THALL IS ABHUS
Ceol na Bainse
Amanda Reid Amanda Reid

Chaith Amanda Reid oíche go maidin ar bhainis sa bPolainn i gcomhluadar le lucht ceoil. Fuair sí léargas ann ní hamháin ar an gceiliúradh, ach ar an gcruatan saoil.

Íomhá
Árasáin gan fargán i Łódż
(le Claudio Napoli ar Flickr.com)
Íomhá
Pomnik Rubisteina i Lodz
(le Polimerek ar Vicipéid)
Íomhá
Ceiliúradh

Is teicneoir fuaime é Krzysztof i mbaile Phoznań na Polainne. An lá ar chuir mé aithne air, bhí sé le bheith i mbun fuaime ag bainis thíos faoin tír. Bíonn sé ag obair le grúpaí ceoil. Bhí cead faighte agam féin ó lucht an cheoil freastal ar an mbainis a raibh sé ag gabháil ann. Bhí an-fhonn orm bainis Pholannach a fheiceáil agus thapaigh mé an cuireadh.

Bhí sé socraithe agam casadh le Krzysztof i gcarrchlós na hOllscoile ag a leath uair tar éis a hocht ar maidin. Níor tháinig sé go dtí a leathuair tar éis a naoi. Aithne dá laghad ní raibh agam air, agus chaith mé an uair a chloig ag breathnú go géar ar na carranna agus ar na daoine a bhí ag tiomáint isteach sa gclós. “Fear beag go leor agus meigeall air. Carr gorm!” Sin é an t-aon eolas a bhí agam. Nuair a tháinig sé ar deireadh, bhí áthas orm cúpla focal maith Béarla a bheith ar a thoil aige. Ní raibh agam féin ach dhá fhocal Polannaise, rud nár leor don turas trí huaire a chloig a bhí romhainn. Ní fada go raibh muid ar an mbóthar mór soir i dtreo Łódż.

Bhí Krzysztof bocht tuirseach go leor. Bhí an oíche caite aige i stiúideó príobháideach tar éis seachtain oibre i stiúideó fuaime na hollscoile. Ní raibh néal codlata déanta aige ach a éadan bán, tarraingthe agus na súile slogtha ina cheann. Choinnigh mé orm ag caint ar fhaitíos go dtitfeadh a chodladh air sa gcarr.

Saol sa gCeap Árasán

Dúirt sé go raibh sé féin, a bhean agus an iníon ina gcónaí in árasán beag aon seomra codlata ar an 21ú urlár i mbloc mór lom ar imeall na cathrach. Sna hárasáin a mhaireann formhór na bPolannach.

“An mbeidh tú sa bPolainn i rith an tsamhraidh?” arsa Krzysztof tar éis tamaill.

“Tá súil agam a dhul go hÉirinn,” arsa mise.

Rith sé liom ansin go dteastódh duine uaim le huisce a chur ar mo chuid lusanna fad ’s a bheinn as baile.

“Déanfaidh mise é sin dhuit,” arsa seisean. “Cuirfidh muid san árasán s’againn féin iad”.

“B’fhéidir go bhféadfá iad a chur amach ar an bhfargán”, arsa mise. Shíl mé nach mbeidís sa mbealach air ansiúd. Bhí tost ann. Ní raibh aon fhargán aige.

Trí uair a chloig ina dhiaidh sin, agus comhrá groíúil déanta againn lena chéile, tharraing muid isteach i sean-eastát uasal, teach mór galánta ann, agus gairdíní bláfara. Chas muid leis an ngrúpa. Bhí siad ar fad ciúin go leor iontu féin, iad tagtha ó ghig eile an oíche roimhe sin, agus iad ar easpa codlata.

Thosaigh Krzysztof ag tarraingt trealaimh fuaime as an gcarr. Ní raibh caint ar bith ar chaife ná ar lón cé go raibh sé ina mheán lae faoin am sin. Nach mé a bhí sásta go raibh mo chuid ceapairí liom! Bhí an lá breá te, agus bhí páirc aoibhinn le siúl agam síos ón teach. D’imigh mé liom agus Krzysztof ag socrú an trealaimh. Chodail mé tamall cois locha agus an samhradh ag dordán go bog i mo thimpeall. Bhí an fhéachaint fuaime ar siúl nuair a d’fhill mé ar an teach ar ball. Bhí an grúpa múchta go leor iontu féin. Ní raibh aon ghreim bia faighte acu idir an dá linn, ach ba chuma leo: bheadh an bhainis ag tosnú ag a sé, agus bheadh bia agus deoch á roinnt go fial an t-am sin.

Tháinig lucht na bainse go pointeáilte ag a sé agus gliondar na hócáide orthu. Bhí an teach ar fad maisithe go costasach le bláthannaí móra ildaite, agus cúpla dosaen buidéal fuisce leagtha ar na boird i gcomhair an tslua. Isteach leis an mbrídeach faoi ghradam agus cuireadh tús leis an scléip. Thug na leaids leo gloine mhór fuisce an duine agus thosaigh an ceol ar deireadh. Lean an chéad set thart ar leathuair a chloig sular shuigh lucht na bainise chun boird. Amach linn féin ar an patio, faoi aer milis an chlapsholais, agus an clós líonta le boladh na mbláthanna.

Is Maith an tAnlann an tOcras

Bhí an béilí ag tosnú faoi dheireadh. Bhí muid féin stiúgthaí leis an ocras. Chaith na leaids siar an pláta anraith mar a d’alpfadh an madra a chuid. Ós rud é nach raibh aon tuairisc ar phláta eile, shuigh siad tamall ag caint agus ag caitheamh gail tobac sular thug siad faoin darna set ceoil.

Tháinig plátaí feola agus éisc, anlann glóthaí orthu mar a bheadh crústa bog. Bhí an banna ag téamh. Leath uair eile agus shuigh siad chun boird arís. Thug siad faoin mbia go hamplach. Ní raibh deireadh leis an lón ná leis an sóláthar ar feadh na hoíche nó gur tháinig an chéad léas scarthanaí ar bhun na spéire. Féile, fairsinge, agus, fulaingt mo léan.

Chríochnaigh an ceol ag a cúig ar maidin Dé Domhnaigh. Bhí Krzysztof tar éis an darna oíche a chaitheamh gan codladh. Bhí an trealamh le pacáil fós, ach bhí súil leis ar ais i bPoznan ag 8.00 ar maidin. Bhí lá le caitheamh aige ag obair sa stiúideó príobháideach arís, agus ar ais ag obair sa jab maidin Dé Luain. B’fhéidir go mbeadh deis aige codlata an chéad oíche eile dá mbeadh an taifeadadh críocnaithe in am.

An deireadh seachtaine sin, shaothraigh Krzysztof 600 złoty – thart ar €120. Míle dhá chéad zloty - €250 - an tuarastal a shaothraíonn sé in aghaidh na míosa. Thuig mé an lá sin nach saol gan chruatan a chaitheann muintir na Polainne. Is luath a thagann an aois orthu dá bharr. Ní bhíonn feabhas i ndán. Ach, mar a deir siad féin, agus cuid den ceart acu is dóigh, an rud nach maróidh thú, is dóigh go neartóidh sé thú!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Nua-Shéalainn ó dhúchas í Amanda Reid a bhfuil blianta caite aici in Éirinn agus i dtíortha eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.