AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Club Leabhair Nua-Eabhrac
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Chaith Brian Ó Broin seal ag cíoradh scéalta le muintir club leabhair i Nua-Eabhrac. Bíonn freastal níos fearr ar Chlub Leabhair Nua-Eabhrac ná mar a bhíonn ar a mhacasamhail in Éirinn.

Íomhá
Ag réiteach roimh ré
Íomhá
An cíoradh ar siúl sa leabharlann
Íomhá
An tOllamh Séamus Blake ag déanamh pointe
Íomhá
Buíon na leabhar san LIC Bar
Íomhá
Daithí agus Conn

Thuas seal, thíos seal. Sin mar a bhíonn saol na Gaeilge i Nua-Eabhrac. Rachaidh cúig bliana thart gan mórán ar siúl ach ranganna do thosaitheoirí in ionad cultúir éigin, agus ansin, gan choinne, tiocfaidh slám mór eagruithe chun cinn. Táimid thuas seal faoi láthair, le daoine mar Hilary Sweeney in Westchester ag eagrú laethanta iomlán Gaeilge don chontae, Elaine Ní Bhraonáin ag eagrú ranganna Gaeilge do pháistí i Lárionad Ealaíne na hÉireann i Manhattan, agus scoláirí mar Tomás Ó hÍde in Ollscoil Chathair Nua-Eabhrac ag eagrú oícheanta siamsaíochta as Gaeilge le ceoltóirí mar Thadhg Mac Dhonnagáin, agus le díospóireachtaí poiblí ar ábhair mar Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Agus ná déanaimis dearmad ar an gcumann idirnáisiúnta Daltaí na Gaeilge, bunaithe ag an Eabhracach as Ard Mhacha Ethel Brogan, atá ag eagrú cúrsaí Gaeilge timpeall Chuan Nua-Eabhrac anois!

Agus anois tá Daithí Mac Lochlainn ar an bhfód. Ná bac lena fheachtas chun Gaeilge a fháil ar na huathinnill bainc na gceantar Éireannach i Nua-Eabhrac, ná a fheachtas, le Gaeilgeoirí eile Inis Fhada, Cumann Carad na Gaeilge (Céadchumann na Gaeilge i Nua-Eabhrac) a athbhunú tar éis leathchéad bliain. Tá sé tar éis Club Leabhair a bhunú, a thagann le chéile uair sa ráithe i Lárionad Éireann Nua-Eabhrac i Long Island City, Queens. Thograigh mé cuairt a thabhairt ar an gClub agus iad i mbun plé i leabharlann an Lárionaid Dé Sathairn te amháin ag deireadh mí Meithimh. Bhí díomá ar lucht an chlub inniu, nuair nár tháinig ach 20! An uair dheireannach, a dúrthas liom go brónach, bhí 25 i láthair.

Ar ndóigh, bhí iontas orm. An uair dheireannach a d’fhreastail mé ar chlub Leabhair i nGaillimh (agus scríbhneoir cáiliúil mar chathaoirleach air), bhí seachtar i láthair. Den seachtar, ní raibh an leabhar léite ach ag triúir.

Na Baill

Anseo, os mo chomhair, bhí fiche duine i láthair, agus cóip de Fontenoy, ceann de na leabhair is deacra Gaeilge a foilsíodh le tamall, léite ag beagnach gach duine acu. Ina measc bhí Séamus Blake, láithreoir an chláir raidió Gaeilge “Míle Fáilte” a chraoltar gach deireadh seachtaine ar mhórstáisiún raidio Nua-Eabhrac WFUV agus ollamh teanga in Ollscoil Fordham, agus Walter Stock, saineolaí teanga atá ag múineadh Gaeilge le breis agus tríocha bliain i Nua-Eabhrac. Ar ndóigh, níorbh é Daithí an chéad duine chun Club Leabhair a bhunú. I gcuimhne na ndaoine a bhí i láthair, bhí ceann ar siúl sna hochtóidí agus ceann eile sna nóchaidí, iad eagraithe ag Angela Carter, úinéar siopa leabhar Éireannach ar Bhroadway tráth.

Ós léitheoir agus ollamh litríochta mé féin, chinn mé lámh chúnta (más é sin é!) a thabhairt don dream agus plécheisteanna a chumadh don leabhar, go mbeadh ábhar argóna agus pléite ag na léitheoirí. Dar fia, níorbh am amú mo chuid scríbhneoireachta. Ní raibh ach súmóg amháin slogtha agam as an gcupán caife nuair a thosaigh lucht an chlub dom’ chiapadh le ceisteanna. “A Bhriain”, arsa Máirín Stock, bean chéile Walter, “an gceapann tú i ndáiríre gurb amhlaidh . . .?” “Á, a Bhriain,” arsa Tadhg Mac Eoghain, taistealaí ó a bhí díreach fillte ar Nua-Eabhrac as Banglaideis, “Ná habair go gcreideann tú gur mar seo a tharla eachtra X....?”

Ní hé amháin go raibh an leabhar léite acu, ach bhíodar in ann é a chíoradh leat, agus argóint a dhéanamh faoi! Agus lean an plé ar aghaidh ar feadh beagnach dhá uair an chloig! I ndeireadh báire, ár súile dearg le léamh, phléamar na leabhair a bheifí ag léamh sna chéad cruinnithe eile, agus socraíodh an dráma An Triall, le Máiréad Ní Ghráda, a léamh don Mheán Fómhair, agus Bás Tobann, le Anna Heussaff, don Nollaig. Sin eagrú maith, agus ceacht do chlubanna eile - a bheith réitithe leathbhliain roimhré!

Fáth an Ghannscéil

Ach ní ar an bhfocal amháin a mhaireann an Gael. Tar éis na díospóireachta chuaigh an scata againn ar aghaidh go dtí an LIC Bar, gairdín beorach cúpla céad slat síos an bóthar. “Aha!” arsa Daithí, “seo an fáth nár tháinig ach fiche go dtí an club leabhair an mhí seo!” Bhí an tábhairne plódaithe agus gach teilifís ann ag taispeáint na Stáit Aontaithe in aghaidh Ghana sa Chorn Domhanda. Cuireadh Gaeilge agus leabhair ar leataobh go dtí go raibh an cluiche thart, Meiriceánaigh agus Gaeil an ghrúpa ag glacadh páirte sa spraoi go dtí gur cniogadh foireann Mheiriceá.

Bhreathnaigh Daithí go sásta ar a phionta. “Beidh lá eile ag an bPaorach!” ar sé go gealgháireach, agus nílim cinnte go fóill an raibh sé ag caint faoi chéad chruinniú eile an Chlub Leabhair, nó faoi fhoireann peile na Stát Aontaithe.

Buaileann Club Leabhair Nua-Eabhrac le chéile uair sa ráithe i leabharlann Lárionaid Éireann Nua-Eabhrac, 10-40 Jackson Avenue, Long Island City, New York. Beidh an chéad chruinniú eile ag plé An Triall, le Máiréad Ní Ghráda, i mí Mheán Fomhair. Níos mó eolais: - Club Leabhar

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.