Tá cur síos ag Liz Curtis ar cheantar suimiúil eile in Albain ar thug sí cuairt air i mbliana.
Níl leithinis Mhachair Ghallghaidhealaibh i bhfad ón t-Sròn Reamhar ar chósta thiar na hAlban. Is cur síos cruinn an
t-ainm ar an áit. Tá páirceanna cothroma ann gan mórán crann, agus ba agus caoirigh iontu. Thart ar an chósta, tá tránna gainmheacha le fáil. Bíonn an aimsir go deas agus cneasta, seachas i lár an gheimhridh, mar sin is breá le daoine a gcuid laethanta saoire a chaitheamh anseo.
Ag tarraingt ar dheireadh na leithinse, tá baile beag breá a dtugtar Taigh Mhàrtainn air sa Ghàidhlig, agus Whithorn sa Bhéarla. Ar feadh thart fá mhíle bliain, bhí clú agus rath ar an bhaile seo. Tháinig na mílte míle duine anseo ar oilithreacht, go leor de ríthe na hAlban ina measc, mar gur coinníodh taisí Naomh Ninian san eaglais.
Deirtear gur Bhriotanach é Ninian a bhí beo ag tús an chúigiú haois. Bhunaigh sé séipéal anseo, a thiomnaigh sé do Naomh Martan as Tours. Trí chéad bliain níos moille, scríobh an staraí Bede gur thóg Ninian séipéal déanta as cloch a dtugtar Candida Casa – an Teach Bán – air. Tagann Whithorn ón ainm Angla-Shacsanach ar theach bán.
De réir Annála na hÉireann, bhí an-chlú ar mhainistir Whithorn mar áit léinn. Bhí idirghaol le hÉirinn ann, agus tá iarsmaí séipéil ar an chósta go fóill agus ainm Naomh Fionnán, easpag Movilla i gContae an Dúin, air.
Is féidir am an-taitneamhach a chaitheamh anseo, ag taiscéaladh na n-áiteanna atá bainteach le Ninian. Chomh maith le Taigh Mhàrtainn féin, tá Oileán Whithorn agus Uaimh Naomh Ninian ann.
An chéad rud ba cheart duit a dhéanamh ná bualadh isteach in ionad na gcuairteoirí ag Taigh Mhàrtainn. Tá caife geal ann, agus foireann bhríomhar chairdiúil. Tabharfaidh siad anraith baile duit, chomh maith le heolas faoin cheantar. Tá a lán buanna ag an fhoireann; is ceoltóir é Stefan, mar shampla, is bean fuála í Margaret, a dhéanann cultacha stairiúla agus is réalteolaí é Mike. Tá réadlann sa bhaile ag Mike agus a bhean Helen agus is féidir freastal ar chúrsa réalteolaíochta ansin.
Tá dhá mhúsaem sa bhaile agus ní gá ach ticéad amháin a fháil don dá cheann. Tá músaem amháin san ionad, ina bhfuil cur síos ar stair an cheantair agus ar an tochailt a rinneadh ar an suíomh sna 1980í. Tá músaem níos sine béal dorais, faoi chúram Historic Scotland, agus bailiúchán iontach dealbh ón Ré Luath-Chríostaí a fuarthas go háitiúil ann.
In aice leis an ionad, tá geata meánaoiseach a bhíodh ina bhealach isteach go dtí an suíomh eaglasta. Tá an suíomh ar chnoc beag, agus eaglais a tógadh i 1822 ar a bharr. Síltear go raibh an séipéal is luaithe ar an taobh thoir. Níl ach luscaí meánaoiseacha atógtha ar an taobh sin anois.
Idir 700 agus 900, bhí Anglaigh ó Northumbria i mbun na háite. Nochtadh loirg den tréimhse sin i rith na tochailte. Tá an suíomh tochailte le feiceáil – tá sé clúdaithe le féar, agus tá fógraí ann ag míniú cad é a fuarthas san áit. Ansin, tháinig Lochlannaigh, as Éirinn is dócha, agus rinne siadsan a lán ceirdeanna agus trádála. Tá rosses">crosa snoite ar dóigh a rinne siad le feiceáil in iarsmalann Historic Scotland.
Sa 12ú haois, d’éirigh le taoiseach Gaelach darbh ainm Fergus smacht a fháil ar an cheantar. Thóg sé ardeaglais mhór ar an suíomh, a méadaíodh le linn na mblianta go dtí gur chlúdaigh sí barr an chnoic ar fad. Anois, níl ach iarsmaí na heaglaise prióireachta fágtha.
Tá Oileán Whithorn cúpla míle soir ó dheas. Seo an áit a dtagadh oilithrigh i dtír i ndiaidh taisteal ar Mhuir Éireann, a bhí ina príomhbhealach ar feadh na mílte bliain. Tá Oileán Mhanann, a bhíodh mar chineál crosbhóthair san fharraige, le feiceáil go soiléir ón áit.
Tá cuasa ann anois a nascann Oileán Whithorn leis an mhórthír. Tá cuan beag pictiúrtha ann, agus
ros a bhfuil iarsmaí séipéil air. Tugtar Séipéal Naomh Ninian ar an séipéal, atá ag amharc amach ar an fharraige. Tá bá bheag in aice leis, áit a dtagadh báid na n-oilithreach i dtír. Tógadh an séipéal thart fán bhliain 1300 agus bhí ceann eile ar an suíomh roimhe sin.
Thart fá cheithre mhíle síos an cósta, tá Uaimh Naomh Ninian le fáil. Is féidir í a shroicheadh ó charrchlós atá ag tús cosáin atá thart fá mhíle ar fhad. Siúlóid dheas atá i gceist, trí choillte arda fionnuara. Sroicheann tú trá fhada phúrógach, agus tá an uaimh le feiceáil ag a deireadh, mar a bheadh gearradh san aill ann.
Bhí an-mheas ar an uaimh seo anuas trí na blianta agus b’fhéidir gur úsáideadh mar shéipéal í. Fuarthas roinnt cloch snoite anseo ón Ré Luath-Chríostaí, atá in iarsmalann Historic Scotland anois. Fágann daoine ofrálacha san uaimh go fóill, agus scríobann siad crosa ar na ballaí. Ach is cosúil go mbíonn glanadh amach ann ó am go chéile. Agus mé ansin, bhí a lán cloch ann a raibh ainmneacha agus "2006" scríofa orthu – ach ní raibh dáta ar bith le feiceáil ní ba luaithe ná sin!
The Whithorn Story Visitor Centre
Guthán: +44 (0)1988 500508; www.whithorn.com
Oscailte go laethúil 10.30 a.m. go 5 p.m., ó 1 Aibreán nó An Cháisc (cibé atá níos luaithe) go 31 Deireadh Fómhair.
Leaba agus bricfeasta, agus réadlann: Craiglemine Cottage, www.startravel.fireflyinternet.co.uk
Láithreán ciúin campála: Castlewigg Caravan Park, www.castlewiggcaravanpark.co.uk
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i nDún Éideann.