CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Cleasanna Coigilte
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Is iomaí duine atá buartha faoina phost ar na saolta seo agus ag amharc go neirbhíseach ar an méid atá roimhe ó thaobh cúrsaí airgeadais de i 2009. Faoi mar a phlé mé i m’alt an mhí seo caite, tá slite go leor ann chun gur féidir le duine úsáid a bhaint as áiseanna ar an idirlíon chun airgead a shábháil dó féin. Ach cad faoi chomhlachtaí?

Íomhá
Íosluchtú as suíomh na hOifige Oscailte le 28 lá anuas
Íomhá
Muintir an Íosluchtaithe
Íomhá
Deis Fógartha Adword

Má shábhálann comhlacht airgead is cinnte go gcabhróidh sé sin leo poist a choinneáil - agus fiú amháin poist a chruthú má bhíonn an t-ádh leo. Seo thíos trí mholadh uaim a d’fhéadfadh cabhrú le gnó ar bith a bhealach a dhéanamh tríd an ghéarchéim seo.

  1. Ná caith airgead (murar gá). Is iontach an líon bogearraí agus seirbhísí idirlín atá saor in aisce na laethanta seo. Ar ndóigh, beidh roinnt bogearraí a mbeidh ort a cheannach, má tá tú seoladh cáipéisí tábhachtacha go cliaint - leithéidí Microsoft Word, mar shampla. Ach má tú ag iarraidh cúpla ríomhaire oifige a chur ag obair ar beagán chostas is féidir OpenOffice.org a fháil saor in aisce - agus tá próiseálaí focal atá beagnach chomh maith le Word mar chuid de. Tá sé an-furasta a fháil agus a chur ag obair - is féidir leat é a chóipeáil anuas saor in aisce ón suíomh OpenOffice.org - http://www.openoffice.org/ anois más mian leat. Agus tá sé níos fusa OpenOffice.org a úsáid ná Word 2007. An laige is mó atá air ná go mbíonn an leagan amach ar dhoiciméid a chruthaítear leis beagáinín beag difriúil ó Word agus caithfear dá bhrí sin cóip amháin amháin ar a laghad de Word a bheith san oifig. Má thugann tú cuairt ar SourceForge (http://sourceforge.net/), feicfidh tú go bhfuil a lán bogearraí eile atá ar ardchaighdeán ar fáil saor in aisce freisin.

  2. Ná ceannaigh bogearraí (faigh síntiús in ionad). Ní gá córas ríomhphoist a cheannach agus a chur i bhfeidhm na laethanta seo toisc gur féidir úsáid a bhaint as córais ar nós Gmail ag Google. Cosnaíonn an tseirbhís seo beagáinín beag airgid gach mí má theastaíonn uait é a chur i bhfeidhm in eagraíocht - agus is luach maith é sin toisc go ndéanann Google aire a thabhairt de gach rud duit. Déanann an fhoireann acu siúd an córas a bhainistiú agus a choinneáil suas chun dáta. Tá bogearraí eile ar fáil i bhfoirm síntiús míosúil ar líne freisin - leithéidí an bunachar sonraí Dabble (http://dabbledb.com/) agus Zoho Invoice (http://zoho.com/). "Bogearraí mar sheirbhís" (nó SaaS - "software as a service) a thugtar ar an chineál áise seo. Ciallaíonn na seirbhísí seo gur féidir na costais a bhaineann le pacáistí bogearraí a cheannach a sheachaint (caithfidh tú íoc astu ar ndóigh, ach ní íocfaidh tú ach méid beag gach mí - agus is féidir leat an síntiús a chur ar ceal aon uair is mian leat).

  3. Ná déan fógraíocht (seachas ar líne). Tá leisce orm Google a luadh arís san alt seo ach tá an méid sin seirbhísí maithe acu go bhfuil sé deacair iad a sheachaint. Agus ní haon eisceacht é an earnáil fógraíochta agus an tseirbhís Google AdWords. Nuair a bhíonn tú ag cuardach rudaí ar líne le Google, is minic a thaispeántar fógraí a bhaineann le hábhar in aice leis na torthaí. Íocann comhlachtaí beagáinín airgid gach uair a chliceálann aon duine ar an bhfógra acu - ach ní íocann siad pingin mura gcliceálann aon duine orthu. Ciallaíonn sé seo gur slí an-saor atá ann chun do ghnó a fhógairt - agus tá na fógraí á dtaispeáint do dhaoine atá tar éis spéis a léiriú san ábhar cheana féin. Is féidir fógra a thaispeáint do na mílte daoine ar chostas chomh híseal le euro sa lá - agus ní gá ach íoc as na daoine a chliceálann ar an bhfógra, ar chostas chomh íseal le 8 cent in aghaidh an chlic.

Níl anseo ach trí mholadh ar shlite gur féidir le gnó ar bith airgead a shábháil tríd úsáid a bhaint as áiseanna idirlín. Má mholann tú na rudaí seo do do cheannasaí, tá gach seans ann go mbeidh do chomhlacht in ann airgead a shábháil. Agus fiú má bhíonn ort do phost a athrú, is féidir na cleasa seo a úsáid chun gnó nua a bhunú ar bheagán costais agus triail a bhaint as roinnt fiontraíochta!Tá an leagan Windows den ghramadóir "Ceart" á chur ar fáil ag Diarmaid an mhí seo ar an suíomh www.cruinneog.com, agus tá an litreoir GaelSpell ar fáil ón suíomh céanna freisin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.