TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Cló Iar-Chonnachta
Deirdre Ní Thuathail Deirdre Ní Thuathail

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Deirdre Ní Thuathail, Cló Iar-Chonnachta, foilsitheoirí leabhar agus ceoil (Indreabhán, Conamara).

Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin sa chomhlacht agus cén fhad atá tú sa phost?

Tá mé ag feidhmiú mar bhainisteoir ó 1995. Bhí mé ag obair mar Oifigeach Margaíochta leis an gcomhlacht ar feadh tréimhse roimhe sin.

  1. Cathain a bunaíodh Cló Iar-Chonnachta agus cé a bhunaigh é?

Bhunaigh Micheál Ó Conghaile an comhlacht i 1985.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Bunaíodh é le scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn, go háirithe chun scríbhneoirí nua/óga a spreagadh chun pinn agus deis a thabhairt dóibh a saothar a fhoilsiú, agus chun cúram faoi leith a dhéanamh do scríbhneoirí Gaeltachta. An dara haidhm a bhí ann ná an ceol traidisiúnta agus an sean-nós ó na Gaeltachtaí éagsúla a thaifeadadh ionas go mbeadh an saibhreas sin ar fáil go forleathan agus go buan.

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe sa chomhlacht faoi láthair?

Tá cúigear fostaithe go lánaimseartha faoi láthair.

  1. Cén obair a dhéanann CIC anois?

Foilsíonn muid leabhair Ghaeilge agus dlúthdhioscaí/caiséid ceoil agus amhránaíochta.

  1. Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas?

Faigheann muid deontas reatha ón gComhairle Ealaíon agus cuireann Bord na Leabhar Gaeilge deontas ar fáil a chuidíonn le foilsiú na leabhar. Ní dhéantar aon mhaoiniú ar fhoilsiú an cheoil.

  1. Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag CIC?

Cuireann an comhlacht seirbhís luachmhar ar fáil. Thar na blianta tá a lán taifeadtaí déanta againn d’fhilí, scríbhneoirí agus amhránaithe sean-nóis nach mbeadh ar fáil choíche murach CIC. Tá na taifeadtaí seo curtha ar fáil againn do na stáisiúin raidió ar fud an domhain agus tugann seo aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta do na hamhránaithe agus na ceoltóirí. Is beag clár ar Raidió na Gaeltachta nach seinntear traic nó dhó ó thaifeadtaí CIC air. Tá cartlann thar a bheith luachmhar curtha ar fáil againn do na glúnta Gael amach anseo. De bharr gur taifeadtaí cartlainne cuid mhaith den ábhar a fhoilsítear ní dhéantar aon bhrabach ar a bhformhór.

Maidir le díolachán na leabhar, ní mór dhá mhíle cóip ar a laghad a dhíol de gach teideal le costais a ghlanadh. Is beag leabhar Gaeilge a dhíolann an méid seo, go deimhin is annamh a dhíolann leabhar Gaeilge míle cóip taobh istigh de bhliain ón dáta foilsithe. Dá bhrí sin, tá foilsitheoirí na Gaeilge ag brath ar dheontais chun an tseirbhís a chur ar fáil.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Tá agus tá muid sásta go bhfuil caighdeán ard sroichte againn lenár gcuid foilseachán, ach ar ndóigh is obair leanúnach í seo. Beidh scríbhneoirí nua ag teacht chun cinn i gcónaí agus réimsí nua i saol na foilsitheoireachta le treabhadh. Beidh ceoltóirí traidisiúnta agus amhránaithe óga sean-nóis ag teacht chun cinn freisin. Tá forbairt leanúnach á déanamh ar theicneolaíocht mheán na fuaime agus dúshlán a bheidh ann a dhul i ngleic leis seo.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an chomhlacht?

Is í an phríomhlaige a bhaineann le gnó na foilsitheoireachta Gaeilge ná go bhfuil fadhbanna le cúrsaí margaíochta agus dáiliúcháin agus tá sin ag cur srianta ar fhorbairt an chomhlachta. Ní féidir leis an gcomhlacht gníomhú ina aonar maidir leis na cúrsaí seo agus go dtí go gcuirfidh Foras na Gaeilge breis acmhainní ar fáil do ÁIS, na dáilitheoirí leabhar, ní thiocfaidh aon fhorbairt ar an tionscal.

Maidir le tionscal an cheoil, níl mórán spéise ag na siopaí móra sa tír seo sa gceol atá fíorthraidisiúnta ná sa sean-nós agus bíonn drogall orthu aon spás a chur ar fáil dá leithéid ar na seilfeanna. Dá bharr seo bíonn deacracht ag an bpobal teacht ar na taifeadtaí ó am go chéile.

An phríomhláidreacht atá againn ná go bhfuil foireann óg fhuinniúil againn agus go bhfuil aitheantas faighte againn i gcéin agus i gcóngar as ardchaighdeán ár gcuid foilseachán litríochta agus ceoil.

  1. Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag CIC faoi cheann cúig bliana.

Díolachán leabhar a mhéadú ionas go ndíolfaí ar a laghad míle cóip de gach leabhar nua taobh istigh de bhliain ón dáta foilsithe. Taifeadtaí an chomhlachta a bheith ar fáil sna siopaí móra ceoil ar fud na tíre agus thar lear.

Scríbhneoirí óga/nua a aimsiú a bhfuil splanc ina gcuid scríbhneoireachta. Amhránaithe óga sean-nóis agus ceoltóirí óga traidisiúnta a thaifeadadh. Go mbeidh aithne níos fearr ag pobal na hÉireann agus an domhain ar CIC agus ar ár gcuid táirgí.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

Go mbeadh an ghlúin óg bródúil as a n-oidhreacht agus gurb í an Ghaeilge gnáth-theanga chumarsáide pháistí na Gaeltachta. Nach mbeidh na rialtais áitiúla ag díbirt ghlúin óg na Gaeltachta isteach sna cathracha trí bheith ag cur srianta orthu tithe a thógáil ar a bhfód dúchais. Má imíonn na daoine, imeoidh an teanga.

Sonraí teagmhála:

Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe

Fón: +353-91-593307

Ríomhphost: cic@iol.ie; www.cic.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.