TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Ciarraí Beo Teoranta
Damien Mac Aodha Damien Mac Aodha

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Damien Mac Aodha, Ciarraí Beo Teoranta, Trá Lí, Contae Chiarraí.

Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin in Ciarraí Beo Teoranta (CBT) agus cén fhad atá tú sa phost?

Is mise an rúnaí comhlachta (deonach), mar aon le stiúrthóir na dtionscadal forbartha a bhíonn á reáchtáil againn le tacaíocht ó FÁS (Foras Áiseanna Saothair) agus Foras na Gaeilge.

  1. Cá huair a bunaíodh CBT agus cé a bhunaigh é?

Bunaíodh CBT i mí Lúnasa 2000. Conradh na Gaeilge Thrá Lí (Coiste Dúiche Chiarraí agus craobh Oirthear Dhuibhneach) a bhunaigh é le tacaíocht ó FÁS.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Socraíodh ar chomhlacht teoranta a bhunú chun go bhféadfaimis urraíocht a dhéanamh ar thionscadail FÁS, Oifig Eolais don phobal a reáchtáil, scoileanna nó eile a bhunú agus maoiniú stáit a fháil chun an teanga agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn i gCiarraí (agus lasmuigh den chontae).

  1. An bhfuil duine ar bith fostaithe ag an gcomhlacht?

dáréag fostaithe faoi láthair, 11 le tacaíocht ó FÁS agus duine amháin le tacaíocht Fhoras na Gaeilge.

  1. Cén obair a dhéanann CBT?

Tá ionad Buail Isteach agus Eolais ar oscailt i dTrá Lí. Soláthraíonn muid seirbhísí riaracháin/tacaíochta d’eagrais chultúrtha, ina measc Conradh na Gaeilge Thrá Lí - Oirthear Dhuibhneach, Coiste Dúiche Chiarraí, Abhainn an Scáil, Ógras Thrá Lí, Glór na nGael Thrá Lí, agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann Thrá Lí. Is muidne atá aitheanta mar Aonad Fódhla chun Rós Fódhla (Rós na Gaeilge) a roghnú do chomórtas idirnáisiúnta Rós Thrá Lí. Seo an obair eile a dhéanaimid: tacaíocht do sheirbhísí oideachais ag gach leibhéil, bailiú logainmneacha, féilte áitiúla i gCiarraí, ranganna Gaeilge, fostaíocht Pobail FAS agus eile. Táimid gníomhach i nGréasán Gaeilge Chiarraí. Chuidíomar le bunú naíolann lán-Ghaeilge, naíonraí agus coistí óige ar fud an chontae. Táimid ag comhoibriú leis na húdaráis áitiúla i gcur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail.

  1. Cad iad na foinsí maoinithe atá ag CBT? An leor iad?

Tugann Foras na Gaeilge tacaíocht fhial dúinn chun cíos na hoifige agus tuarastal bainisteora a íoc ar bhonn bliantúil, móide méid áirithe i dtreo costaisí reatha. Íocann FÁS costaisí fostaíochta rannpháirtithe an thionscadail fostaíochta pobail agus tuarastal an tsaoiste. Cé go bhfuilimid fíorbhuíoch as an tacaíocht seo ní leor í chun ár bplean gníomhaíochta a chur i gcrích. Tá géarghá le buanacht agus leanúnachas i gcúrsaí pleanála, gníomhaíochta agus fostaíochta chun seirbhís ghairmiúil chuimsitheach a dheimhniú.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Tá cuid maith acu bainte amach faoi seo ach muid ag iarraidh iad a fheabhsú agus a fhorbairt i gcónaí. Tá an t-éileamh atá ar ár seirbhísí ag fás de réir mar a scaiptear an scéal fúinn. Tá an tIonad Buail Isteach ar oscailt don phobal go lán-aimseartha, ag tairiscint eolais móide seirbhísí riaracháin. Tá cúpla naíonra agus naíolann lán-Ghaeilge bunaithe, cumainn óige agus eile, ach is obair leanúnach, gan deireadh riamh, atá i gceist le formhór ár ngníomhaíochtaí. Tá an-chuid fós idir lámha againn agus beartaithe le déanamh amach anseo. Táimid gníomhach ag lorg stádas cuí - stádas oifigiúil agus oibre - don Ghaeilge san Aontas Eorpach.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le CBT?

Laigí:

Gan ach seacht lá a bheith sa tseachtain agus 24 uair sa ló. An iomarca riaracháin/tuairiscí/iarratas ar mhaithe le maoiniú a choimeád agus gan a dhóthain ama fágtha againn chun an obair ar an talamh a dhéanamh. Easpa buanachta/cinnteachta faoi fhostaíocht agus maoiniú. Gan mórán oibrithe deonacha a bheith ar fáil - iad siúd atá ann táid ró-ghafa. Níl Gaeilge ag fostaithe scéim FÁS go fóill agus tá an-chuid ama curtha isteach ag an saoiste (Damien) ag reáchtáil ranganna dóibh.

Láidreachtaí:

Christín Mhic Iomhargáin (Bainisteoir), an t-aon fhostaí, urraithe ag Foras na Gaeilge - í fíorghníomhach, lán de sheifteanna agus nuaíocht. Tacaíocht agus tuiscint ó FÁS agus Foras na Gaeilge. Pobal báúil linne agus leis an nGaeilge. Dea-thoil an rialtais áitiúil. Áiseanna cruthaithe againn - oifig ina bhfuil trealamh maith (inneall cóipeála daite, ríomhairí). Suíomh gréasáin, cé go bhfuil sé as dáta. Dea-mheas na bpolaiteoirí áitiúla agus lucht gnó. Daoine óga ag teacht chugainn tríd ár seirbhísí don óige agus ag tacú linn. Go príomha, an dearcadh dearfach atá ag an bhfoireann. Tá dlúthbhaint againn le Gaelscoileanna, bunscoil agus meánscoil agus tá comhoibriú iontach ar bun againn leis na daltaí, na tuistí, na hoidí agus boird bhainistíochta.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag CBT faoi cheann cúig bliana.

Seirbhísí don óige, le Gaeilge, ar comhchéim (ar a laghad) le seirbhísí in aon teanga eile in Éirinn. Íomhá dhearfach den Ghaeilge a bheith cruthaithe sna meáin chumarsáide i gCiarraí. Seirbhís bhuan eolais/tacaíochta, ag freastal ar éileamh mór.

  1. Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?

An Ghaeilge ina teanga chumarsáide agus oibre ag lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta. Í a bheith ina teanga inroghnaithe, gan gá le leithscéal, ag saoránaigh na hÉireann, gan í a bheith eisceachtúil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.