THALL IS ABHUS
Charlottetown
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

Ar nós mhadadh Pavlov, bhí béal Bhreandáin de Gallaí ag déanamh uisce nuair a thug sé cuairt ar cheantar Charlottetown ar na mallaibh. Tá togha prátaí, gliomach agus sliogán dubh ann, gan trácht ar shiopa seacláide Anne of Green Gables.

Íomhá
Charolettetown (Alexander O Neill a tharraing ar Vicipéid)
Íomhá
Lucy Maud Montgomery
Íomhá
Bia cladaigh (Flyingtoaster a tharraing chuig Vicipéid)

Dá ndéarfainnging-er” leat, le trilseáin, agus tógtha go mór leis an litríocht ach ní lena hainm féin, caidé a thiocfadh chun cinn i d’aigne? Caidé dá gcuirfinn prátaí isteach sa chothromóid, agus “Cliabhán na Cónaidhme” chomh maith – an dtabharfadh sin léargas ar bith duit?Bhuel – ag caint fá Oileán an Prionsa Éamonn/Éadbhard atá mé, nó Eilean a’ Phrionnsa mar a deir na hAlbanaigh. (http://gd.wikipedia.org/wiki/Eileana’Phrionnsa)

Tá sé ar an chlár toigh s’againne ó bhí mé beag mar gheall ar an “ging-er” sin, Áine na mBeann Glas, nó Anne of Green Gables a bhí ró-óg le bheith chomh inspioráideach agus éalárnach is a bhí sí ... cailín nár tháinig ó chúlra gustail, ach le samhlaíocht ghníomhach, chuir an geabaire seo i bhfeidhm go mór ar na milliúin ... oh! ... agus ficseanúil – rud a shílfeá ón dóigh atá mé ag caint fá dtaobh dithe, nach raibh a fhios agam. (http://en.wikipedia.org/wiki/AnneofGreen_Gables)

Arís, mar gheall ar mo chuid oibre, bhí mé ar shúil liom ag gallivantáil nó ar mo sheachrán, an uair seo i Charlottetown, nó Pleasantville mar a thug mo chuid comhghleacaithe air – rud a mhíneoidh mé amach anseo – agus nuair a tharraing mé isteach go dtí an chathair bheag bhídeach seo ag meán oíche, shíl mé go raibh rud éigin míshocraithe agus Twin Peaksúil fá dtaobh de ... ionas go dtarlaíonn rudaí millteannacha ann ... rudaí nach mbíonn a choíche míniú fána gcoinne. Bhí mé briste brúite marbh tuirse, mar gur ghlac sé saoltaí domh fáil ‘fhad leis an áit – sé uaire déag le bheith cruinn – nuair a smaointíonn tú nach bhfuil sé ach 4 uaire a chloig dá mbeadh eitilt dhíreach ann. Níor chuidigh sin le mo dhearcadh, a bhí paranóideach agus daorbhreithiúnach. Ach ní Twin Peaks ar bith a bhí ann!

Dáimh le Dream na hÁite

Maidir le Charlottetown de, maolaisnéis atá ins an focal pleasant – aithnidiúil, cairdiúil, gealgháireachcha dtáinig mé ar dhream chomh deas le fada. Tar éis lá nó dhó ina gcuideachta thabharfá mionna gur casadh ort iad ins na naíonáin bheaga agus go raibh siad ag crochadh thart leat ó shin! B’fhéidir cionn is go bhfuil DNA gaelach i gcuid mhaith acu, agus go bhfuil an turasóir as Éirinn ina chúis áthais acu a bheith thart. (http://www.familytreedna.com/public/PrinceEdwardIslandDNA/default.aspx) Ach ar ais chuig cuilceach na ribeacha rua - ambasadóir agus an ní is díol spéise do thurasóirí is mó atá ag an cheantar. Lucy Maud Montgomery a chruthaigh an dílleachta neamhbhalbh seo a mheallann go leor turasóirí chun na háite ag cur an turasóireacht ag an tionscal is mó atá acu – feirmeoireacht ag uimhir a dó agus iascaireacht ina dhiaidh sin. (http://www.online-literature.com/lucy_montgomery/)

Ach s’iad na Seapánaigh go háirithe – 50,000 acu sa bhliain le bheith beacht – atá chomh gafa léi go bhfuil taispeántas fúithi i dTóiceo i mbliana. Tá a fhios agam go bhfuil dream an oirthir sin breá tógtha go minic le cultúr an iarthair, ach chuala mé anseo ar an oileán go raibh saothar Montgomery i measc cnuasach bídeach leabhar a aistríodh agus a foilsíodh sa tSeapáin le linn an Dara Cogadh Domhanda. Chuaigh nádúr eisdíritheach agus dalba Anne in éadan idéil an traidisiúin Seapánaigh agus is mar gheall ar seo a bhí móréileamh uirthi sa tír.

D’aimsigh mé siopa seacláide “Anne of Green Gables” sa chathair, agus bhí rud acu a shíl mé féin gur fiú a thriail am éigin. Brioscáin clúdaithe le seacláid. Íosaimse an dá chuid le chéile go minic – sin seacláid agus brioscáin – agus bhí mé ag déanamh dá dtiocfaí na brioscáin a chlúdach le seacláid, ach gan iad a dhéanamh bog mar geall ar theas na seacláide leáite, bheadh iontas ar dhaoine chomh deas is a bheadh siad. Anois, tá teicníc de shórt inteacht ag an siopa seo – bhí andúil ghoirt mhilis úr orm. Agus ag amharc ar chuma, nó toirt na gcailíní a bhí ag obair ann, níl amhras ar bith go bhfuil siad díograiseach go maith ag cinntiú go bhfuil ardchaighdean ar na seilfeanna – bhuel bosca milseán ar bith a éiríonn leis éalú uathu agus an tseilf a bhaint amach slán ... (http://www.annechocolates.com/)

Oileán an Phráta

Prátaí an rud eile – thar billiún cileagram sa bhliain – trian de na prátaí ar fad a fhástar i gCeanada, as PEI a thagann siad. Cineál Idaho beag atá ann, le coinníollacha foirfe lena bhfás – créafóg dhearg ghainmheach shaibhir, geimhreadh fuar fada, agus mar a deir an connoisseur fíona den chéad rogha – ar an tslí chéanna leis an dóigh gur féidir leat an chréafóg a bhlaiseadh i gcaora fíniúna – is mar gheall ar an chréafóg shaibhir dhearg seo atá an blas chomh heisceachtúil.

Bhí rudaí go leor a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh nach bhfuair mé deis – bhí mé ansin le hobair a dhéanamh mar a dúirt mé. Cé go bhfuil an baile é féin galánta, néata picturesque, bheinn ag meas go bhfuil na seoda ar fad amuigh faoin tuath – garraithe móra prátaí, tránna álainn srl.

Fosta ‘fhad is a bhí mé ann bhí féile ar siúl – Celtic Colours – ar Oileán Cape Breton, nach bhfuil i bhfad ar shiúl – agus lear ceoltóirí ag casadh ann a bhfuil aithne mhaith agam orthu – Mairéad Ní Mhaonaigh, An tOllamh Mícheál Ó Suilleabháin, Liam Ó Maonlaí, Maighread Ní Dhomhnaill srl. – bhí orm cúis a dhéanamh le hiad a fheiceáil ar an idirlíon (http://www.celtic-colours.com/) – ach is cosúil go raibh scoth an cheoil agus an chraic ansin. (http://www.dailymotion.com/video/x44t32celtic-colours-international-festivtravel) (http://www.youtube.com/watch?v=ZGiYgRF2T4&feature=autosharetwitter) Bhí mé ag súil go mór leis an chanúint áitiúil a chloisteáil – go minic tagann tú ar an chineál blas ‘Fargo’ (scannán de chuid na ndeartháireacha Cohen) sin, ach níl sé chomh láidir i bPEI le canúint Thalamh an Éisc. Bhí sé ann – i measc an tseanmhuintir mar sin féin – mar sin bhí gáire beag agam domh féin achan seal anois ’s arís. (Géarmheas ar Fargo anseo: http://www.strimoo.com/video/14026682/Fargo-One-of-the-Worst-Movies-I-ve-Ever-Seen-MySpaceVideos.html)

Ach, cé nach bhfuil mórán de dhaonra ann, nó méid millteannach le déanamh, caithfidh mé an áit a mholadh go mór – go háirithe má tá dúil agat i mbia farraige. Gliomaigh, sliogáin dhubha, breallaigh agus a leithead, agus chan daor a bhí siad. ‘Fhad ‘s atá an bia maith, bímse sásta – tá sin amhlaidh do dhuine ar bith ar m’aithne ... nó do dhuine ar bith a léigh m’alt le cúpla mí anuas. (http://www.dailymotion.com/video/x627omthe-proper-way-to-eat-mussels-on-prtravel) (http://www.youtube.com/watch?v=MVaDH1N3x98&feature=related)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.