CÚINNE NA nEALAÍON
Ceol diamhair Dee
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Míníonn Colm Ó Snodaigh cén fáth a bhfuil sé chomh tógtha sin le cuid ceoil Dee Armstrong, an bhean a sheinneann an fhidil le Kíla.

Íomhá
Íomhá
Dee Armstrong: ag seinm ar an mbainseo anois chomh maith

Is deacair a chreidiúint gur cúig bliana déag ó shin a dhein Dee taifeadadh leis an mbanna den chéad uair – stiúideo Bow Lane ar chúl ionad siopadóireacht Fhaiche Stiabhna. Bhí an banna ag athrú ag an am; bhí Colm Mac Con Iomaire agus Dave Odlum tar éis cinneadh a dhéanamh cloí leis na Frames (cé go rabhadar lánsásta cuidiú linn sa taifeadadh) agus bhí Dave Reidy agus Dee tar éis teacht isteach chugainn ina n-ionad.

As teaghlach lán le ceol clasaiceach a tháinig Dee, ach is beag seinnt a bhí déanta aici féin – san ealaín agus déanamh scannán is mó a bhí a spéis ag an am. Acko agus Vinni Swan a thosaigh ar an bhfidil í i gceart. Chonaiceadar í ag siúl ar Shráid Grafton agus fidil ar a droim. Bhíodar féin ag buscáil agus thugadar cuireadh di seinnt leo.

“Níl mé in ann seinnt,” arsa sí.

“Is cuma,” arsa siadsan. “Níl ná muidne!”

Amach leis an bhfidil – dúirt Vinni léi nótaí fada a sheinnt agus a méaracha a rith suas an fhidil ar nós Jimmy Page anois is arís, amhail is go raibh a fhios aici cad a bhí á dhéanamh aici.

Agus b’in í cúpla bliain níos déanaí ag dul isteach i stiúideo linne le ceol réasúnta casta a thaifeadadh. Ní hamháin sin ach is beag seinnt a bhí déanta aici linne ach an oiread – trí mhí ar a mhéad!

Bhí sé phíosa idir lámha againn. Píosaí nuachumtha den chuid is mó agus dornán fonn traidisiúnta. Ba é an píosa ab áille dar liomsa ná fonn de chuid Rossa a chum sé i dteannta Karl Odlum i gCorca Dhuibhne i measc na sléibhte agus spéartha drámatúla sin os cionn bhá Bhaile na nGall. Ard Aoibhinn. Píosa seacht nóiméad ar fhad ar an bhfeadóg íseal a ghluais ó mhall go tapa, ó ghruaim go suáilceas, ó uaigneas aonair go ceiliúradh comhluadair.

Ní raibh aon ní le déanamh agam ar an bpíosa agus mar sin shuíos sa seomra rialaithe ag éisteacht go cúramach le gach nóta a seinneadh. Chuir Rossa, Rónán, Dave agus Karl bunleagan álainn den bhfonn síos.

Ansin bhí Dee agus Colm lena gcuid fidléireachta a dhéanamh agus ní dhéanfaidh mé dearmad riamh ar an draíocht a tháinig as méaracha Dee. Le déanaí, dúirt sí liom go raibh eagla an domhain uirthi. Níl aon chuimhne agam air sin ach tá a fhios agam nach raibh mórán cur amach aici ar an bhfonn, agus gur ar éigean a cloiseadh Colm bocht a luaithe is a thosaigh sí ag seinnt. D’éirigh léi áit Choilm sa bhanna a ghlacadh lena seinnt mhaorga agus é sa seomra céanna léi, ag seinnt in aice léi.

Chorraigh a seinnt go domhain mé agus thuigeas go raibh ceoltóir speisialta lán le ceol, comhcheol agus tuiscint orainne agus ar ár gceol tar éis teacht chugainn. Thuigeas leis go gcuirfeadh a ceol ionadh orm i gcónaí.

An bainseó

An bainseó bocht – deirtear gur tús maith míle bainseó ag bun na sáile. Tá scéal ann chomh maith faoi cheoltóir a d’fhág a bhainseó ar shuíochán cúil a chairr fad is a d’imigh sé amach ar oíche drabhláis. Nuair a d’fhill sé an mhaidin dár gcionn lena charr a bhailiú chonaic sé go raibh fuinneog cúil an ghluaisteáin briste. Tháinig sceon air ar dtús, go bhfaca sé bainseó eile suite in aice lena bhainseó féin.

Ag spochadh as an mbainseó a bhíomar anuraidh nuair a dúirt Dee linn go raibh ceann ceannaithe aici ón gceardaí uirlisí Frank Tate, agus go raibh sí ag súil len é a sheinnt sa seisiún taifeadta a bhí pleanáilte againn do mhí Dheireadh Fómhair.

Thiomáineamar go hIonad Ealaíon Chluainín Uí Ruairc i gContae Liatroma leis an taifeadadh a dhéanamh. Shroicheamar an áit deireanach go leor sa tráthnóna agus mar sin níor éirigh linn mórán oibre a dhéanamh seachas an trealamh taifeadta a chur isteach san ionad agus na huirlisí uilig a leagan amach go néata ionas go mbeimis ábalta teacht orthu go tapaidh nuair ba ghá.

Suas linn mar sin chuig seanteach an dochtúra, mar a bhíomar le fanacht. Ar an taobh ó thuaidh den bhaile a bhí sé, in aice leis an marglann, an seanstáisiún traenach agus eastát nua tithíochta. Chuireamar béile síos agus thosaigh ag cur plean cuimsitheach le chéile don chúig lá taifeadta a bhí eagraithe againn. Níos déanaí, thosaíomar ag seinnt cois tine. An sórt seinnte a chuireann luascadh sna méaracha roimh thaifeadadh nó cheolchoirm.

“Cad a cheapann sibh faoi seo?” arsa Dee agus thosaigh sí ag seinnt fonn úrnua ar an mbainseó agus í ag canadh ag an am céanna. Fonn simplí. Fonn álainn. Fonn diamhair. Is dócha go raibh seisear againn sa seomra – ionadh orainn uilig faoi dhraíocht an phíosa.

“Ba cheart dúinn an píosa sin a thaifeadadh,” arsa mé féin, agus mé ag athrú na bpleananna uilig. “Tosóidh muid leis sin maidin amárach.” D’aontaigh gach duine liom agus an t-ionadh céanna orthu is a bhí ormsa.

An áit a ndearnadh an taifeadadh le déanaí: www.theglenscentre.com

An banna lena bhfuil Colm Mac Con Iomaire fós ag seinnt leis: www.theframes.ie

Suíomh gréasáin an cheardaí uirlisí: www.franktateinstruments.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.