AR NA SAOLTA SEO
Coir nó Cóir?
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Eascraíonn ceisteanna go leor as eachtra agóide Pussy Riot in ardeaglais Mhoscó. Bhí Ciara Nic Gabhann ag amharc isteach sa scéal.

Íomhá
Pussy Riot i gCearnóg na Deirge mí Eanáir
(le Denis Bochkarev ar Vicipéid)
Íomhá
Agóid 13 Bealtaine i Moscó i mbliana
(le Evgeniy Isaev ar Flickr)
Íomhá
Meitheamh i Moscó in aghaidh Putin
(le Evgeniy Isaev ar Flickr)
Íomhá
Ceann de na léirsithe in aghaidh Putin 12 Meith. i mbliana
(le Evgeniy Isaev ar Flickr)

Ciontaíodh triúr ball den bhanna feimineach punc Rúiseach, Pussy Riot, an mhí seo chaite as a bheith páirteach i ngníomh ‘amhasóireachta’ i bpríomh-ardeaglais Mhoscó. Tugadh breithiúnas géar orthu agus anois tá aird daoine ar fud an domhain dírithe ar rialtas Vladimir Putin, an gaol atá aige leis an Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach agus ar a laghad cead cainte atá ar fáil sa Rúis i láthair na huaire.

I mí Feabhra 2012, chuaigh baill den bhuíon Pussy Riot isteach in Ardeaglais Chríost an Slánaitheoir, gléasta i mbalaclavaí agus éadaí ildaite, chun taibhiú a dhéanamh ar phaidir punc dá gcuid féin, inar iarr siad ar an Mhaighdean Mhuire fán a chur ar Putin agus cosaint a dhéanamh ar chóras rialtais na tíre. Aithnítear an Mhaighdean mar naomhchosantóir na Rúise agus is mar gheall air seo a chreid an bhaicle go mbeadh buille ag baint lena bpaidir. Gabhadh triúr den ghrúpa agus cuireadh “amhasóireacht” ina leith – coir is deacair a shainmhíniú - agus tá na baill eile, a bhí páirteach san eachtra, imithe ar a seachaint.

Ghearr an breitheamh dhá bhliain charcrach ar Nadezhda Tolokonnikova (22), Maria Alyokhina (24) agus Yekaterina Samutsevich (30) as a n-agóid, a mhair 40 soicind agus dúradh leo, ‘gur diamhasla míofar a bhí ann a bheith ag mallachtú san eaglais’ agus go raibh siad ciontach as drochmheas agus fuath a tharraingt ar an Eaglais Cheartchreidmheach.

Míshásamh an Phobail

Ghoill gníomhartha seo na buíne go mór ar go leor de lucht leanúna na hEaglaise Ceartchreidmhí agus de réir meastúcháin, a rinne na taighdeoirí neamhspleácha, Levada, is léir go raibh níos lú ná 6% den phobal Rúiseach báúil lena raibh déanta ag na mná agus mhothaigh 51% den phobal neamhshuim, cantalachtfiú naimhdeas ina leith.

dearcadh eile áfach ag an pobal idirnaisiúnta agus tá an eachtra ag tarraingt airde ar an bhealach a gcaitear le heasaontóirí sa Rúis, rud atá cinnte ina ábhar míshuaimhnis ag rialtas Putin. Tá an tAontas Eorpach, Amnesty International, na Stáit Aontaithe chomh maith le tíortha eile, ealaíontóirí agus ceoltóirí naisiúnta agus idirnáisiúnta míshásta agus ag cur brú ar údarás na Rúise athbhreithniú a dhéanamh ar an chás. Bhí agóidí ar siúl i mórchathracha na hEorpa ó gabhadh an triúr agus tá an Eaglais Cheartchreidmheach féin, in ainneoin a dhéanaí atá sí, ag rá go mbeadh sí sásta maithiúnas a thabhairt do na mná.

Tá an tUachtarán Putin faoi bhrú a ardchumhacht a chur i bhfeidhm i dtír nach bhfuil chomh báúil leis níos mó ó thosaigh sé ar an tríú téarma mar Uachtarán ar an Rúis ar an 7 Bealtaine, ach tuigeann sé chomh maith an tábhacht a bhaineann le híomhá dhearfach a chruthú i measc lucht a cháinte. Bhí géilleadh éigin le cloisteáil ina ráiteas, sular gearradh príosún ar na mná, nuair a dúirt sé ‘nach raibh aon mhaitheas sa mhéid a rinne na mná, ach nár chóir caitheamh go róthrom leo’.

Caitheann na mná éadaí ildaite agus balaclavaí mar chomharthaí aitheantais agus lena n-aitheantas pearsanta féin a chosaint agus de réir bean amháin den bhuíon, cuidíonn na haghaidheanna fidil seo go síceolaíoch leo iad féin a dhéanamh níos láidre, ar nós sárlaoich cosúil le Batman nó Superwoman. Tá a n-íomhá i ndiaidh dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine ar fud an domhain, a gcaitheann go leor acu balaclavaí ildaite fosta mar chomharthaí tacaíochta.

Sean-nós Chúiseamh na hEalaíne

Is seanchleachtadh le fada i measc ealaíontóirí agus ceoltóirí a gceird a úsáid chun aird a tharraing ar éagóir agus ar mhí-úsáid údaráis ar nós ‘Anarchy in the UK’ leis na Sexpistols agus ‘Blowin’ in the wind’ le Bob Dylan, ‘A change is gonna come’, le Sam Cooke agus ‘O, Mo Bheirt Phailistíneach’ le Michael Davitt.

Rinne go leor leor daoine an tUachtarán a cháineadh go trom as an daoradh príosúin a gearradh ar na mná (an daoradh is lú don chineál sin coire i gcúirteanna na Rúise), rud a léiríonn, dar leo, an lámh láidir atá in úsáid ag an rialtas atá inchurtha le trialacha easaontóirí i ré dhorcha Shóivéideach na Rúise. Tá aird tarraingthe fosta ar an chlaonadh choimeádach atá ag an rialtas ó thaobh dúnghaoise de, ar nós dlíthe crua smachtúla in éadan homaighnéasach, dlíthe a dtacaíonn an Eaglais Cheartchreidmheach go mór leo.

Is fadhb mhór í nuair a bhíonn dlúthghaol idir stát agus eaglais, cosúil leis an ghaol atá idir Putin agus an Eaglais Cheartchreidmheach. Nuair a bhaintear leas as an ghaol seo, le hidé-eolaíochtaí smachtúla moráltachta agus polaitíochta a chur i bhfeidhm, fágann sin an Eaglais ag tacu le hollsmachtú stáit agus ag cruthú leithscéalta d’éagóracha polaitíochta.

An gníomh graosta drochmheasúil a bhí ar siúl ag Pussy Riot nuair a phléasc siad isteach in Ardeaglais Chriost an Slanaitheoir nó an é nach raibh siad ach ag iarraidh feoil a chur ar fhocail Íseáia 1:17? “Foghlaimígí an mhaith a dhéanamh, lorgaigí an rud cóir, cuirigí in éadan ansmachta, tugaigí a cheart don dílleachta, agraigí cúis na baintrí.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.