AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Cogadh agus athchogadh
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Le gairid, chaith Brian Ó Broin cúpla lá in Gettysburg, an áit ar maraíodh na mílte thar tréimhse cúpla lá in 1863, Éireannaigh ina measc.

Íomhá
Grianghraf: Brian Ó Broin
Íomhá
Grianghraf: Brian Ó Broin
Íomhá
An Ginearál Lee
Íomhá
Dealbh de William Corby Grianghraf: Brian Ó Broin

Is iad an t-éirí amach in aghaidh Shasana i 1776 agus an cogadh cathartha idir 1861 agus 1865 an dá chogadh is mó a troideadh i Meiriceá féin. Múnla is ea an t-éirí amach do nach mór gach

réabhlóid náisiúnta ó shin i leith, ach cad mar gheall ar an gcogadh cathartha? Cén rian a d’fhág sin ar Mheiriceá? Thugamar cuairt ar Gettysburg, láthair an chatha ab fhuiltí den chogadh sin, chun níos mó a fhoghlaim faoin gcogadh agus faoin eachtra féin.

Samhlaíonn go leor gur thit cogadh cathartha Mheiriceá amach sna stáit dheisceartacha den chuid is mó, ach déantar dearmad gur tharla cathanna sa tuaisceart freisin. Go deimhin, d’éirigh le harm an Deiscirt, faoi stiúir an Ghinearáil cháiliúil Robert E. Lee, ionruathar a dhéanamh faoi dhó isteach sa Tuaisceart, uair amháin i Maryland in 1862, agus an dara huair in Pennsylvania in 1863. Ba é cath Gettysburg idir an 1 agus 3 Iúil 1863 buaicphointe na Frithchónaidhme ach, tar éis na mílte fear a chailliúint sa chath, b’éigean dóibh cúlú ar ais ó dheas. B’in, de réir mar a insítear an scéal, tús dheireadh na Frithchónaidhme sa chogadh.

Shocraíomar saol an tsaighdiúra a thriail ar feadh cúpla lá; thugamar puball linn agus chuir fúinn i bpáirc stáit in aice láimhe. Más ea, ámh, thuigeamar ar an gcéad lá nárbh fhéidir linn blár an chatha a shiúl mar shaighdiúirí, agus é 3,000 acra ar mhéid. Shocraíomar an blár a thiomáint mar sin agus cheannaíomar dlúthdhiosca chun sinn a threorú tríd.

Ní rabhamar ag súil le hatmaisféar an champa airm ar an láthair champála, ach dar fia, cé a shiúil tharainn agus sinn ag fadú na tine ach buíon saighdiúirí gléasta in éide Arm na hAontachta. Is é sin, arm na hAontachta mar a bhí in 1863.

Taibhsí?

“Muise,” arsa duine acu liom go magúil, “táir ag déanamh praiseach den tine. Cén reisimint inár fhoghlaim tú sin?”

Ar ndóigh, níor shaighdiúirí ná taibhsí iad, ach athachtóirí ag tabhairt cuairte ar an mblár, dála sinn féin.

Cleachtas ollmhór i Meiriceá is ea an t-atheachtú. Bíonn na mílte duine, fir a bhformhór, ag taisteal ó bhlár go blár i rith na bliana agus ag atroid na gcathanna éagsúla fud fad na tíre. Ní hé an cogadh cathartha amháin a athchruthaítear ach oiread, ach an Réabhlóid, Cogadh 1812, agus an iliomad rudaí eile.

Tionscal mór atá san atheachtú freisin agus íocann daoine na mílte dollar ar iarsmaí barántúla chun cur lena mbailiúcháin. Ceanglaíonn siad iad féin le reisimintí agus aonaid éagsúla, ag tarraingt shaol saighdiúra ó thréimhse éigin orthu féin, nuair nach bhfuil siad ag obair. Thar na trí lá a chaitheamar i bhfoisceacht an bhláir, chonaiceamar scórtha de na daoine seo ag máirseáil, ag campáil, ag druileáil, agus ag déanamh gach rud eile a dhéanadh an gnáthshaighdiúir aimsir an chogaidh chathartha. Ghlacamar go spórtúil le magadh na “saighdiúirí” seo, a bhí ag campáil in aice linn.

Tionscal na turasóireachta

2,500 a bhí ina gcónaí in Gettysburg aimsir an chatha, agus 7,500 atá ann anois, a bhformhór ag obair i dtionscal na turasóireachta. I ndomhnach, tá an baile féin athraithe a laghad sin gur féidir cuid mhaith poll a rinne airtléire agus gunnaí an chatha a fheiceáil i bhfoirgintí an bhaile go fóill.

Níor bhlár mar a shamhlódh Éireannach é, mar sin, an blár seo, ach ceann a bhfuil baile sách mór ina lár, agus bóithre ag teacht isteach ann ó gach treo. I ndáiríre, b’in an fáth gur thit an cath amach in Gettysburg – b’fhurasta na saighdiúirí a mháirseáil ann ar na seacht mbóthar mhóra a tháinig isteach go dtí an baile.

Thosaigh an cath cúpla céad méadar siar ó thuaidh ó bhaile Gettysburg ar an 1 Iúil 1863, agus faoi dheireadh an chatha bhí na Frithchónaidhmithe tar éis arm na hAontachta a bhrú soir ó dheas an bealach ar fad tríd an mbaile agus amach an taobh eile. Más ea, ámh, chailleadar iliomad saighdiúirí, agus níorbh fhéidir le harm Lee an baile a choimeád. B’éigean dó an baile a fhágáil ar an 4 Iúil agus cúlú ar ais go Virginia.

Tógadh ionad léirithe mór in aice lár an bhaile le déanaí ina bhfuil músaem agus seomraí taispeántais. B’oscailt súl dúinn na grianghraif a fheiceáil den athaontú deireanach d’iarshaighdiúirí de chuid an chatha i 1938. Ba é 93 meánaois na seansaighdiúirí agus bhí duine amháin acu 112 bliain d’aois!

Tá 16 stop oifigiúla ar thuras an bhláir, iad marcáilte go soiléir le comharthaí bóthair, agus gach ceann plódaithe le carranna agus busanna. Go deimhin, d’fhéadfá stopadh in aon áit ar an mblár agus d’fheicfeá rud éigin suimiúil. Tá corradh agus 1,600 leacht cuimhneacháin ar an mblár i gcuimhne stát, reisimintí, oifigeach, agus pé rud eile gur féidir leat smaoineamh air. Dúirt an dlúthdhiosca go dtógfadh an turas dhá uair an chloig, ach thóg sé breis is cúig huaire an chloig orainn, sinn ag stopadh anseo agus ansiúd chun na leachtanna a léamh agus tuiscint níos fearr a fháil ar an gcath.

I mí na Bealtaine 1863, agus an cogadh faoi lán seoil, chinn an Ginearál Lee ar Arm Thuaisceart Virginia a mháirseáil ó thuaidh agus brú a chur ar an Tuaisceart éirí as an gcogadh. Ba iad na cathracha móra, dála Harrisburg agus Philadelphia, a sprioc. Bhí tábhacht faoi leith ag baint leis an bhfeachtas seo agus an cogadh ar siúl le dhá bhliain anois. Cé gur éirigh leis an Tuaisceart tailte áirithe de chuid na stát scartha a ghabháil, ní raibh an Fhrithchónaidhm ag titim as a chéile mar a tuaradh.

Bhí dearcadh an Tuaiscirt ag athrú diaidh ar ndiaidh, agus ba é tuairim Lee go n-éireodh an Tuaisceart as a gcogadh ar fad dá bhféadfaí taispeáint go raibh misneach ag an Deisceart go fóill. Mar sin, ar feadh dhá mhí lean a arm ar aghaidh ó thuaidh, ag teacht i gcóngar cúpla míle do Harrisburg féin sular chasadar ar ais ó dheas. I ndiaidh an airm seo bhí arm na hAontachta faoi cheannas an Ghinearáil Joseph Hooker. Nuair a chas arm Lee ar ais ó dheas, stop Hooker in Gettysburg. Ní raibh an dara rogha ag Lee ach dul i ngleic le Hooker nuair a chas an dá arm ar a chéile ar an 30 Meitheamh.

Ní gá dul isteach go rómhion sa scéal. Chóirigh Hooker (agus a chomharba don chath féin, an Ginearál George Meade) línte a airm i leathchiorcal soir ó thuaidh ón mbaile féin, agus thar trí lá bhrúigh arm Lee an leathchiorcal sin soir ó dheas, tríd an mbaile agus amach ar an taobh eile. Ar páipéar, tá an chuma ar an scéal gur ag Lee a bhí an bua, ach níorbh ea. Bhí níos mó saighdiúirí ag arm na hAontachta, agus bhíodar armtha níb fearr.

Ar thríú lá an chatha, chaill arm Lee na mílte i ruathar ollmhór (a dtugtar “Pickett’s Charge” anois air, i gcuimhne an Ghinearáil a bhí i gceannas air). Thógadar an cnoc a bhí mar sprioc acu, ach gan saighdiúirí chun é a choimeád, chailleadar arís láithreach é, agus brúdh ar ais iad. Ar an 4 Iúil, mháirseáil arm Lee amach agus d’fhill ar an deisceart. Níor léir ag an am chomh tubaisteach is a bhí an cath don Deisceart, ach le harm Lee, an ginearál ab fhearr sa Deisceart, deachaithe, chaill an Fhrithchónaidhm an-chuid cumhachta, agus ní raibh i ndán dóibh as sin amach ach cúlú.

Campaí beaga

I ngach áit ar an mblár bhí campaí beaga de chuid na n-athachtóirí, iad, den chuid is mó, ag míniú shaol shaighdiúir an ama do thurasóirí fiosracha. Shiúlas timpeall ceann de na campaí seo, agus dheineas iontas de chomh barántúil is a bhí siad. Cártaí imeartha ón am, plátaí agus sceanra ón am, pubaill déanta díreach mar a dhéantaí iad ag an am. Bhí trumpa ar chromán duine acu, agus d’iarras air é a shéideadh, ach d’admhaigh sé, agus náire air, nach raibh sé in ann é a chasadh.

“Ach tá mé ag foghlaim,” arsa sé. “Tar ar ais an bhliain seo chugainn!”

Scríobh mé cúpla mí ó shin faoi bhriogáid na nÉireannach, The Fighting 69th as Nua-Eabhrac, a mháirseálann go fóill i dtosach mhórshiúl Lá Fhéile Pádraig i Nua-Eabhrac. B’iontach dom chomh snasta is a bhí a leacht cuimhneacháin - cros Cheilteach ollmhór agus cú faoil ina luí ag a bun. Throid an bhriogáid seo go láidir i rith an chogaidh, agus scriosadh iad, beagnach ar fad. Cé gur thosaíodar le 2,500 fear in 1861, ní raibh fágtha sa bhriogáid ach 530 nuair a thosaigh Cath Gettysburg.

Faraor, cuireadh chun troda iad sa pháirc ab fhuiltí ar an mblár, an “Wheatfield”, siar ó dheas ó bhaile Gettysburg, agus chailleadar 200 eile ar dhara lá an chatha. “Guairneán an bháis” a baisteadh ar an bpáirc sin i ndiaidh an chatha, agus tar éis an chogaidh, tugadh ómós ar leith do shaighdiúirí a throid inti. Nuair a tháinig nuacht an chatha ar ais go Nua-Eabhrac, bhris círéibeacha amach, go háirithe nuair a tugadh le fios go gcoinscríobhfaí daoine as sin amach. Éireannaigh ab ea formhór na ndaoine a cúisíodh as na círéibeacha, agus leis an slad a rinneadh ar an Fighting 69th, thuigfeá dóibh.

Tá leacht eile a gcuirfeadh Éireannaigh suim ann freisin - an t-aon dealbh de dhuine ar an mblár nár ghinearál é: an tAthair William Corby, de bhunadh Éireannach, agus séiplíneach na briogáide Éireannaí. Sula ndeachaigh na saighdiúirí Éireannacha isteach sa Wheatfield, thug sé aspalóid ghinearálta don bhriogáid uilig, ag rá leo, ámh, go ndamnófaí éinne a mharófaí agus é ag rith ón mblár. I ndiaidh an chatha, rinneadh uachtarán (faoi dhó) ar ollscoil Notre Dame den Athair Corby, agus deirtear gur mar gheall ar a thaithí leis an Fighting 69th in Gettysburg a thugtar “the Fighting Irish” ar pheileadóirí ollscoil Notre Dame.

Thuig an tUachtarán Lincoln tábhacht an chatha. Chuaigh sé ansin i mí na Samhna na bliana céanna chun cill na saighdiúirí a thiomnú, agus thug óráid ghairid os comhair 15,000 duine. Cloistear macallaí na hóráide sin ar fud Mheiriceá go fóill lena “Four score and seven years ago” agus a “government of the people, by the people, for the people”.

D’fhilleamar ar ár gcampa tráthnóna. Agus an ghrian ag dul faoi, chiúnaigh na páistí sa chlós súgartha in aice linn, agus chualamar buabhall ag casadh go soiléir thar na crainn. Cinnte na hathachtóirí arís, áit éigin ar an láthair champála, ag stríocadh na brataí. Deirtear go ngnáthaíonn taibhsí na saighdiúirí blár Gettysburg go fóill. Shamhlaigh mé iad, gorm agus liath, ag nochtadh ar feadh soicind agus ag sleamhnú go ciúin ar ais isteach sa choill.

Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.