Is gearr go mbeidh Bord Chill Dara de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ag cur imeachta dar teideal Ceardlann Earraigh ar siúl ina mbeidh ranganna amhránaíochta agus ceoil, mar aon le ceolchoirm. Labhair Antaine Ó Faracháin le Máire Uí Fhlatharta, duine den choiste eagraithe.
Antaine Ó Faracháin: A Mháire, inis dom ar dtús: cén uair a bheas Ceardlann Earraigh ar siúl?
MUíF: An t-ochtú lá de mhí an Aibreáin. Bíonn na ceardlanna lae ar siúl i Scoil na Mainistreach i gCill Droichid. Bíonn na ranganna ar siúl ansin i rith an lae agus ansin tráthnóna tagann na múinteoirí ar fad le chéile agus bíonn coirm cheoil mhór againn. Bíonn sí sin ar siúl i Má Nuad, in Óstán an Glenroyal.
AÓF: Cé chomh fada is atá an cheardlann seo ag tarlú anois?
MUíF: Sílim gurb í seo an naoú bliain anois. Tá na blianta ag imeacht go sciobtha!
AÓF: Agus an gceapann tú go bhfuil sí ag fás nó ag fanacht mar an gcéanna?
MUíF: Ó tá sí ag méadú i gcónaí, ach tá a lán oibre i gceist. Caithfidh tú rudaí a dhíol i gcónaí. Ní raibh an méid sin múinteoirí againn ar dtús, ní raibh an méid sin uirlisí i gceist. Bhí an bosca ceoil, an veidhlín, bhí na rudaí sin ann, ach ní raibh an bainseó againn, abair. Tá an chruit againn i mbliana freisin. Ní raibh an bodhrán againn ar dtús ach an oiread.
AÓF: Thosaigh sibh beag go leor ag an tús.
MUíF: Thosaigh. Ach táimid ag iarraidh a bheith ag fás.
AÓF: Agus gan éirí rómhór ag an am céanna.
MUíF: Bhuel, ní fhéadfadh muid éirí rómhór, mar tá a lán oibre i gceist cé nach bhfuil ann ach lá amháin.
AÓF: Bím ag ceapadh go minic nach dtuigeann daoine an méid oibre a bhíonn i gceist le rudaí mar seo a chur le chéile.
MUíF: Breathnaíonn sé mar sin ar an oíche; á, muise, thit sé sin amach. Ach ní tharlaíonn aon rud gan obair.
AÓF: Cé eile atá ag obair leat ar an gcoiste?
MUíF: Nuala Keane, Nóirín Ní Shúilleabháin agus Seán Mac Gearailt.
AÓF: Inis dom a Mháire, cé hiad na ceoltóirí a bheas agaibh i mbliana?
MUíF: Bhuel, beidh John Regan ar na mbosca ceoil; Noel Hill agus Séamus Ó Mongáin ar an gcansairtín; Louise Mulcahy agus Sarah Jane Woods ar an bhfeadóg mhór; Mícheál Ó Briain ar an bpíb uilleann; Tadhg Ó Meachair ag plé leis an amhránaíocht; Bríd Harpur, Liam Ó Conchubhair agus Kathleen Nesbitt ar an bhfidil; Marcus Maloney ar an mbainseó; Méabh Ní Lochlainn agus Michael Tubridy ar an bhfeadóg stáin; Michelle Mulcahy ar an gcruit agus Junior Davey ar an mbodhrán.
AÓF: Agus ansin tá damhsaí agaibh freisin nach bhfuil?
MUíF: Tá Rita Doyle ag teacht chuig an gceolchoirm lena cuid damhsóirí seite óga agus beidh Maureen Culleton i mbun ceardlainne ar dhamhsaí beirte i rith an lae.
AÓF: Tá scoth na gceoltóirí faighte agaibh.
MUíF: Tá. Beidh an-choirm cheoil ann, le cúnamh Dé. Beidh na ranganna ag tosú ag 11am i Scoil na Mainistreach i gCill Droichid agus beidh an choirm cheoil ar siúl in Óstán an Glenroyal i Má Nuad, ag tosú ag 8pm.
AÓF: Inis dom é seo, a Mháire: an bhfuil na ranganna dírithe ar dhaoine óga nó an bhfuil siad dírithe ar dhaoine fásta?
MUíF: Aon duine a thagann beidh míle fáilte roimhe.
AÓF: Bíonn cuid de do chlann féin ag seinm ceoil freisin, nach mbíonn? Cé mhéad atá sa chomhluadar ar fad?
MUíF: Bhuel, bhí ochtar ann ach an bheirt is óige a bhíonn ag seinm. Seinneann Róisín an bosca ceoil agus Úna an phíb uilleann. Casann siad na feadóga freisin agus déanann siad beagán amhránaíochta chomh maith céanna.
AÓF: Agus céard fút féin?
MUíF: Á, níl nóta agam, faraor géar!
AÓF: Tá tú i gCill Dara anois le fada nach bhfuil?
MUíF: Tá. Phós mé isteach san áit seo i 1969.
AÓF: Agus cérbh as duit ó thús?
MUíF: Gaillimheach mé, as Maigh Cuilinn.
AÓF: Agus an bhfuil mórán ceoltóirí maithe thart sa taobh sin tíre?
MUíF: Tá, anois. Ach nuair a bhí mise óg ní raibh. Ní raibh mórán ceoltóirí ann an t-am sin. Ach tá craobh láidir de Chomhaltas anois ann agus a lán ceoltóirí óga.
AÓF: Le filleadh ar ais chuig Ceardlann Earraigh, an bhfuil sibh ag súil le mórán daoine ag na ranganna?
MUíF: Bhuel, tá an rang bodhráin lán cheana féin!
AÓF: Agus bíonn sibh ag iarraidh ar dhaoine clárú roimh ré, nach mbíonn?
MUíF: Bíonn, ionas nach mbeidh na ranganna rómhór, an bhfuil a fhios agat, chun seans a thabhairt do chuile dhuine.
Chun clárú do na ranganna, nó ticéid a chur in áirithe don choirm cheoil, glaoigh ar:
Nóirín Ní Shúilleabháin: (01) 627-1559 Nuala Keane: (01) 627-3274 Máire Uí Fhlatharta: (01) 624-4512
Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.