Tá díospóireacht chinniúnach ar siúl faoin nGaeilge faoi láthair ach tá ceist amháin atá níos tábhachtaí ná aon cheann eile, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.
Bíonn blianta áirithe ann nuair nach mbíonn aon rogha ag an tráchtaire nó gníomhaí teanga ach séideadh faoin gcorrchonspoíd nó salann a chur sa díospóireacht ar mhaithe le haird a tharraingt ar an gceist is sia i gcultúr na hÉireann – ‘ceist na Gaeilge’.
Dála lucht déanta fíona, bíonn blianta níos fearr ná a chéile ag lucht cheist na Gaeilge ach bíodh nach bhfuil 2010 ach ina tús fós, tá an chuma ar an scéal gur bliain den scoth a bheidh ann dóibh siúd a choiméadann beo an traidisiún ársa seo. Tá na comharthaí go maith agus tá, mar a deirtear, na coinníollacha in áit.
Tá sé á rá i mbólaí áirithe, i gcogar sollúnta, go mb’fhéidir go mbeidh 2010 ar an mbliain is fearr riamh ag an saghas Gaeil nach bhfuil aon ní ar domhan is ansa leis ná a bheith ag cur as faoi cheist na teanga. Tá plé á dhéanamh le mí anuas ar Stráitéis Fiche Bliain na Gaeilge - plean an Rialtais chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre - agus tá ceisteanna móra tromchúiseacha á gcur in athuair faoi thodhcaí na teanga. Chuir alt le Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Cúrnáin san Irish Times tús le díospóireacht faoi chur chuige na stráitéise. San alt sin, dúradh: “The main danger of the current draft strategy is its strong potential to camouflage the transformation of Irish native-speaking communities into a community of learners of Irish.”
Ceist mhór thromchúiseach
Leanadh leis an díospóireacht ag cruinniú den Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cúpla seachtain ó shin, áit ar thapaigh cinnirí ghluaiseacht na Gaeilge a moltaí faoin dréachtstráitéis a chur in iúl.
Tógadh ceisteanna ag an gcruinniú a théann go smior an scéil maidir le cur chuige na hiarrachta is déanaí an Ghaeilge a athbheochan.
Cé atá i gceannas agus cén duine ba cheart a bheith i gceannas agus maidir le pé dream atá i gceannas cé a choiméadfaidh súil orthu? Ar cheart athshamhlú a dhéanamh ar cad is Gaeltacht ann? An bhfuil dóthain sa phlean don chainteoir dúchais Gaeltachta nó an bhfuil an stráitéis róthugtha don dátheangachas? An bhfuil an sprioc de 250,000 cainteoir laethúil faoi 2030 insroichte? An bhfuil dóthain ann chun dul i ngleic le fadhbanna na Gaeilge sa chóras oideachais? An bhfuil an plean radacach a dhóthain? An bhfuil struchtúr ann le cinntiú go gcuirfear i bhfeidhm é?
Ceisteanna móra tromchúiseacha
Bhí alt eile san Irish Times le déanaí, le Brian Ó Broin, a chuir giorria eile ina shuí nach gcloistear chomh minic sin, cé go bhfuil sé fite fuaite leis na ceisteanna eile ar fad. Sea, seo í an cheist is mó ar fad acu. An cheist faoi cheist na Gaeilge a fhágann gach ceist eile faoi cheist na Gaeilge in áit na leathphingine: Cén saghas teanga atáimid ag iarraidh a thabhairt slán?
Rinne an tUas Ó Broin anailís chomparáideach ar an nGaeilge mar atá sí á labhairt sa Ghaeltacht agus mar atá sí á labhairt lasmuigh di.
Maidir le ‘Gaeilge na cathrach’ agus Gaeilge na Gaeltachta, dúirt Ó Broin: “the city dialect of Irish seems not yet to have progressed beyond the level of a second language spoken mostly outside the home by activists, while Gaeltacht Irish is, at least for its broadcasters, a medium through which they are working and thinking for most of the day without the undue influence of other languages.”
Fuair sé amach gur teanga níos ‘sofaisticiúla’, níos cruinne agus níos saibhre atá á labhairt i gcónaí ag muintir na Gaeltachta. Scríobh Ó Broin go bhféadfaí cás láidir a dhéanamh gurb ionann Gaeilge na cathrach agus ‘pidgin’ nó “a relatively unstable language with simplified pronunciation and grammar, created on the fly for purposes of practical communication”. (Ba cheart a rá nach le dímheas ach le fuarchúis an fhir léinn a rinne Ó Broin a argóint.) Má mhaireann an ‘pidgin’ seo beo agus má dhéantar é a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile deir an teangeolaí as Ollscoil William Paterson i New Jersey go ndéanfar ‘creole’ di, nó teanga neamhspléach nua le córas gramadaí cinnte dá cuid féin. Chuir Ó Broin críoch lena alt leis an gceist seo:
“Will the urban variety become its own dialect of Irish, or grow further apart from its Gaeltacht cousin, becoming a Creole or new language?”
Agus an mbeidh an col ceathrar Gaeltachta fós ann faoin am sin?
Cén Cineál Gaeilge?
Cén saghas teanga, mar sin, atáimid ag iarraidh a thabhairt slán? Ní chuirtear an cheist seo chomh minic sin mar nach bhfuil sí faiseanta mar cheist agus mar nár mhaith le héinne go gceapfaí gur piúratanach teanga é no go bhfuil sé ag caitheamh anuas ar dhroch-Ghaeilge dhaoine eile.
Anuas ar sin, tá an Ghaeilge ag staid chomh leochaileach sin nach nach bhfuil am ag lucht a cosanta a bheith ag déanamh imní faoin gcuma a bheidh uirthi amach anseo. Ach más fíor do Ó Broin ceist is ea í a gcaithfear aghaidh a thabhairt uirthi luath nó mall. An fiú an dua céanna a chaitheamh leis an nGaeilge a thabhairt le go n-iompóidh sí ina creole lá éigin, fiú más creole ag 250,000 duine é? B’fhéidir gur fiú ach tugann an díospóireacht faoin dréachtstráitéis deis dúinn ár bhfreagra a thabhairt ar an gceist.
Mar tá an cheist faoi cén saghas teanga atáimid ag iarraidh a thabhairt slán fite fuaite le ceist Uí Ghiollagáin agus Uí Chúrnáin faoin soláthar don chainteoir dúchais Gaeilge sa Stráitéis Fiche Bliain. Ag an gcruinniú sin den chomhchoiste Oireachtais le déanaí d’inis Donncha Ó hÉallaithe, anailísí agus colúnaí le beo.ie, scéal beag faoina iníon óg agus a cara béaldorais as an Liotuáin nach bhfuil Gaeilge ná Béarla aici. Nuair a d’fhiafraigh Donncha dá iníon cén fáth gur Ghaeilge a labhair sí lena cara, dúirt sí gan chuimhneamh air “mar nach bhfuil aon Bhéarla aici”.
Tá an meoin teanga sin beo fós sa Ghaeltacht, más ar éigean é. Tá rogha againn gach cosaint agus is féidir a thabhairt di nó ligint don Ghaeilge soláthar di féin, í a scaoileadh chun bóthair ina haonar féachaint conas a éireoidh léi agus cá gcríochnóidh a haistear fada.