AR NA SAOLTA SEO
Cogar mé seo Leat
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Tá a mhac ag foghlaim agus ag idirdhealú fuaimneanna faoi láthair agus is tráthúil ag Colm Ó Snodaigh mar sin lán na cluaise d’alt ar fhoglaim na fuaime sa leanbh a roinnt linn.

Tá mo mhac nuashaolaithe, trí mhí d’aois, ina luí ar an leaba in aice liom agus mé ag obair ar amhrán nua. Tá sé chomh beag. Tá sé chomh leochaileach, soineanta. Tá a aghaidh chomh síochánta - anois agus é ina chodladh!

Dúisíonn sé, go tobann, ach níl gíog as. Leathann a shúile gorma. Stánann sé orm go cúramach. An bhfuil sé ag éisteacht? Cad a chloiseann sé? An dtuigeann sé cad is ceol ann? An dtuigeann sé gurb é a dheaidí atá ag canadh - an gceapann sé go bhfuil a dheaidí ag canadh ar nós an phréacháin nó ar nós aingil!?

Deirtear go dtagann éisteacht chuig leanbh san ochtúi mbroinn na máthar. A cuisle a chloiseann sé ar dtús agus an slupar slapar de leachtanna na colainne a ghluaiseann i dtimthriall chasta ionainn, gach nóiméad den lá. Níos déanaí tríd an leacht aimníneach, ina bhfuil sé ag snámh, cloiseann sé fothram lasmuigh de chorp a máthar, ach, níl na fuaimeanna soiléir (mar a chloiseann muidne fuaimeanna) - samhlaigh comhrá a éisteacht trí adhairt.

Breathnaím ar chluais mo linbh agus samhlaím m’amhrán ag dul isteach ina chluais. Ar an gcéad dul síos, is gá don fhuaim (colúin aeir ar creathadh) ón ngiotár agus an guth taisteal chuig an bpinneog (pinna L.) – is é sin, an chluas seachtrach - an dá ‘ó’ aite (mar a bhí ar Labhraidh Loingseach!) atá crochta ar dhá thaobh ár gcinn. Níl aon dá phinneog dhaonna mar a gcéanna, ach tá an fheidhm cheannann chéanna acu - minicíochtaí áirithe a threisiú agus minicíochtaí eile a mhaolú. Tarlaíonn seo trí phróiseas preabadh agus frithchaitheamh i bpluaiseanna agus feadáin na pinneoige agus an fhuaim ag déanamh iarrachta poll na cluaise a shroichint. Minicíochtaí an ghutha dhaonna don chuid is mó a mhéadaítear.

Siosarnach i Síoda an Tráthnóna

Téann an fhuaim as sin trí thollán gairid, fithis na céarach, chuig an tiompán – is é sin, druma na cluaise. Buaileann gach aon chineál fuaime an tiompán - ó chogar go fothrom, ó shioscarnach duilleog i leoithne gaoithe go screadaíl linbh. Níl ann ach dromchla ríbheag (cúpla miliméadar cearnach), ríthanaí, teann, a bhfuil ar a acmhainn glacadh le gach giota fuaime, bíodh sé ciúin nó glórach agus a sheoladh ar aghaidh chuig cuas beag ina bhfuil trí chnámh bídeach - an casúirín, an inneoin agus an stíoróip - atá ag teagmháil lena chéile. Cothaítear pátrúin minicíochta ana-chasta idir na trí chnámh seo a phróiseáiltear níos mó agus níos mó agus an fhuaim ag gluaiseacht ó chnámh go cnámh i dtreo na cochla sa chluais inmhéanach. Tá matáin ana-bheaga ag rialú na dtrí chnámh agus má thagann fuaim ró-ard a fhad leis na cnámha seo, crapfaidh na matáin leis na cnámha a tharraingt siar ón dtiompán mar chosaint dúinn ionas nach mbodharófar sinn. Ach thar thréimhsí fada, lagaíonn na matáin agus ní bhíonn an chosaint chéanna ar fáil - sin an fáth go mbíonn ceoltóirí rac nó daoine a bhíonn ag obair le fothram ard, ar feadh sealanna fada ama, bodhar! Cad a dúirt tú?

Foghlaim na Fuaime

Tá an chochla (= an Laidin ar ‘seilmide’ mar gheall ar a cruth) lonnaithe go domhain sa bhlaosc, sa chnámh is dlúithe sa cholainn ar fad - cnámh na huisinne - cnámh a dhéanann córas casta na cochla a chosaint. Tá leacht tiubh sa chochla agus ar a hurlár tá structúr ilchasta, ar a ghlaotar Orgán Corti, leis na mílte mionghuairí, ribí gruaige a ‘léann’, nó a bhaineann adhmad as an minicíocht chasta, phróiseáilte. Corraíonn an fhuaim, a thagann ón dtrí chnámh, an leacht, a lúbann na ribí, a ghineann splancanna sna lioganna atá faoina mbun ag an fhuinneog chearclach. Seoltar na splancanna ar aghaidh ó na cealla ar an liog éisteachta chuig stoc na hinchinne ar dtús agus ansin chuig an dá mhaothán tosaigh go réimse na haigneolaíochta agus na mothúchán, mar a ndéantar, idirdhealú idir ding agus dong, idir um agus am, idir glisiam agus fothram, idir sioscadh síoda taobh leat agus tuairt bhodhar agus ar ndóigh, idir drochcheol agus dea-cheol!

In intinn an linbh óig, is nua gach fuaim agus mar sin bíonn stoc na hinchinne ag obair an-chrua leis na fuaimeanna nua uilig a rangú, a stóráil agus ord agus eagar slachtmhar a chur orthu le go n-aithneofaí na fuaimeanna chéanna nó fuaimeanna atá cosúil leo níos déanaí.

Ní thuigeann leanaí fíoróga an ceol. Níl siad ábalta breithiúnas a dhéanamh ar cheol mar nach bhfuil go leor fuaimeanna cloiste acu. Agus mar sin níl a fhios agam cén fáth go bhfuilim ag súil le comhartha éigin ón leanbhín beag seo go n-aithníonn sé cad tá ar bun. Tá meangadh ar a aghaidh agus é ag baint taitnimh as an aird atá mé ag tabhairt air agus ar feadh cúpla bliain, ní dhéanfaidh sé aon dath difríochta dó an mar phréachán nó mar aingeal a chanfaidh mé!!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.