TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Cois Life
Seán Ó Cearnaigh Seán Ó Cearnaigh Seán Ó Cearnaigh

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Seán Ó Cearnaigh, Cois Life (comhlacht foilsitheoireachta), Baile Átha Cliath.

Íomhá
Caoilfhionn Nic Pháidín, stiúrthóir eile Cois Life
Íomhá
Éilís Ní Dhuibhne, a bhfuil saothar léi, Cailíní Beaga Ghleann na mBláth, díreach foilsithe ag Cois Life
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin i gCois Life agus cén fhad atá tú sa phost? Stiúrthóir, le hocht mbliana anuas.
  2. Cathain a bunaíodh an comhlacht agus cé a bhunaigh é? Caoilfhionn Nic Pháidín agus mé féin a bhunaigh Cois Life sa bhliain 1995. Go teoiriciúil bímse ag plé leis an táirgeacht den chuid is mó agus bíonn Caoilfhionn ag plé leis an eagarthóireacht, ach bíonn orainn freastal ar gach saghas cúraim de réir mar is gá.
  3. Cén fáth ar bunaíodh é? Bhí an bheirt againn i mbun eagarthóireachta do dhreamanna eile roimhe sin ach theastaigh uainn a bheith ag obair ar leabhair a raibh spéis phearsanta againn féin iontu: leabhair ar ardchaighdeán scríbhneoireachta agus deartha - *Rince ar na Ballaí *le Dermot Somers, mar shampla. Déanfaimid formhór dá bhfoilsímid a choimisiúnú dá réir sin.
  4. Cé mhéad duine atá fostaithe ag Cois Life anois? Níl oiread agus duine amháin fostaithe go lánaimseartha againn. Bíonn an bheirt againne ag obair go páirtaimseartha ann istoíche agus cuirimid roinnt mhaith oibre ar conradh ar fáil do dhaoine eile: d’eagarthóirí seachtracha, do stiúrthóir gréasáin www.coislife.ie agus do dhearthóir grafach.
  5. Cén obair atá idir lámha agaibh faoi láthair? Tá úrscéal nua Éilís Ní Dhuibhne, Cailíní Beaga Ghleann na mBláth, á phoibliú againn; tá eagar á chur ar leabhar faoi stair an mhúinteora in Éirinn le Caoimhe Martin; tá fadhbanna teicniúla a roinneann le foilsiú innéacs 500 leathanach don *Chlaidheamh Soluis *ar CD-ROM á réiteach; tá ábhar á sholáthar againn do thionscadal de chuid ITÉ (corpus Gaeilge), tá clúdaigh á ndearadh, tá ábhar breise á réiteach don suíomh gréasáin, srl. srl.
  6. An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Faighimid airgead ó Bhord na Leabhar Gaeilge agus ón gComhairle Ealaíon. Tá feabhas an-mhór tagtha ar na scéimeanna trína gcuirtear maoiniú ar fáil, ach ní cumarsáid aon-treoch a bhíonn ann; bíonn tionscal na foilsitheoireachta ag forbairt i gcónaí agus braithimid go bhfuil dualgas orainne mar fhoilsitheoirí deiseanna a chur ar a súile do na heagrais mhaoinithe.
  7. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach ag Cois Life? Tá. Tá roinnt bearnaí a bhí sa mhargadh líonta (Cuir Gaeilge Air *le hAntain Mac Lochlainn agus *Cruinnscríobh na Gaeilge *le Ciarán Mac Murchaidh, mar shamplaí) agus roinnt deiseanna nua cruthaithe. Chuir saothair le Maolmhaodhóg Ó Ruairc agus le Jim McCloskey go mór leis an díospóireacht faoi thodhchaí na Gaeilge, ceapaim agus tá “athléamh” ar stair na hAthbheochana tosaithe leis na himleabhair sa tsraith *Lúb ar Phár.
  8. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an gcomhlacht? Tá an comhlacht bunaithe ar shainscileanna eagarthóireachta agus táirgthe agus ar bhreithiúnas na stiúrthóirí i gcúrsaí coimisiúnaithe. Is gnách go mbíonn comhlachtaí beaga ag brath an iomarca ar láidreachtaí na mbunaitheoirí - agus sin í an phríomhlaige a bhaineann leo. Ní taise dúinne é, faraor.
  9. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Cois Life faoi cheann cúig bliana.

Go mbeidh Cois Life sa riocht go bhféadfadh sé leanúint ar aghaidh gan sinne. Go mbeidh ár gcuid leabhar le feiceáil go sonrach sna mórshiopaí leabhar i ngach cathair in Éirinn. Go mbeidh leabhair agus earraí curtha ar fáil againn a fhreastalóidh ar Ghaeilgeoirí de gach aois. Go bhforbrófar an suíomh s’againne, www.coislife.ie, tuilleadh mar fhoinse eolais agus faisnéise. Go mbeidh an comhaireamh níos cruinne agam.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go dtuigfeadh gach Éireannach gur leo féin an teanga agus go mbeadh an grá céanna acu di is atá acu don chuid eile dár n-oidhreacht.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.