D’eisigh Geraldine Bradley, amhránaí as Contae Ard Mhacha, albam nua dar teideal [i]From the Rising Spring/Cloch Fhuaráin[/i] le déanaí. Chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte léi le labhairt faoina cuid amhránaíochta.
Antaine Ó Faracháin: Cad as a dtagann an teideal From the Rising Spring/Cloch Fhuaráin atá ar an albam?
Geraldine Bradley: Bhuel, tháinig mé ar an teideal Béarla ón tuairim a bhí agam féin go raibh ceol agus amhráin a bhí ar eolas agam le blianta fada ar tí a bheith coiteann. Maidir leis an teideal Gaeilge, nuair a smaoinigh mé ar an gcúlra ceoil a bhí i mo theaghlach agus an dóigh ar bhain sé le mo cheantar dúchais féin, níorbh fhada gur roghnaigh mé an logainm áitiúil Cloch Fhuaráin, ar baile fearainn in aice le mo bhaile féin i gContae Ard Mhacha é, mar theideal Gaeilge ar an albam.
AÓF: Cad iad na foinsí nó na toibreacha ar tharraing tú orthu leis na hamhráin atá agat ar an albam a roghnú?
GB: D’fhoghlaim mé amhráin ó bhí mé an-óg, i nGaeilge agus i mBéarla. Bhí bailiúchán mór ceirníní ag mo bheirt dheartháireacha. Caithfidh gur cheannaigh siad gach rud a cuireadh amach ar na lipéid Gael Linn, Cladagh, Outlet agus araile. Mar gheall air sin, fuair mé amhráin ó Emmet Spiceland, The Johnstons, Tommy Makem agus Albert Fry. Nuair a thosaigh mé ag dul go Rann na Feirste agus mé i mo dhéagóir, bhí mé sa rang ceoil ag Hiúdaí Pheaidí Hiúdaí agus chuir mé spéis
mhór in amhráin an cheantair sin – na cinn a thug Hiúdaí dúinn, d’fhoghlaim mé de ghlanmheabhair iad. Bhuail mé le Neilí Mhicí Hiúdaí [Ní Dhomhnaill] ina teach féin agus rinne mé a cuid ceoil a thaifeadadh. Ba mé féin agus AJ Hughes – atá anois ina ollamh le Gaeilge in Ollscoil Uladh – a chuaigh chuici. Chuir mé eolas ar amhránaíocht as áiteanna eile níos moille, go háirithe amhránaíocht Bess Cronin as Contae Chorcaí.
AÓF: An ndéarfá gur amhráin dhúchasacha na hÉireann amháin a chasann tú, nó an mbíonn tú ag casadh i stíleanna eile freisin?
GB: Bím, go minic. Tá suim agam i gceol tíre Mheiriceá, nó tá baint mhór idir sin agus ceol Éireannach agus ceol Albanach, a bhfuil an-suim agam ann chomh maith.
AÓF: Cén saghas amhrán atá ar an albam seo?
GB: Meascán – amhráin Ghaeilge agus Bhéarla, cinn ón Tuaisceart agus ón Deisceart, ceann as Albain agus ceann as Meiriceá.
AÓF: Cén aois a bhí tú nuair a thosaigh tú ag gabháil foinn agus cad é an chéad amhrán a d’fhoghlaim tú, an gcuimhin leat?
GB: Bhí mé thart ar sheacht mbliana d’aois, agus is cuimhin liom gur fhoghlaim mé ‘An Spailpín Fánach’ as *Abair Amhrán *ó thús deireadh.
AÓF: Cén t-amhrán is fearr leat féin ón albam nua seo?
GB: Is fearr liom an leagan de “Níl sé ‘na Lá”, a fuair mé ó Bess Cronin, nó tá brón le cloisteáil san fhonn atá galánta, dar liomsa.
AÓF: Tugaim faoi deara go bhfuil cúpla amhrán ar an albam a thagann ó Bess Cronin . Cén chaoi ar tharla sé go bhfuil siad sin agat?
GB: Thart fá deich mbliana ó shin, chuir mé spéis i gceol Bess Cronin as Baile Mhuirne nuair a fuair mé leabhar breá de chuid Dháibhí Uí Chróinín a raibh dlúthdhioscaí leis. D’éist mé leis sin agus mé ag tiomáint thart sa charr agus thit mé i ngrá le hamhránaíocht Bess. Bhí stór amhrán den scoth aici cionn is go raibh feirm ag a teaghlach agus bhíodh daoine as achan cearn den tír agus as Albain i gcónaí ag teacht agus ag imeacht le bheith ag obair uirthi. Thug na daoine seo amhráin leo agus ba uathasan a fuair sí cuid de na hamhráin a bhí aici.
AÓF: Tá trí amhrán déag ar fad ar an albam, ceithre cinn acu atá i mBéarla. Inis beagán dom faoi na cinn atá i mBéarla.
GB: Leagan den amhrán ‘The Banks of Green Willow’ is ea an t-amhrán ‘The Green Banks of Yarrow’, a fuair mé ó amhránaíocht Ted Hickey. Amhrán mór de chuid thuaisceart na tíre is ea ‘The Lisburn Lass’ a bhí ag an amhránaí clúiteach, Geordie Hanna. Amhrán Albanach is ea ‘A Beggar, A Beggar’, a cheolann Lizzie Higgins agus tá amhrán amháin ó Mheiriceá dar teideal ‘Henry Lee’, ar amhrán dúchasach de chuid Shasana é sular thrasnaigh sé an Atlantach.
AÓF: Cé hiad na ceoltóirí atá ar an albam leat?
GB: Ag seinm liom ar an diosca, tá Neil Martin ón West Ocean String Quartet, a léirigh an t-albam. Seinneann sé an dordveidhil, píb uilleann, pianó agus feadóga. Tá Paul Bradley, deartháir liom, ar an bhfidil. Tá Martin Quinn ar an mbosca ceoil, Dónal Ó Connor agus Alan Burke ón ngrúpa At First Light ar bhasúcaí agus giotár agus Rod McVey ar an gcairdín pianó.
AÓF: An raibh aon deacracht agat ó thaobh a bheith ag canadh le tionlacan ceoil, nó an mbíonn tú á dhéanamh go minic?
GB: Ní bhíonn deacrachtaí agam le tionlacan. Is breá liom é agus bíonn ceoltóirí liom go minic agus mé ag amhránaíocht.
AÓF: An seinneann tú féin uirlis cheoil?
GB: Déanaim giota beag ar an ngiotár agus roinnt port ar an mandóla.
AÓF: Inis dom beagán faoi Sheán Ó Gallchóir. Bhí tionchar mór aige ort, nach raibh?
GB: Bhí Seán ina “charachtar”. Chuir mise aithne air den chéad uair ag Fleadh Uladh, i 1982. D’fhoghlaim sé an Ghaeilge agus é ag triall ar na Cruacha Gorma i dTír Chonaill sna caogaidí. D’fhoghlaim sé leis an gcluas í, den chuid is mó. Ba dhoiligh idirdhealú a dhéanamh idir é féin agus cainteoir dúchais. Bhí suim mhór aige sa cheol agus san amhránaíocht, agus bhí eolas mór leathan aige ar na scéalta a bhí taobh thiar de na hamhráin. Bhí tuiscint aige ar na mothúcháin a bhí sna hamhráin go mór mór, agus d’amharc sé ar na daoine a bhí luaite sna hamhráin mar dhaoine a bhí beo agus a d’inis scéalta fríd amhráin. Bhí an-mheas ag a lán daoine ar Sheán agus roinn sé a chuid eolais go fial. AÓF: Cén áit a bhfuil d’albam ar fáil?
GB: Tá sé ar fáil sna siopaí ceoil i nGaillimh, Focal ar Fhocal ar an bhFál Carrach, Bookworm i gcathair Dhoire, sa Chultúrlann agus i No Alibis i mBéal Feirste, Custy’s in Inis agus Carlin Records in Iúr Chinn Trá. Tá suíomh idirlín agam fosta agus beidh sin ann ó mhí Feabhra 2008 ar aghaidh - www.geraldinebradley.com.
Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.