Is iad na páistí i gceantracha bochta a bheas thíos leis na ciorruithe atá á ndéanamh san oideachas i dTuaisceart Éireann, dar le Robert McMillen.
Tá an Nollaig thart agus achar gearr na carthanachta imithe mar a bheadh brionglóid ann - má chreideann tú i mbrionglóidí.
Ó thuaidh, tá todhchaí gheal ar na gaobhair, is cosúil. Gerry agus Ian agus a dá pháirtí mar chomhghleacaithe i dtionól a bheas ag reáchtáil na sé chontae gan ionchur ar bith ó Pefidious Albion.
Parthas? Bhuel, no actually.
Is furasta éirí searbh fán domhan seo a bhfuil muid beo ann, ach diaidh ar ndiaidh tá mé níos cinnte de go bhfuil gach uile aonarán, gach pearsa, faoi ionsaí ag an chóras airgeadais agus polaitíochta ó thuaidh, cé nach rud é seo a bhaineann leis an tuaisceart amháin, ar ndóigh. I ndiaidh 35 bliain d’fhoréigean polaitiúil (nó 900 bliain, ag brath ar do dhearcadh), tá an chuma ar an scéal nach mbeidh gá le gunnaí i bpolaitíocht na hÉireann ach leanfaidh na hionsaithe uafásacha ar aghaidh - agus níl mé ag caint ar na paraimíleataigh. Tá mé ag caint ar cibé rialtas a bheas ann.
Tháinig an smúid seo orm agus mé ag éisteacht le Barry Gardiner go háirithe, aire in Oifig Thuaisceart Éireann a bhfuil cúram an oideachais air.
Le cúpla mí anuas, tá achan cheann de na cúig Bhord Oideachais agus Leabharlann i dTuaisceart Éireann ag rá go bhfuil fadhbanna ollmhóra maoinithe acu. Tá Bord Bhéal Feirste £5.4 milliún sa dearg, Bord an Oir-Dheiscirt £5.6 milliún. Tá ráite ag na trí Bhord eile go mbeidh géarchéim airgeadais acu mura bhfaigheann siad tuilleadh airgid.
Mhaígh Bord an Iarthair go gcaithfeadh siad ciorruithe de £23 milliúin a dhéanamh agus dúirt Bord an Oir-Thuaiscirt go mbeadh siad £27 milliún sa dearg mura ndéanfaí ciorruithe a chur i bhfeidhm.
Tá ráite ag Gardiner, ball de Pháirtí Lucht Oibre Tony Blair, áfach, nach bhfuil tuilleadh airgid ar fáil. Chomh maith le drochbhainistíocht, tá croí na faidhbe le fáil san easnamh leanúnach maoinithe in earnáil an oideachais ó thuaidh.
“Caitheann na boird fanacht istigh de cibé buiséad a thugtar dóibh,” arsa an feisire Albanach. Is ionann sin agus do pháiste a chur chun an tsiopa le builbhín aráin a cheannach le 5 cent. Tig sé ar ais ag rá nach raibh go leor airgid aige agus deir tusa, “Bhuel, caithfidh tú é á fhail ar an airgead a thug mé duit.”
Ciorruithe beartaithe
Caithfidh gach bord ciorruithe móra a dhéanamh ar sheirbhísí tábhachtacha ainneoin gur tugadh £50 million nár caitheadh ar ais don Státchiste le dhá bhliain anuas. Dá ainneoin sin, le fanacht taobh istigh de laincisí an rialtais, tá beartaithe ag Bord Oideachais agus Leabharlann an Oir-Dheiscirt pasanna bus a bhaint de pháistí áirithe, ní cheannófar leabhair úra do scoileanna ná do leabharlanna, ní bheidh oiread airgid ann le caitheamh ar mhúinteoirí sealadacha, agus gearrfar siar ar chothabháil.
Táthar ag plé ardú i bpraghas dinnéar scoile fosta.
Beidh a mhacasamhail seo agus tuilleadh curtha i bhfeidhm sna boird eile ach, go fóill féin, ní dócha go mbeidh bord ar bith ábalta fanacht taobh istigh dá bhuiséad sa bhliain atá amach romhainn.
Mar is gnách, is iad an chosmhuintir a bheas thíos leis an sprionlaitheacht seo. Tá leabharlanna le druidim i mBéal Feirste, ach tá a mbunús sna ceantracha ar a dtugtar *Areas of Social Need, *na ceantracha is díothaí i dTuaisceart Éireann.
Tá tábhacht ar leith leis na leabharlanna seo. Is chucu a théid páistí le hobair bhaile a dhéanamh nuair atá an/na tuismitheoir(í) amuigh ag obair. I go leor cásanna, is feighlithe páistí iad foireann na leabharlainne.
Na teaghlaigh atá ina gcónaí sna ceantracha seo, níl an t-airgead acu le leabhair a cheannach, ach anois níl airgead ar bith fágtha ag na leabharlanna le leabhair a cheannach! Cad é an teachtaireacht atá á tabhairt ag an fhíric dhochreidte sin? Táthar ag gearradh siar fosta ar sheirbhísí síceolaíochta sna scoileanna.
Éist leis seo mar fháinne fí:
Go dtí seo, d’éirigh le síceolaithe oideachais fadhbanna síceolaíochta agus riachtanais speisialta daltaí scoile a aithint agus a fháthmheas níos fearr agus níos luaithe.
Chiallaigh sin go raibh níos mó agus níos mó páistí cáilithe don oideachas speisialta, gné atá an-chostasach. Seo ceann de na costais a bhfuil na boird ag streachailt le bheith ag déileáil leis. Tá tuilleadh airgid de dhíth le riar don mhéadú i líon na bpáistí, ach deir an rialtas nach féidir tuilleadh airgid a chur ar fáil.
An bhfuil mise corr nó an gcreideann sibhse fosta gurb é jab an rialtais é bheith ag tabhairt aire dá chuid saoránach?
Páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ag fanacht uair an chloig mar go bhfuil an tseirbhís tacsaí curtha ar ceal. Páistí amuigh ar an tsráid mar go bhfuil an leabharlann druidte. Páistí ag trasnú sráide gan fear *lollipop *ag coimhéad. *Bap *agus mála *Cheese and Onion *don lón.
An seo fís an lucht oibre?
Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.