Chonaic Robert McMillen dhá bhandia, as aois an chré-umha agus aois an iarainn, ag streachailt in aghaidh a chéile ar ardmhá intinn an phobail an mhí seo chuaigh thart.
Caithfidh mé a admháil gur bhuail taom mórtas cine mé nuair a chonaic mé na litreacha ollmhóra ar an Sliabh Dubh os cionn Bhéal Feirste an tseachtain seo caite."Ériu is our Queen" a bhí scríofa agus bratach trídhathach thíos faoi.
Is minic mé ar an tsliabh chéanna, ag baint suilt as an aer úr glan agus as íocshláinte an dúlra. Is breá liom na radharcanna galánta de na Beanna Boirche i bhfad uaim nó de thuaisceart Aontroma sa treo eile, nó de Bheann Mhadagáin, tírdhreach a cruthaíodh “sula dtáinig blianta nó laetha chun an tsaoil as broinn chian cheoch na haimsire,” mar a scríobh Séamus Mac Grianna faoi Ghaeltacht Thír Chonaill in An Druma Mór.
Meabhraím ar na chéad daoine a leag cos sa taobh seo agus ar chuir a áilleacht faoi dhraíocht iad an oiread sin gur fhan siad ann agus thóg clann ann. Tá iarsmaí sna cnoic thart ar Bhéal Feirste a théann siar go dtí an tréimhse neoiliteach, i ndiaidh d’fheirmeoirí teacht as Albain le cur fúthu in Éirinn idir 4500 – 2500 RC. Mothaím caidreamh iontach leo agus mé ag siúl ar na cnoic seo ainneoin na mílte bliain a bheith ár scaradh. Is iad mo shinsir iad, mo chomharsana ó thaobh na tíreolaíochta de dá scoiteacht ó thaobh ama is atá muid.
Ní fios na deasghnátha a chleacht siad anseo ar an iargúil, cén teanga a labhair siad, ná cén creideamh a bhí acu. Arbh í Ériu a mbanríon? Cá bhfios ach mothaím go láidir an nasc sin idir mo cheantar dúchais inniu agus bunadh na háite san aimsir anallód. Níor briseadh an nasc sin i 1921.
Finné ar Riasc an Choimheascair
Thíos fúm, tá Béal Feirste agus an sliabh ar a bhfuil mé mar fhinné ar an stair - chonaic sé fás an bhaile ó bhí sé ina “dismal swamp” go dtí an baile mór tionsclaíoch ina raibh cuid de na monarchana ba mhó ar domhan, tráth. D’amharc an Sliabh Dubh anuas ar na dúnmharaithe, na buamaí, na racáin, na mórshiúlta conspóideacha - agus ar an spraoi, an charthanacht agus ar an mhisneach.
Ar ndóigh, ní raibh gach duine sásta faoi Ériu ársa agus ná faoina bratach nuachumtha thrídhathach a cuireadh in airde le “fáilte” a chur roimh Bhanríon Shasana, Eilís II, a bhí ar cuairt ar na Sé Chontae le 60 bliain a réime a cheiliúradh. Rinne scaifte dílseoirí ionsaí ar an bhuíon a chuir an mana agus an bhratach in airde le casúir agus le hairm eile i mionchogadh gairid an dá Bhanríon, ach tá cosúlachtaí idir an bheirt bhan ríoga seo. Is iad a dtíortha ionchollaithe an bheirt acu, cothaíonn siad dílseacht as an ghnáth agus tá finscéalta ag baint leo araon.
Ní luaitear go minic gur de shliocht na Gearmáine a shíolraíonn clann ríoga na Sasana, dálta clanna ríoga eile ar mhór-roinn na hEorpa. Phós Victoria a ‘col cheathair’ Albert i 1840 agus de mhuintir Saxe-Coburg an bheirt acu. Eilís II féin, tá sise gaolta lena fear cheile. Is é Prince Philip a col ochtair trí Queen Victoria, gan trácht ar an bheirt acu a bheith ina gcol seachtair fosta trí ríshliocht na Danmhairge! Tá finscéal eile a bhaineann le Naitsithe, le dúnmharú Diana, le hairgead agus go leor eile ceangailte leis na Windsors (d’athraigh siad an t-ainm ó Saxe-Coburg Gotha i 1917) ach ní luaitear sin i lúib na galántachta.
Teagmhas Stairiúil
Dé Céadaoin, chroith Eilís II lámh le Martin McGuinness, LeasChéad Aire ó thuaidh agus iarcheannaire an IRA, in Amharclann an Lyric i mBéal Feirste. Tháinig díle an lá dár gcionn ach ní cionn is go raibh bandia poblachtánach nó dia Sasanach míshásta ach mar thoradh ar an téamh domhanda is dócha. Mar theagmhas stairiúil, níor bhain an croitheadh sé mheandar geit as daoine a bhfuil deacrachtaí airgeadais agus teaghlaigh ag déanamh tinnis dóibh níos mó ná an ghothaíocht seo.
Bainfidh an dá mhórdhream polaitíochta feidhm as an eachtra ar a son féin, poblachtánaithe níos mó ná Aontachtaithe a fheicfidh an croitheadh láimhe mar aitheantas bhunaíocht Shasana ar “dhlistineacht na streachailte armtha.” Sílim féin go bhfuil sé sin róláidir ach is cinnte gur bhua do phoblachtánaithe a bhí ann - ina n-ainneoin féin.
Dúirt McGuinness roimh an choinne le Banríon Shasana, mar a thug sé uirthi, go raibh sé ag croitheadh láimhe le gach Aontachtaí ó thuaidh ag an am chéanna agus is léir go bhfuil dúnghaois “hearts and minds” Shinn Féin le haontachtaithe a spreagadh i dtreo Éire Aontaithe ag dul i dtreis.
Sin ráite, chuaigh McGuinness – a bhfuil go leor miotas, i bhfách agus in éadan, faoi – go Teach Parlaiminte na Breataine an lá dár gcionn, le cur in iúl d’fheisirí thall go raibh Sasain mar rannpháirtí sa chomhrac ó thuaidh agus nach “réiteoirí neodracha” a bhí iontu. Beidh sé suimiúil cad é tharlóidh as seo amach agus an chuma ar an scéal go bhfuil David Cameron ina chodladh maidir le cúrsaí Thuaisceart Éireann.