Tá an-dochar á dhéanamh d’íomhá na Stát Aontaithe ar fud an domhain ag polasaí rialtas an Uachtaráin Bush i leith príosúnach polaitiúil, dar le Brian Ó Broin.
I mí Mheán Fhómhair 2002, ar eolas ó sheirbhísí rúnda Cheanada, stopadh Ceanadach darbh ainm Maher Arar agus é ag dul trí Aerfort John F Kennedy i Nua-Eabhrac. Níor cúisíodh é as aon rud, ach eitlíodh chun na hIordáine é, ansin seoladh ar aghaidh chun na Síre é, áit ar caitheadh i bpríosún rúnda de chuid an CIA é. Céasadh go neamhthrócaireach é ar feadh bliana.
Ach, creid nó ná creid, bhí an t-ádh leis an Uasal Arar – bhí a fhios ag rialtas Cheanada gur thóg an CIA é, agus tar éis a admháil gur deineadh botún uafásach, lorgaíodar ar ais ó na Meiriceánaigh é. Gan idirghabháil Cheanada, ní fios cá mbeadh sé anois, nó fiú an mbeadh sé beo. Tá an tUasal Arar ar ais i gCeanada anois, tar éis do rialtas Cheanada leithscéal gan agús a ghabháil leis. Go dtí seo, ámh, níor dhúirt fórsaí rúnda na Stát Aontaithe faic faoin gcás.
Tógadh Arar i bpróiseas a dtugann an CIA extraordinary rendition air. Ní cheadaítear céasadh ainrialta ar thalamh na Stát Aontaithe féin i láthair na huaire, agus dá réir sin, chun eolas a bhrú ó amhrasaigh a ghabhtar i Meiriceá, ní mór iad a sheoladh thar lear. Má ghabhtar thar lear iad, ní mór iad a choimeád thar lear, i dtíortha gan dlíthe in aghaidh céasta, más féidir, nó i bpríosúin ar thalamh neamhchinnte, mar Chuan Guantánamo i gCúba, mar shampla. Muna ligeann dlíthe do thíre féin duit eolas a bhascadh as duine, eitlíonn tú é go príosún rúnda i dtír eile agus “faigheann” tú an t-eolas uaidh ansin.
Má chuireann seo iontas ar an léitheoir, bíodh amhlaidh. Céastar príosúnaigh de chuid na Stát Aontaithe anois, agus, má rithfear bille a mhol an t-uachtarán don Chomhdháil an tseachtain seo caite, ceadófar céasadh as seo amach agus ní thabharfaidh Meiriceá aitheantas do Choinbhinsiún na Ginéive níos mó.
Is cosúil gur céasadh an-chuid de na príosúnaigh sna príosúin thar lear cheana féin (is eol don domhan anois mar a caitheadh le príosúnaigh Abu Ghraib san Iaráic, mar shampla), agus rialtas Mheiriceá den tuairim nach raibh stádas saighdiúra tuillte ag na hamhrasaigh, agus dá réir sin, nach raibh cearta ar bith acu de réir Choinbhinsiún na Ginéive. Agus na príosúin seo in áiteanna nach bhfuil dlíthe an Domhain Thiar i réim, tá cead ag na séiléirí pé bascadh is mian leo a thabhairt do na príosúnaigh.
Enemy Combatants a ghlaoitear ar na príosúnaigh seo, a bhfuil tuairim is 15,000 acu i bpríosúin éagsúla timpeall an domhain, agus ní fios cén damáiste atá á dhéanamh d’ainm na Stát Aontaithe mar gheall orthu. Aistríodh ceithre amhrasach déag ó phríosúin rúnda timpeall an domhain go campa géibhinn Chuan Guantánamo le déanaí, agus beart ag réimeas Bush iad a chúiseamh roimh na toghcháin lár téarma ar an 7 Samhain.
Ach tá na cásanna dlí seo go mór in amhras anois, ó tugadh le fios gur céasadh na ceithre amhrasach déag lena n-admhálacha a fháil, agus nach dtaispeánfar an fhianaise ina n-aghaidh sa chúirt. D’fhéadfaí iad a dhaoradh chun báis, fiú, gan na líomhaintí a cuireadh ina n-aghaidh a nochtadh. Chun seo a dhéanamh, ámh, beidh ar arm Mheiriceá Coinbhinsiún na Ginéive a shéanadh, mar is faoi dhlíthe an airm a chúiseofar na príosúnaigh. Agus chun seo a dhéanamh, beidh ar rialtas Mheiriceá dlí a rith tríd an gComhdháil a thabharfaidh cead don arm an Coinbhinsiún úd a shéanadh.
Díospóireacht
Agus mar sin, tharla díospóireacht i measc pholaiteoirí agus iriseoirí Mheiriceá le déanaí nach raibh mé ag súil leis riamh i dtír mar seo – pléadh chomh fada agus a d’fhéadfaí amhrasaigh i gcásanna sceimhlitheoireachta a chéasadh. Pléadh an difríocht idir an-phian, géarphian, agus róphian. Mhol an t-uachtarán go gceadófaí gach sórt i gcéasadh príosúnach ach amháin “róphian” (cibé rud é sin). Ba chosúil, mar shampla, go gceadófaí céasadh ar bith nach bhfágfadh an t-íospartach martraithe.
Ar ndóigh, níl sa díospóireacht seo go fóill ach bille a mhol an t-uachtarán féin, a cheadaigh coiste Comhdhála dó cheana féin. Agus le móramh Poblachtánach sa Chomhdháil, tá seans maith go rithfear é má thagann sé os comhair na Comhdhála roimh an toghchán atá le teacht.
Muna bhfuil polaiteoirí Mheiriceá sásta seasamh in aghaidh mholadh an uachtaráin, ámh, tá an t-arm féin ag seasamh go láidir in aghaidh athruithe ar bith. A réasúnaíocht: má chuireann arm Mheiriceá Coinbhinsiún na Ginéive ar leataobh agus iad ag déileáil lena gcéilí comhraic, ní chaithfear puinn níos fear leosan má ghabhtar iad i gcath.
Go dtí seo, bhí polasaí oifigiúil amháin ag Meiriceá: pé rud a rinne tú, nó pé cúis a cuireadh i do leith, gheofá dlíodóir agus chaithfí go daonnachtúil leat ar an mbonn go raibh tú neamhchiontach go dtí go dtabharfadh breitheamh cinneadh i do leith. Bheadh cead agat an fhianaise a cuireadh i do leith a fheiceáil, agus ceisteanna a chur ar do chúiseoir. As seo amach, is cosúil, ní mar sin a bheidh cúrsaí. Cheana féin, faoi dhlíthe nua a ritheadh i ndiaidh ionsaí an 11 Meán Fómhair 2001, is féidir le hUachtarán Mheiriceá aon duine ar domhan, b’fhéidir fiú saoránach Meiriceánach, a ainmniú mar “chomhraiceoir naimhdeach” gan fianaise ar bith a chur ina leith, agus é a chaitheamh i bpríosún.
D’fhoilsigh rialtas Mheiriceá Measúnú Náisiúnta Faisnéise le déanaí ag tabhairt le fios go raibh an cogadh san Iaráic ag tabhairt ugaigh d’antoiscigh timpeall an domhain agus ag déanamh na bagartha domhanda sceimhlitheoireachta ní ba mheasa. Ní nach ionadh, b’fhéidir, más eagal do chosmhuintir an domhain nach bhfaighidh siad lá sa chúirt ná cóireáil dhaonnachtúil i bpríosún ón tír atá in ainm is a bheith ag bronnadh saoirse orthu.
Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.