain de Ghaeltacht an lae inniu agus an gcloisfeadh sé aon ghlór radacach timpeall na háite? Bhí cuid den raidiciúlacht, cinnte, ag baint le Pól Ó Foighil, an gníomhaí Gaeltachta a cailleadh anuraidh. Tá cuid den tréith sin ag baint le Seosamh Ó Cuaig agus le Donncha Ó hÉalaithe, ach cé go mbíonn siad le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta go minic agus go mbíonn tagairtí dóibh in alt nó dhó in Foinse de ghnáth, agus cé go bhfuil tuairimí de chuid na heite clé acu, ní thig a rá go bhfuil an stádas céanna bainte amach acu i súile na ndaoine is a bhí ag an Chadhnach ina am.
Is léir ó thuarascáil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2005 go bhfuil an Stát fós ag imirt cluichí cama le muintir na Gaeilge agus go bhfuil drogall go fóill ar fhostaithe an Stáit freastal ar riachtanais agus ar chearta mhuintir na Gaeilge. Tá gníomhaíochtaí radacacha úrnua ag teastáil agus tá an chuma ar an scéal nach ón Ghaeltacht a thiocfaidh an splanc an iarraidh seo.
Aisteach go leor, tá seans maith ann go dtiocfaidh an raidiciúlacht nua a theastaíonn ón saothar atá déanta acu siúd atá ag bunú Gaelscoileanna ar fud na tíre le blianta anuas anois. Is léir go bhfuil déagóirí agus daoine óga áirithe ag glacadh seilbhe ar cheisteanna cearta teanga agus go bhfuil dreamanna mar na Gaeil Óga, eagraíocht réasúnta nua, chun dul i ngleic leis na dúshláin nár éirigh leis an ghlúin a tháinig rompu a shárú.
Go dtí seo, tá cúpla éacht déanta ag na Gaeil Óga. Bhí baint lárnach acu leis an fheachtas chun stádas oifigiúil a fháil don Ghaeilge san Eoraip agus tá sé léirithe acu do cheannaire Fhine Gael le tamall anuas nach maith an smaoineamh é deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach tar éis an Teastais Shóisearaigh. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil athmhachnamh áirithe déanta ag Enda Kenny ar an cheist de bharr an bhrú seo.
Tá feachtas éifeachtach ar siúl ag na Gaeil Óga le tamall anuas fosta le seirbhís tuarthéacs i nGaeilge a fháil ó na comhlachtaí teileafóin agus dealraíonn sé go bhfuil Vodafone sásta a leithéid de sheirbhís a chur ar fáil. (Má tharlaíonn sé seo, is cinnte go leanfaidh na comhlachtaí gutháin eile a sampla taobh istigh de chúpla mí). Tá na Gaeil Óga gníomhach ar an idirlíon agus chun tosaigh ó thaobh úsáid na teicneolaíochta is nua-aimseartha, mar sin.
Nach breá an rud é gur ón ghlúin óg seo atá an raidiciúlacht ag teacht atá a dhíth le tógáil ar fhealsúnacht Uí Chadhain. Is ábhar dóchais é seo do go leor againn, i mbliain chomórtha bhreith an Chadhnaigh.