CÚINNE NA nEALAÍON
Ceol Cheanannais
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Tá an comhlacht léirithe Cartoon Saloon ag cur na dlaoi mullaigh faoi láthair ar scannán dar teideal [i]The Secrets of Kells[/i]. San alt seo, insíonn Colm Ó Snodaigh dúinn faoin mbaint atá aige féin agus ag Kíla leis an scannán.

Íomhá
Íomhá
Bruno Coulais, an cumadóir cáiliúil ón bhFrainc
Íomhá

Tá sé ró-dhéanach istoíche agus tá mé i mo shuí os comhair ríomhaire go fóill ag déanamh zipchomhaid de chomhad ceoil le hé a sheoladh chun na Fraince trí dropsendit.com. Ríomhairí, ríomhairí, ríomhairí! Tá siad go hiontach, ach toisc gur féidir an-chuid a dhéanamh leo, is dócha go gcuireann muid breis stró orainn féin an chuid dheireanach de thasc a dhéanamh seachas dul chun na leapa lenár scíth a ligean.

Sa chás seo, ní orm féin atá an locht go hiomlán. Mar is gnáth le scannáin, tá an ceol fágtha go dtí an nóiméad deireanach. Agus mar is gnáth, bhí an ceol ag teastáil “inné”!Ach is cuma liom, an tráth seo, go bhfuilim spíonta mar go bhfuil an scannán ar a bhfuilimid ag obair iontach gleoite. Cartún is ea é atá déanta ag comhlacht ó Chill Chainnigh ar a dtugtar Cartoon Saloon –

aithneoidh roinnt daoine rian na n-ealaíontóirí oilte seo ó leabhair chruthaitheacha Cholmáin Uí Raghallaigh mar go ndearna siad an dearadh ar chuid dá scéalta Fiannaíochta agus Rúraíochta.

The Secret of Kells a thugtar ar an scannán seo a insíonn scéal manaigh óig, Breandán, a bhfuil cónaí air i gCeannanas Mór. Tá balla cosanta á thógáil timpeall na mainistreach ach tá fonn ar Bhreandán cleasa na peannaireachta a fhoghlaim ó na manaigh eile. Is scéal faoi theacht in aois é agus faoi áilleacht na n-ealaíne atá le fáil i Leabhar Cheannanais. Is scéal galánta é a insítear ar bhealach álainn agus, níos tábhachtaí fós, atá deartha ar bhealach álainn. Beidh gach duine, idir óg agus aosta, faoi dhraíocht ag an scannán seo, bí cinnte de sin. Tá an comhlacht i ndiaidh a bheith ag obair ar an tionscadal seo le deich mbliana anuas agus beidh sé le feiceáil i mí Feabhra, le cúnamh Dé.

Deich mbliana ó shin, bhuail an stiúrthóir le Rónán, mo dheartháir, agus é ag déanamh ceolchoirme leis an Millennium Drum Band. Mhínigh sé a fhís do Rónán agus ó shin i leith, gach uair atáimid in aice le Cill Chainnigh, buailimid leis an léiritheoir agus an stiúrthóir agus labhraímid faoi chúrsaí.

Sa bhFrainc tá scéim an-chliste curtha ar bun chun maoiniú a dháileadh ar lucht déanta scannán. Is féidir le comhlacht, is cuma cárb as dóibh, maoiniú a fháil le haghaidh tionscadail ar an gcoinníoll go n-úsáidfidh siad méid áirithe Francach sa chriú agus an scannán á léiriú acu. Tugadh airgead do Cartoon Saloon agus bhí cumadóir Francach ag obair leo. Cé go raibh an cumadóir sin ag obair leo, bhí Cartoon Saloon cinnte gur cheart dósan a bheith ag obair linne chun fuinneamh agus stíl an cheoil Éireannaigh a fháil go cruinn.


Deich mbliana níos déanaí táimid i Sligeach i stiúideo Brian McDonagh ó Dervish ag obair ar an gceol le cumadóir cáiliúil Francach, Bruno Coulais.

Má dhéanann tú cuardach ar Google ar ainm Coulais, feicfidh tú gur sean-*pro *sároilte é. Ina theannta siúd, anseo linn i Sligeach tá Slim, ar duine de na seinnteoirí is cáiliúla giotáir sa bhFrainc é, agus a chomhghleacaí stiúideo Max. Tá siad ábalta obair go crua agus tá fonn oibre orthu inniu. Níl ach dhá lá fágtha againn agus ní féidir linn oiread is nóiméad amháin a chur amú.

Tá Bruno díreach tagtha ó Seattle agus tá sé spíonta ach oibríonn sé ó dhubh go dubh leis an mbeirt eile. Agus muidne? Bhuel, táim an-bhródúil asainn – glacaimid le comhairle, fáiltímid roimh threoir agus roinnimid gach smaoineamh agus cleas ceoil atá againn go fial.

Agus tá na triúr ríthe ag baint an-taitnimh as ár gcleasaíocht – Rossa ag seinm na spúnóg lena chosa, Dee ag cumadh port ar an spota, Lance agus Rossa i mbun na ndrumaí agus mo mhéara féin ag léim thart timpeall de réir na nótaí a chloisim.

“Éist leis seo,” a deirim ag am amháin agus seinnim píosa ar orgán séipéil: fuaim mhilis, shaibhir, dhoimhin mar a bheadh braon Baileys ann!

“Fan ansin,” a chloisim tríd na cluaisíní ó Max, “tá Bruno ag teacht isteach chugat.”Tagann sé isteach agus éisteann sé go cúramach lena bhfuil á sheinm againn agus ansin, chumaimid uilig le chéile an píosa ceoil a bheas le cloisteáil ag tús an scannáin! Agus an sruth cruthaitheach ag gluaiseacht agus tú i lár baill, tarlaíonn an draíocht sin.


Agus muid ag fágáil slán leo, iarraidh orainn obair a dhéanamh ar leagan den amhrán a bheas le cloisteáil ag deireadh an scannáin. D’oibríomar air agus, mar a dúras cheana, bhí an ceol ag teastáil uathu inné. Dá bhrí sin, seo mé ag an ríomhaire ró-dhéanach istoíche ag déanamh zipchomhaid de chomhad ceoil le hé a sheoladh chun na Fraince trí dropsendit.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.