Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Mícheál Mac Giolla Easbuic ar Chill Chartha in iardheisceart Dhún na nGall.
Tá paróiste Chill Chartha, idir chladach, ghleann agus chnoc, cuachta istigh idir paróistí na gCeall, Ard an Ratha agus Ghleann Cholm Cille, agus cósta thuaidh Bhá Dhún na nGall in iardheisceart na contae.
De réir na scéalta, tháinig Cartha Naofa go dtí an ceantar seo i 631 AD, an Cartha céanna a raibh baint aige le Lios Mór i gContae Phort Láirge. Tá seaneaglais Chartha agus an reilig suite i mBaile an Teampaill, áit ar cuireadh gach duine idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh uair amháin. In 1829 thóg na Protastúnaigh Eaglais Mhaitiú ag bun an bhaile agus thóg na Caitlicigh teach pobail Chartha ag barr an bhaile sa bhliain chéanna agus baineadh úsáid as sin go dtí gur tógadh teach pobail an lae inniu i 1904, foirgneamh iontach ar thaobh na láimhe deise ar an phríomhbhóthar ó na Cealla Beaga.
Ba ghnách Baile an Droichid a thabhairt ar an tsráidbhaile sa tseanam mar go gcaithfeá droichead a thrasnú cibe bóthar a thógfá le gabháil ann. Tugadh drong Bhaile an Droichid orthu sin a raibh cónaí orthu ann.
Is iomaí naomh a bhfuil toibreacha ainmnithe ina ndiaidh sa cheantar. Is iad is iomráití orthu sin ná Cartha féin, Conall, Muire agus Pádraig, ach deirtear gurbh é Tobar Chiaráin i mBabhdhún is mó airde ó thaobh toibreacha beannaithe i dTír Chonaill. In aice leis an tobar seo tá láthair seandálaíochta ina bhfuil tumbaí a bhfuil aois níos mó ná cúig mhíle bliain acu. Rinne an Dochtúir Ó Flanagáin, nach maireann agus a raibh baint aige le hOllscoil na Ríona i mBéal Feirste, tochailt ar chuid de na tumbaí seo ag deireadh na seascaidí agus sna seachóidí agus tá obair le críochnú sa cheantar seo go fóill.
Gidh gur beannaíodh toibreacha na hÉireann le teacht Ré na Críostaíochta, fágadh Tobar Chnapastúin ar an Mhucros i gCill Chartha gan athrú - tobar atá ainmnithe i ndiaidh Rí de chuid na sióg, Cnapastún, a raibh cónaí air ar Mholaidh na Bruidhne. Bhíodh síorachrann idir é féin agus Bolcan a bhí ina Rí ar shióga Ghleann Bholcain, áit atá suite ag barr Ghleann an Bhaile Dhuibh. Mharaigh sióga Chonnacht sa deireadh é nuair a chuaigh sé siar ag cur catha orthu.
Beo bocht
Sa tseanam ba ar an iascaireacht agus ar an fheirmeoireacht a mhair bunús na ndaoine, dalta pobal na tuaithe i ngach áit eile, agus taobh amuigh den tae, siúcra agus an plúr bhí gach bia eile dá gcuid féin acu. Gidh go raibh said beo bocht bhí gach duine sa riocht céanna agus iad ag maireachtáil ar scáth a chéile. Bhíodh lucht siúil gur tháilliúirí, ghréasaithe agus lucht déanta cannaí iad ag taisteal i ngach ceantar ag freastal ar riachtanaisí na ndaoine.
Bhí an lámhcheardaíocht go láidir sa cheantar, go háirithe ag na cailiní, agus ba thionscail teallaigh iad an chniotáil agus an spruigeáil. B’iomaí teach inar thóg an obair láimhe agus uibheacha na gcearc isteach go leor airgid gach seachtain leis an tae, siúcra agus an plúr a bhí de dhíth a cheannach.
Bhí mórán fíodóirí i measc na bhfear agus teach ar bith a raibh seol agus tuirne ann leis an sníomh a dhéanamh de na rollógaí olna bhí siad i ndán bréidín a dhéanamh agus éadach a chur ar a muintir féin agus go minic ar na comharsana.
Bhí monarchan cairpéidí ag bun an bhaile mhóir i gCill Chartha ag tús a haoise seo caite ach níl aon duine de na mná a bhí ag obair ann beo anois. Chuir Gaeltarra Éireann tionscal an bhréidín ar siúl san áit chéanna. Lámhfhíodóireacht uilig a bhí ann agus nuair a bhí Sybil Connolly i mbarr a réime bhí an t-éadach seo in úsáid ar fud an domhain. Ach cosúil le mórán tionscal eile, tháinig athruithe móra nár coinníodh suas leo. Fá láthair tá ceithre thionscal bheaga ag gabháil don olann ann.
Go deireadh na seascaidí, bhí cuid mhór imirce ón taobh seo tíre go Sasana agus go Meiriceá ach níl an oiread sin ag dul thar lear anois, gidh go bhfuil an ceantar á bhánú mar nach bhfuil aon tionscal lonnaithe anseo atá fóirsteanach do dhaoine a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu. Murach an obair pháirtaimseartha atá ar fáil i dtionscal na hiascaireachta sna Cealla Beaga agus ag Earagal Éisc i Mín an Aoire, bheadh Cill Chartha agus na paróistí buailte leis ar an ghannchuid ó thaobh oibre.
Tá Mícheál Mór Ó Domhnaill ag scríobh cuntais ar fhilí na háite agus deir sé go bhfuil os cionn scór a chuir peann le páipéar i nGaeilge agus i mBéarla. Ach taobh amuigh de féin is iad na seanfhilí nach maireann is mó cáil, mar shampla Séamus Ó Doraidhin a scríobh “Sliabh Liag”, Éamonn Ó hEasgain a chum “Mo Chaora Bheag Dhílis” agus an Teachta Dála agus Seanadóir, Míchéal Óg Mac Pháidín, a scríobh mórán píosaí, ach go háirithe “Díbirt an Bhabhdhúin” a thugann cuntas ar na teaghlaigh a ruaigeadh as a gcuid feirmeacha beaga i mBabhdhún.
Beirnigh an Chaisil
Bhí an ceol traidisiúnta go láidir sa pharóiste agus ba bheag teach nach raibh fidil ar crochadh ann leathchéad bliain ó shin. Bhí an-cháil ar Bheirnigh an Chaisil, ar Pheadar ‘ac Cuinneagáin, ar Shéamus Mac Niallghuis agus ar mhórán eile a bhí go maith ag seinm ag na damhsaí a bhíodh sna tithe nuair a bhíodh comóradh ar bith ar siúl agus ina dhiaidh sin ag imeachtaí poiblí na háite.
Ba le múinteoireacht, banaltracht agus leis na gardaí a chuaigh mórán de mhuintir na háite a chuir fúthu in Éirinn go dtí seo.
Sa limistéar seo ina raibh na daoine bródúil as a n-oidhreacht ó thaobh na teanga Gaeilge agus cúrsaí cultúrtha, tá an chosúlacht air go bhfuil meath ag teacht orthu seo de bharr brú ón tsaol taobh amuigh.
Do phobal atá faoi bhun 1,500, tá áiseanna thar barr i gCill Chartha. Tá dhá pháirc pheile ag Cumann Lúthchleas Gael Chill Chartha agus seomraí feistis do bhuachaillí agus do chailíní acu le freastal ar Chomórtaisí Peile na Gaeltachta a bheas á reáchtáil acu i 2004. Tá áiseanna le haghaidh gach cluiche faoi dhíon san Áislann, chomh maith le leabharlann, seomra ríomhaireachta agus idirlín, seomraí feistis, cistin, seomraí cruinnithe, seomra do na naíonraí, seomra snúcair agus pictiúrlann/amharclann is féidir a chur in áirithe do chruinnithe móra chomh maith. Faoi láthair tá socruithe á ndéanamh le hionad aclaíochta a chur ar fáil a rachas chun sochair do mhuintir iardheisceart na contae agus do chuairteoirí chomh maith.
Tá cuid de na radharcanna is áille sa tír sa cheantar seo agus tá sé iontach fóirsteanach le haghaidh siúlóidí bóthair agus siúlóidí sléibhe. Tá iascaireacht chladaigh agus ar bhádaí ar fáil ann fosta.
Sna blianta atá amach romhainn, beidh dúshlán mór roimh mhuintir Chill Chartha agus roimh mhuintir iardheisceart Dhún na nGall ina iomláine: an oidhreacht a chaomhnú ag gach leibhéal de shaol na ndaoine, agus na nithe atá maith ó thaobh teanga, ó thaobh ceoil agus ó thaobh cúrsaí cultúrtha a choinneáil chun neart a chur leis an turasóireacht chultúrtha, ar bhealaí a rachas chun sochair do gach duine sa cheantar agus do na glúnta atá le theacht amach anseo.
Is í an cheist mhór ná an mbeidh sé le rá acu sin a thiocfas inár ndiaidh, “Cad é a tharla do na rudaí luachmhara a bhí againn?”
Is múinteoir scoile é Mícheál Mac Giolla Easbuic atá éirithe as anois. Tá cónaí air i gCill Chartha.