AR NA SAOLTA SEO/LITIR AS BÉAL FEIRSTE
Cinsireacht á déanamh ar bhréagnuachtán grinn
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Bhí ar eagarthóir an bhréagnuachtáin aoraigh, The Portadown News, éirí as a phost lánaimseartha i gcomhlacht ríomhaireachta mar gheall ar fheachtas a cuireadh ar siúl ina choinne. Cúlra an scéil ó Liz Curtis.

Íomhá
Picéad in éadan na cinsireachta taobh amuigh den BBC i Londain i 1978.
Grianghraf le Mark Rusher
Íomhá
"An Mhéar Dhearg"
Íomhá
"Community Relatiation Council Announcement"

siondacáit chrannchuir ar bun san ionad pobail i gceantar s’againne. an chrannchur náisiúnta i gceist - tugtar anProd lottoagus anFenian lottoorthu. torthaí an chinn Fhínínigh níos fearr go dtí seo. Ach cuireann an chuid is againn geall ar an cheann, ar eagla na heagla. an-súil agam go mbeidh an linn. Seans go mbeidh an t-airgead de dhíth orm le héalú go gasta ón áit seo.

Deirim é sin de bharr go bhfuil ábhar an-deacair á phlé agam an mhí seo. raibh ag iarraidh an t-alt seo a scríobh. an-drogall agus imní orm. Cén fáth? ag dul a phlé rud nach bhfuil cead agat a phlé go poiblí sna ceantair náisiúnacha sa tuaisceart, is é sin, an chinsireacht taobh istigh de na ceantair sin. Is mar seo atá cúrsaí: lochtaíonn na daoine eagraíochtaí is cumhachtaí sna ceantair sin go poiblí, seans maith go mbeidh bás sóisialta i ndán duit. Cáineadh agus cúlchaint a bhíonn i gceist, agus b’fhéidir níos measa.

Seo sampla beag pearsanta. Cúpla ó shin, dúirt le bean - agus shíl gur chara de mo chuid í - nach raibh go hiomlán ar mo shuaimhneas leis an nua sa tuaisceart, agus go raibh ag smaoineamh imeacht. “Imigh leat! Imigh leat mar sin!” a dúirt go borb. “Níl ach seó amháin sa chathair, agus muna maith leat é, imigh!” Sasanach atá inti atá ina cónaí in iarthar Bhéal Feirste, agus í pósta le hiarchime. Faoi dheireadh an chomhrá, bhí ag caoineadh.

An eachtra áirithe atá i m’intinn an scéal faoin chinsireacht atá déanta ar an Portadown News www.portadownnews.com. B’fhéidir gur chuala sibh faoi cheana féin - bhí luaite san Observer, san iris Fortnight agus san iris Bizarre ( cuir ceist orm faoi Bizarre!). Is suíomh gréasáin aorach é an The Portadown News, macasamhail Private Eye thall i Sasana, leagan níos agus níos óige de. cuid de géar greannmhar, agus cuid eile páistiúil gáirsiúil.

Bíonn an Portadown News ag spochadh as achan taobh sna Chontae, rialtas na Breataine san áireamh ("insecurity ministerJane Kennedy, mar shampla). Tráchtar go tarcaisneach ar ghníomhaireachtaí oifigiúla, mar shampla an Northern Ireland Tourist Board, “a chruthaigh na céadta post dea-íoctha, agus iad uilig ag an Northern Ireland Tourist Board”.

tuiscint sa ghreann: “ réiteach déanta ag Craigavon Borough Council ar chnámh spairne na mbratacha. dearadh nua acu a thugann aitheantas d’achan taobh den phobal.” In áit lámh dhearg Uladh, méar dhearg Uladh acu, agus í ina colgsheasamh, ag déanamh comhartha mímhuinte.

Nuair a bhí díchoimisiúnú faoi chaibidil, dúirt an Portadown News gur iarr Gerry Adams ar a bhean na soithí a . “ hionann mise agus mo bhean,” a dúirt , “ go dtéim i gcion uirthi.” neart stuif eile ann - amharcaigí féin ar an suíomh.

Fadhbanna

Bunaíodh an Portadown News i an Mhárta anuraidh. Thosaigh a chuid fadhbanna a theacht chun cinn thart mhí Dheireadh Fómhair, nuair a rinne an Andersonstown News - nuachtán áitiúil in iarthar Bhéal Feirste - ionsaí air. “Fury at sick website”, rud éigin mar sin, a bhí mar cheannlíne acu. Go luath ina dhiaidh sin, dhiúltaigh Freeserve, an soláthraí seirbhísí idirlín, glacadh le suíomh an Portadown News níos . Dúirt Freeserve go raibh gearán déanta ag duine éigin faoin suíomh ach níor ainmnigh siad an duine sin.

Fuair an Portadown News soláthraí eile, ach lean eagarthóir an Andersonstown News, Robin Livingstone, ar aghaidh leis na hionsaithe. Chuir ainm an eagarthóra, Newton Emerson, i gcló, chomh maith le hainm a fhostóra, comhlacht ríomhaireachta Meiriceánach atá lonnaithe in iarthar Bhéal Feirste. Roimhe sin, bhí Newton Emerson ag déanamh iarrachta a ainm a choinneáil ceilte, ar mhaithe lena shábháilteacht phearsanta agus lena phost.

Deir Newton: “Ansin d’fhoilsigh an Andersonstown News na hamanna a raibh ar an idirlíon agus i m’áit oibre. Ghlac m’fhostóirí leis sin, ach an chéad eile, chuir Robin Livingstone scairt orthu agus bhagair go gcuirfeadh na péas agus a dhlíodóir ina ndiaidh. Ansin thairg éirí as (sin an leagan oifigiúil) agus b’in é. Fuair rud beag airgid sa bhreis, agus d’imigh an sin.”

an chuma ar an scéal nach bhfuil Robin Livingstone eagarthóir bainisteoireachta an Andersonstown News, Máirtín Ó Muilleoir, ag iarraidh labhairt go poiblí faoi na himeachtaí seo. Chuir ríomhphost chuig an bheirt acu, ach bhfuair freagra ar bith.

In ainneoin gur chaill Newton a phost, agus go bhfuil ag streachailt leis mar shaoririseoir anois, ag leanúint ar aghaidh leis an suíomh. Is dócha gur chaill an Andersonstown News níos mar a chaill seisean, ar bhealach, mar chaill siad clú. Agus thosaigh duine as iarthar Bhéal Feirste ag scríobh colúin don Portadown News ag spochadh go cruálach as an cholún a scríobhann Robin Livingstone faoin leasainmSquinter”. Cuireadh tús le colún eile sa Portadown News ar na mallaibh fosta a dhéanann magadh faoi cholúnaí eile de chuid an Andersonstown News, Danny Morrison.

Is dócha go mbeidh an bheirt acu sásta a chluinstean go bhfuil Newton ag cur deireadh leis na colúin sin. “ an raic sin thart, agus ceapa magaidh níos tábhachtaí againn,” a deir .

Seans go bhfuil na póilíní intinne ar a mbealach chugam anois. B’fhéidir gur cheart dom dul ar mo sheachaint. Ach fágfaidh seoladh teagmhála ag an ionad pobail, ar eagla go mbuafaimid an crannchur.

Is saoririseoir agus craoltóir í Liz Curtis. Is as Sasana ó dhúchas í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.