AR NA SAOLTA SEO
Coimeádaigh Cheanada ar ais sa diallait - go fóill beag
Pádraig Ó Siadhail Pádraig Ó Siadhail

Inseoidh an aimsir, a deir Pádraig Ó Siadhail, an mbeidh Stephen Harper, Príomh-Aire úr Cheanada, in ann fad a bhaint as a rialtas mionlaigh.

Íomhá
Príomh-Aire nua Cheanada, Stephen Harper
Íomhá
Stephen Harper agus a bhean chéile tar éis a bhua san olltoghchán
Íomhá
Parliament Cheanada in Ottawa

Ba chuma nó feachtas cogaíochta é, idir cogadh bréagach mhí na Nollag is seomraí cogaidh na bpáirtithe polaitiúla, idir bolscaireacht dhubh a gcomhlachtaí fógraíochta is beartaíocht chogaidh a lucht straitéise. Feachtas geimhridh a bhí ann fosta, rud a chuir iriseoirí míshásta ar leith nach raibh dúil acu san aimsir chrua ag meabhrú ar ar tharla do Bonaparte mí-ámharach ar an ród go Moscó dhá chéad bliain ó shin. Ach anois tar éis feachtas ocht seachtaine, tá olltoghchán Cheanada thart agus tig leis na gníomhaithe polaitíochta an t-arm faobhair is ansa leo, an BlackBerry, an gléas ilmheánach boise sin, a scaoileadh uathu, seal saoire a bheith acu, is ullmhú don chéad fheachtas eile.

Rialtas mionlaigh de chuid an Pháirtí Liobrálaigh a bhí ag Ceanada roimh an olltoghchán. Rialtas é sin nár mhair ach bliain go leith. Ceann mionlaigh de chuid an Pháirtí Choimeádaigh a bheidh aige anois ó tharla gur ghnóthaíodar 124 suíochán as na 308 suíochán i dTeach na Parlaiminte in Ottawa. Tá corradh le 100 feisire ag na Liobrálaigh, leathchéad ag an Bloc Québecois, agus 30 nach mór ag an NDP de chuid na heite clé. Ní heol d’aon duine cá fhad a fhanfaidh an Páirtí Coimeádach i mbun réime. Cheana féin, tá na tráchtairí polaitiúla ag caint ar olltoghchán eile a bheith ann roimh dheireadh 2007.

Gan aon agó, tá cúis mhaíte ag Stephen Harper, ceannaire an Pháirtí Choimeádaigh, as a bhfuil curtha i gcrích aige féin. Ba dhoiligh d’aon duine a shamhlú nuair a bunaíodh an Páirtí Coimeádach trí bliana ó shin go raibh ábhar príomhaire i Harper nó ábhar rialtais ina pháirtí féin. Bhí na Coimeádaigh Fhorásacha, seanpháirtí Brian Mulroney, agus an Chomhghuallaíocht Cheanadach, páirtí a raibh polasaithe de chuid na heite deise ar cheisteanna geilleagracha agus ar cheisteanna sóisialta aige, i ndiaidh dul i gcleamhnas le chéile. San am b’fhurasta don Pháirtí Liobrálach a chur ina luí ar an phobal gur cheart dóibh scanradh a bheith orthu roimh pholasaithe an Pháirtí Choimeádaigh ach gurbh fhéidir leis an phobal brath ar na Liobrálaigh chun cosaint a dhéanamh ar bhunluachanna ar nós an chórais sláinte phoiblí. Fiú amháin tar éis do Paul Martin teacht i gcomharbacht ar Jean Chrétien, ba í an tuairim choitianta í go mbuanódh Martin an greim a bhí ag na Liobrálaigh ar théada na cumhachta go ceann i bhfad eile. Ach anois tá Harper i ndiaidh an bata is an bóthar a thabhairt do na Liobrálaigh agus tá Martin le héirí as ceannaireacht an Pháirtí Liobrálaigh.

Sean-nath de chuid na polaitíochta is ea é nach mbaineann an freasúra an toghchán ach go gcailleann an rialtas é. Bhí na Liobrálaigh i mbun réime ar feadh breis is dosaen bliain. Ach le tamall anuas tá siad cráite ag scannal airgeadais a d’eascair as scéim urraíochta i Québec chun íomhá Cheanada a chur chun cinn agus an bonn a bhaint as an ghluaiseacht neamhspleáchais. Creideadh go forleathan gur mhithid athrú rialtais a bheith ann agus gur chóir go ngearrfaí pionós ar na Liobrálaigh. Ach — agus seo an rud a chinntigh nach mbeadh móramh glan ag na Coimeádaigh — táthar ann atá in amhras ar Harper, ar a pháirtí, agus ar a gcuid polasaithe. In ionad a míshásamh leis na Liobrálaigh a thaispeáint trí vótáil do na Coimeádaigh, b’fhearr le go leor daoine tacú leis an NDP, a bhain deich suíochán de bhreis ar a raibh acu cheana.

Bagairt ar chearta daonna

Duine meabhrach é Harper. Ach ní fear é a bhfuil an mianach ann ionannú leis an ghnáthdhuine nó a chomhbhá a roinnt leis. Nuair a leathann a gháire ar Harper, géaraíonn an bainne féin! Is é Alberta in iarthar na tíre a phríomhdhaingean cumhachta agus idé-eolaíochta agus is ann a bhí a cuid fréamhacha ag an Chomhghuallaíocht Cheanadach. Ba í an teachtaireacht bholscaireachta ba dhuibhe a bhí ag na Liobrálaigh ná gur dhream iad Harper agus an eite dheas atá ag bagairt ar chearta daonna trí shrian a chur le saoirse mhná a hintinn féin a dhéanamh suas faoi ghinmhilleadh agus trí cheist cead pósta a bheith ag lánúineacha aeracha a athoscailt. Sin, agus gurbh é George Bush ba mhó a dtaitneodh bua Harper leis. Má chaitheann tú go leor cloch thar chlaí, cniogfaidh tú duine éigin sa cheann luath ná mall …

sciathán bunaidh taobh istigh den Pháirtí Coimeádach agus de pháirtí parlaiminte Harper féin agus ní fada go mbeidh siadsan ag cur crua air a gclár oibre a chur chun cinn. Ach ó tharla nach bhfuil móramh aige, beidh ar Harper dul i gcomhairle leis na páirtithe eile sula dtógfaidh sé aon chinneadh conspóideach, baineadh sé sin le cúrsaí sóisialta, cúrsaí geilleagracha nó an comhshaol. Tacóidh páirtithe eile leis má chuireann sé reachtaíocht a n-aontaíonn siadsan léi faoi bhráid na Parlaiminte.

Deir Harper go bhfuil faoi an córas parlaiminte féin a leasú: má fhéachann sé le hionadaíocht chionmhar a thabhairt isteach, seasfaidh an NDP leis. Ach má fhéachann sé lena chomhairle féin a dhéanamh, ní fada go mbeidh a phort seinnte. Mar shampla, is airteagal de chuid an Pháirtí Coimeádaigh é go bhfuil siad le droim láimhe a thabhairt le spriocanna Phrótacal Kyoto agus teacht ar réiteach Ceanadach. Airteagal é sin a fhóireann do chraos agus do bhrabach lucht an tionscail ola agus gáis in Alberta. Ach tá gach páirtí polaitiúil eile go mór i bhfabhar Kyoto. Beidh a chuid comhairleoirí ag tathant ar Harper bealach an chomhréitigh a leanúint – ar a laghad go dtí go mbeidh deis aige olltoghchán eile a ghairm agus an móramh sin a lorg amach anseo. Rogha í sin a chuirfeadh olc ar an sciathán bunaidh ina pháirtí. Inseoidh an aimsir is an t-athrú aeráide féin an pragmatach nó idé-eolaí é Stephen Harper.

Tá sé sa tairngreacht go mbeidh toradh maith ar na Sméara Dubha an bhliain seo chugainn.

Is ollamh comhalta leis an Léann Éireannach in Ollscoil Naomh Muire i Halifax na hAlban Nua é Pádraig Ó Siadhail. Is é *Idir Dhá Thír: Sceitsí ó Cheanada (Lagan Press, Béal Feirste, 2005) an leabhar is déanaí leis.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.