Tá Balor den tuairim go bhfuil sé míchothrom a bheith ag díriú ar lucht caite tobac agus nithe i bhfad níos measa á gcaitheamh i dtithe tábhairne na tíre - na saigheada damanta, cuir i gcás.
Tá an t-earrach ann faoi dheireadh agus tá an domhan agus a mháthair ag damhsa. Tá an sabhaircín agus lus an chromchinn ag damhsa sa leoithne; tá na huain óga ag damhsa ar na bánta; tá an duilliúr úr ag damhsa ar ghéaga na gcrann; tá an magairlín meidhreach ag damhsa ar na méilte; tá Bertie an Bodach ag damhsa ó ghéarchéim go héigeandáil; tá Peewee Flynn agus an Half Leper Ó Leath Lobhair ag iarraidh damhsa amach ar dhoras an Bhinse Fhiosraithe, agus - Dia idir muid agus an t-olc - tá Balor na Súile Nimhe ag damhsa thart istigh sa phluais.
“Agus cad é a thug air bheith ag rince?” a fhiafraíonn tú. Bhal, níl ann ach an mhíorúilt a tharlaíonn gach uile bhliain thart faoi shéasúr seo na hathghinte: Tagann fonn ar Bhalor. “Fonn?” a fhiafraíonn tú. Fonn! a deirim, agus ní port damhsa atá i gceist agam. “Cén cineál foinn más ea?” a fhiafraíonn an léitheoir éargnaí, aithneach. An fonn, a deirim, a thosaíonn ina chuid ladhracha agus a chuireann an sú ag sciurdadh fríd a chuid féitheacha aníos, a chuireann dinglis ar a chraiceann agus crith ina chorp, a chuireann lasair ina shúile agus casacht ina chliabhrach. “Is fearr crith maith ná droch-chasacht!” a mhaíonn fear na súile nimhe agus é ag caint ar an rud a chuireann an fonn seo air: An Caitheamh!
Ní an caitheamh anuas ná an caitheamh aníos atá i gceist agam anseo; ná an caitheamh amach ná an caitheamh suas. Ní ag caint ar éadaí a chaitheamh atá mé, ná ar dhinnéar ná ar shuipéar a chaitheamh. Níl mé ag caint fiú ar phiontaí a chaitheamh siar. Is ag caint ar na toitíní a chaitheamh atá mé. Ar theacht an earraigh gach aon bhliain thig fonn caite ar laoch na litríochta, fonn nach furasta é a cheansú. Le cothrom na Féinne a thabhairt do Bhalor bocht tá dua caite aige chun an caitheamh a chaitheamh suas. Bhain sé triall as na paistí ar feadh tamaill ach d’éirigh sé astu i ndiaidh míosa nó dhó nó dúirt sé nár thaitin an blas leis. Bhain sé triall as an turcaí fuar ach dúirt sé nach raibh mórán de bhlas air sin ach oiread leis na paistí. Is caiteoir dúchais é gan dabht agus is léir nach bhfuil i ndán dó ach an caitheamh.
“Ní ag caitheamh tobac a bheas mé ach ag caitheamh i ndiaidh na laethanta a bhí, nuair a thiocfas an dlí úr seo isteach,” a dúirt sé liom cúpla seachtain ó shin agus é i ndiaidh a bheith caite amach as teach tábhairne ag tábhairneoir nach raibh sé d’acmhainn aige fanacht leis na cumhachtaí úra a bheadh aige go luath. “Ní cóir cead a bheith ag tábhairneoirí caitheamh le caiteoirí mar sin,” a cheasnaigh sé an tseachtain seo caite i ndiaidh dó a bheith caite amach arís.
“Tá caitheamh agus caitheamh ann!” a mhíníonn ár laoch, agus é ag tagairt don fhonn caite nár tháinig air ó bhí an bhliain seo caite ann. Dar leis go bhfuil an dlí úr seo iomlán míchothrom nó go bhfuil sé ag díriú ar na caiteoirí míchearta. “Is contúirtí go mór bheith ag caitheamh siar piontaí agus gloiní uisce beatha ná bheith ag caiteamh todóg ná toitíní ná fiú an phíopa,” a mhíníonn Balor an Fealsamh. “Bíonn daoine ag dul fiáin gan smacht i ndiaidh oíche ar an ól, ach i ndiaidh oíche ar thobac bíonn siad socair go fóill.” Leanann ár laoch leis an tseanmóireacht: “Níor tharla círéib ná troid riamh, buíochas le Dia, cionn is gur ól duine bosca scór Carrolls, dar fia!”
“Ach cad é faoi bholadh lofa an tobac ar ár gcuid éadaí?” a fhiafraíonn an léitheoir cliste cunaí. “Nach fearrde muid go mór dá uireasa?” Aniar de phreab le Balor an tEachtraí: “Nach fearr é ná cuid de na bolaithe a cheileann sé san am i láthair? Bheadh na boic mhóra i mBaile Átha Cliath i bhfad níos fearr as dá rachaidís sa tóir ar dhaoine a bhíonn ag caitheamh rudaí eile seachas tobac sna dtithe tábhairne. Ag caint ar na saigheada damanta sin atá mé!” a chasaoideann Balor an Clamhsánaí. “Ní mó ná sásta a bhí mé cúpla mí ó shin agus mé ar mó sháimhín só istigh i dtábhairne, mé suite liom féin ag ól cúpla galún leanna go ciúin béasach, nuair a tháinig ceann de na cleitíní damanta sin fá leath troighe de mo chluais chlé - bhuail sé mé i gclár m’éadain!”
Balor bocht! Ní mó ná sásta a bhíonn sé leis na daoine nach mbíonn ag caitheamh ar chor ar bith sna tábhairní - iad sin nach mbíonn ag caitheamh airgid atá i gceist aige, iad sin nach gcuireann a lámh isteach ina bpócaí riamh ach amháin fá choinne a dtóin a scríobadh. Níl meas madaidh ag Laoch ár Linne ar na scrabhdóirí scrábacha céanna. “Caithigí libh, a chaiteoirí na hÉireann,” a mholann Balor do lucht caite sna tábhairní, “nó tá níos measa ná caitheamh ann. Thiocfadh libh gan a bheith ag cai...” (Nóta ón Eagarthóir: Tá muid buartha nár éirigh le Balor alt na míosa seo a chríochnú. Tugadh ar shiúl é go tobann chun na hotharlainne agus é ar easpa anála.)
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)