TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Comhairle na Gaelscolaíochta
Seán Ó Muireagáin Seán Ó Muireagáin

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlachtinstitiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Seán Ó Muireagáin, Comhairle na Gaelscolaíochta, Béal Feirste.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin i gComhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) agus cén fhad atá tú sa phost?

Oifigeach Forbartha atá ionam ach tá ról ar leith agam ag plé cúrsaí gobharnóireachta, polasaithe scoile (Gaeilge) agus bainistíocht scoile. Tá mé sa phost ó bhí an bhliain 2000 ann.

2. Cá huair a bunaíodh CnaG agus cé a bhunaigh é?

Bhunaigh Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann an eagraíocht sa bhliain 2000 mar chuid den reachtaíocht a tháinig amach as idirbheartaíocht Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

  1. Tuige ar bunaíodh í?

Le haitheantas cuí a thabhairt don earnáil a bhí ag obair go deonach go dtí sin agus le stiúir a thabhairt don earnáil agus ionchur a bheith aici sa ghnáthchóras oideachais, idir naíscolaíocht, bhunscolaíocht agus mheánscolaíocht, agus le cinntiú go bhfaigheadh daltaí na gaelscolaíochta na hacmhainní céanna a bhí á bhfáil ag na hearnálacha eile.

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe ag an eagraíocht anois?

Ceithre dhuine dhéag ar fad.

  1. Cén obair a dhéantar i gCnaG ó lá go lá?

oifigigh forbartha ann atá ag cuidiú le scoileanna neamh-mhaoinithe forbairt a dhéanamh go bhfaighidh siad aitheantas agus maoiniú ón Roinn Oideachais – earcaíocht daltaí, margaíocht, eagrú grúpaí agus araile. Ina theannta sin, bím féin ag plé le coistí maidir le rólanna taobh istigh de choiste, cúrsaí fostaíochta agus bainistíochta, agus le coistí atá ag dul i dtreo aitheantais le hiad a ullmhú don ról úr a bheadh acu mar ghobharnóirí. Bím féin agus oifigeach eile ag plé le scoileanna aitheanta mar a bhaineann sé le polasaithe, bainistíocht, cúrsaí buiséid, cúrsaí áitribh agus araile. Tá beirt oifigeach oideachais ann a bhíonn ag plé le cúrsaí oideachais ar fud an churaclaim agus tá triúr san oifig a dhéanann obair riaracháin an t-am ar fad.

  1. Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad?

Tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta ann do na naíscoileanna agus do bhunscoileanna neamh-mhaoinithe, a chuireann airgead ar fáil do thuarastail, do shuímh, do bhotháin agus araile. Is fada ó go leor an t-airgead atá ag InaG. Tá foinsí maoinithe ann do na naíscoileanna má chomhlíonann siad critéir na Roinne Oideachais fríd an “Grúpa Comhairleach Réamhscoile” (GCR) agus tá go leor ag an ghrúpa seo ach na scoileanna a bheith aitheanta ag na Seirbhísí Sóisialta, rud a tharlaíonn 99% den am. Má bhaineann na bunscoileanna aitheantas amach beidh siad maoinithe ag an Roinn Oideachais agus, cé go bhfuil buiséadú ceart le déanamh, tá na scoileanna in ann a dhéanamh go héifeachtach.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Nuair a bunaíodh CnaG bhí cuid mhór oibre déanta ag Gaeloiliúint cheana féin, an grúpa deonach a bhí ag tiomáint na hearnála roimhe sin. Bhí 15 bhunscoil neamh-mhaoinithe go fóill san earnáil agus ba é sprioc CnaG iad sin uilig a bheith aitheanta agus maoinithe taobh istigh de cheithre bliana agus is féidir a rá gur éirigh go geal linn maidir leis an sprioc sin. Tá dhá scoil anois ann nach bhfuil aitheanta go fóill ach is scoileanna iad a bunaíodh i ndiaidh 2000. Chomh maith leis sin, bunaíodh scoileanna úra, idir naíscoileanna agus bhunscoileanna, achan bhliain, agus beidh scoil úr aitheanta á foscailt ar an Ómaigh i Meán Fómhair na bliana seo. Is é sprioc fhadtéarmach na Comhairle athbheochan na Gaeilge a spreagadh agus an ghaelscolaíocht a bheith mar dhúshraith na hathbheochana sin, agus í tógtha ar oideachas den chéad scoth.

8. Cad iad na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann le CnaG?

Is féidir liosta fada a dhéanamh de laigí CnaG: easpa oibrithe, easpa scileanna, easpa ceannasaíochta. Beidh go leor amuigh ansin sásta cur leis an liosta sin fosta agus an ceart acu má shíleann siad nach bhfuil CnaG ag déanamh go leor dóibh. Ach is pobal sinn nach raibh aon ionchur againn i gcúrsaí oideachais riamh, nach bhfuil baint rófhada againn leis an earnáil oideachais go fóill agus táthar ag foghlaim achan uile lá. Ach is díograiseoirí iad an fhoireann agus iad tiomanta d’fhís CnaG athbheochan na Gaeilge a chothú trí chur chun cinn na gaelscolaíochta.

9. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag CnG faoi cheann cúig bliana.

· An mheánscolaíocht a bheith curtha chun cinn.

· Ionchur na gaelscolaíochta a bheith láidrithe san earnáil oideachais ar fad.

· 5,000 duine eile, ar a laghad, a bheith meallta chun na gaelscolaíochta sna sé chontae.

  1. Cén fhís atá agat féin maidir leis an Ghaeilge?

Níor mhaith liom ach go n-aithneoidh daoine a thábhachtaí atá sé a dteanga agus a gcultúr féin a chaomhnú, a athbheathú agus a athnuachan i dtólamh. Ní bhaineann sin le náisiúnachastírghrá fiú ach le haitheantas a chur orainn féin agus ar an áit a bhfuil muid ag baint fúinn.

Comhairle na Gaelscolaíochta

Teach an Gheata Thiar

4 Sráid na Banríona

Béal Feirste BT1 6ED

Guthán: (028) 9032 1475

Facs: (028) 9032 4475www.comhairle.org; eolas@comhairle.org

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.