AR NA SAOLTA SEO
Cogadh mínaofa i gcoinne an daonlathais

an-dochar déanta ag an Oirmhinneach Sun Myung Moon agus a lucht leanúna don daonlathas ar fud an domhain le caoga bliain anuas, dar le Maidhc Ó Cathail.

Íomhá
An tOirmhinneach Sun Myung Moon
Íomhá
Bo Hi Pak ag bualadh leis an Uachtarán Ronald Reagan
Íomhá
George HW Bush: maoiniú faighte aige ón Oirmhinneach Moon

eolas maith ag daoine ar Eaglais Aontaithe an Oirmhinnigh Sun Myung Moon mar gheall ar na póstaí ollmhóra ina mbíonn daoine páirteach nach bhfuil aithne dá laghad acu ar a chéile. Níl a fhios ag mórán daoine, áfach, faoi thábhacht pholaitiúil na heaglaise céanna. Le beagnach 50 bliain anuas, is amhlaidh go bhfuil páirt lárnach glactha ag lucht leanúna Moon i gcogadh mínaofa na heite deise i gcoinne an daonlathais.

Rugadh Sun Myung Moon i 1920 sa Chóiré, áit a bhí faoi riail na Seapánach ag an am. Rinne Moon teagmháil le boic mhóra na heite deise sa tSeapáin go luath sna seascaidí, nuair a chuir bunaitheoir CIA na Cóiré (KCIA), Kim Jong-Pil, é in aithne do Yoshio Kodama agus Ryoichi Sasakawa – beirt choirpeach cogaidh agus máistrí yakuza a thosaigh ag obair do CIA na Stát Aontaithe (SAM) i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Go luath i ndiaidh an chruinnithe seo, d’iompaigh 50 ceannaire de chuid seicte Búdaíche Seapánaí a bhí fíornáisiúnach go creideamh Moon.

Ach cén fáth go raibh suim ag brathadóirí agus coirpigh in eaglais Moon? Is cosúil gur thosaigh cuid de Sheirbhís Shicréideach SAM ag plé le coiriúlacht, drugaí ina measc, agus iad in ainm is a bheith ag troid an Chogaidh Fhuair. Bhí baint mhór ag Moon leis an ngréasán rúnda seo.

Sa bhliain 1966, cuireadh Conradh Frith-Chumannach Domhanda ar bun. Bhí páirt mhór ag Moon i mbunú an Chonartha, i dteannta le Kodama, Sasakawa, agus deachtóirí na Cóiré Theas agus na Téaváine. Ach bhí maoiniú ceilte SAM taobh thiar de, dar le Inside the League, leabhar a scríobh Scott agus Jon Lee Anderson faoin gConradh. Sa Chonradh tháinig polaiteoirí agus fir ghnó choimeádacha le chéile le Naitsithe agus Faisistithe an domhain.

Bhí an Conradh an-ghníomhach i Meiriceá Theas, áit a raibh na mílte ag iarraidh éalú ón mbochtanas uafásach. Ach de réir na huasaicme áitiúla agus SAM, ba chumannachas a bhí in éilimh na mbochtán saol níos fearr a bhaint amach. Dá bhrí sin, cuireadh deachtóireacht mhíleata in ionad rialtais dhaonlathaigh ar bith a bhí báúil leis na boicht i dtír i ndiaidh tíre, ag tosú leis an mBrasaíl i 1964.

Tiarnaí drugaíNuair a cuireadh rialtas na Bolaive as cumhacht i 1980, tugadh an “Cocaine Coup” air mar gheall ar an bpáirt lárnach a bhí ag tiarnaí drugaí na tíre ann. D’imir muintir Moon páirt thábhachtach ann chomh maith. Ba bhaill de CAUSA, eagraíocht fhrithchumannach eile de chuid Moon, ceannairí na réabhlóide. Anuas air sin, bhí Bo Hi Pak, giolla gualainne Moon agus iaroifigeach de chuid KCIA, ar na daoine is túisce a rinne comhghairdeas leis an rialtas nua, rialtas ar gheall aire dá chuid go mbáfaidís teorainneacha Mheiriceá le drugaí. Agus d’éirigh leo é sin a dhéanamh. Ba é rialtas nua na Bolaive a chuir tús le haicíd an chócaoin sna Stáit Aontaithe, dar le Michael Levine, iaroifigeach de chuid DEA agus údar The Big White Lie. Mhaígh Levine chomh maith gurbh é an CIA a spreag agus a thacaigh leis an rud uilig.

Thart faoin am seo, agus bagairt na Sóivéadach ag dul i léig, thosaigh rialtas Reagan-Bush ag teacht i dtír ar bhagairt na sceimhlitheoireachta támhshuanaí. Bhí leithscéal nua ó SAM le rialtas den eite chlé ar nós na Sandanistas i Nicearagua a dhíbirt. Cuireadh mangaireacht drugaí i leith na Sandanistas, ainneoin gurb iad laochra Reagan, na Contras, na ceannaithe drugaí ba mhó ag an am – a bhuíochas sin ar lámh chúnta an CIA ar ndóigh. Thuirling na scairdeitleáin agus airm ar bord do na Contras, agus d’imigh siad leo arís líonta le cócaon, ag triall ar chathracha na Stát Aontaithe.

Dá mbeadh a fhios ag pobal Meiriceá faoi choiriúlacht na Contras, a raibh Reagan á moladh mar throdaithe na saoirse, chuirfeadh sé isteach go mór ar an oibríocht. Níor mhór don rialtas dul i muinín Moon arís. Chuir eagraíocht Moon brú mór ar aon oifigeach rialtais nó iriseoir a rinne iarracht an chuid seo de scannal na hIaráine-Contra a fhiosrú.

Le dallamullóg a chur ar an bpobal, ba mhór an chabhair é nuachtán de chuid Moon, The Washington Times. Níl ann i ndáiríre ach foilseachán bolscaireachta na heite deise. Mar sin féin, d’éirigh go maith leis ar feadh na mblianta an díospóireacht pholaitiúil a bhogadh níos faide i dtreo na heite deise. Tugann sé tacaíocht láidir i gcónaí don chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta – an leithscéal is déanaí le tír bhocht a ionsaí ar son na gcorparáidí móra.

Níl an bholscaireacht saor ach oiread. Ceaptar go bhfuil Moon tar éis $3 bhilliún a chaitheamh ar an Times le 25 bliain anuas. Rud a chaitheann amhras mór ar fhoinse airgid Moon.

Maoiniú flaithiúilTá go leor daoine ar an eite dheis a bhfuil maoiniú flaithiúil faighte acu ó Moon, muintir Bush ina measc. Is iomaí uair a labhair iarstiúrthóir an CIA George HW Bush agus a bhean, Barbara, ag ócáidí a d’eagraigh Moon ar fud na cruinne. Deirtear go bhfuair Bush suas le $10 milliún as a chuid oibre ar son Moon, chomh maith le tacaíocht láidir dá uachtaránacht, agus d’uachtaránacht a mhic chomh maith. Ainneoin go ndúirt Moon go raibh sé mar sprioc aige rialtas agus muintir SAM a chur faoina smacht, is cosúil nár chuir dearcadh frithdhaonlathach Moon isteach ar bhealach ar bith ar cheachtar den bheirt uachtarán.

Críostaithe den eite dheis go mór faoi chomaoin ag airgead Moon chomh maith. Fuair soiscéalaithe ar nós Jerry Falwell agus Tim La Haye – a chum an tsraith Left Behind a scaipeann coincheap an “Rapture” i measc Chríostaithe sna Stáit Aontaithe – na milliúin ó Moon, cé go bhfuil teagasc an Chóiréigh ag teacht salach ar an teagasc Críostaí. Tá sé maíte ag Moon, mar shampla, gurb eisean an Meisias a d’fhill chun misean Íosa a chur i gcrích. Dar le Moon, theip ar Íosa mar nár éirigh Leis an cine daonna a íonú trí pháistí a bheith Aige. Ach is cosúil gur cuma le leithéidí Falwell agus La Haye cárb as a dtagann a gcuid airgid.

Ní móide, áfach, go mbainfidh Moon amach an sprioc is ansa leis: an domhan go léir a bheith faoina riail dhiaga. Dá ainneoin sin, is mór an dochar atá déanta cheana féin ag Moon agus a chomhghleacaithe ar an eite dheis don daonlathas ar fud an domhain. Agus dá mbeadh éigeandáil gheilleagrach ann amach anseo, cá bhfios go ndéanfadh meisias bréagach eile níos mó dochair fós.

Is as Cloch Shiurdáin, Contae Thiobraid Árann é Maidhc Ó Cathail ach tá sé ina chónaí sa tSeapáin anois, áit a bhfuil sé ag obair mar léachtóir ollscoile agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.