Caitheann Balor a shúil nimhe ar an bhliain atá ag druidim chun deiridh. Agus bliain ar leith i saol na tíre a bhí inti, dar leis féin.
Tá Balor Bocht an Bómán Bladrach iontach sásta leis féin an mhí seo, a léitheoirí, agus é ag amharc siar ar 2007 – bliain ar leith i saol na tíre seo, agus bliain ar leith ina shaol féin. Tá Éamonn Ó Doornail ar shiúl mar eagarthóir ar Beo Ar Éigean! – é ar féarach ar pinsean mór – agus eeeeeji... agus eagarthóir úr ina áit anois. Caoimhe Ní Line-Dancer atá ar an duine úr sa suíochán te, agus tá sé i gceist ag Balor an suíochán sin a dhéanamh rud beag níos teo sula mbeidh mórán míonna den bhliain úr caite. Ach ar dtús, caitheann Balor a shúil nimhe ar an bhliain atá ag druidim chun deiridh, nó le bheith cruinn, ar na daoine a bhí i mbéal an phobail i rith 2007.
Cé is mó a chuir leis an mhuintearas idir Éirinn agus an Bhreatain i rith na bliana atá díreach thart? Cé eile ach Laurel agus Hardy na Sé Chontae – an Brit dúchasach sin (dar leis féin) Ian Paisley, agus an tseoid sin de dhúchas na hÉireann (dar leis féin) Máirtín McGuinness. Chuirfeadh an bheirt acu May Mac Ránais agus Hiúdaí Ó Dónaill i gcuimhne duit agus iad i mbun lúibín – an bheirt acu ag briseadh a dtóineanna ag gáire ag jócannaí a chéile. Gura fada a mhairfidh sé. (An cairdeas atá i gceist agam!) (Idir Paisley agus McGuinness atá i gceist agam!) Cé a chuir an gaol muintearais idir muid féin agus na Brits siar caoga bliain? Cé eile ach Anne Enright a bhain an Booker Prize i mbliana, a sciob é, dar leis na
Brits. B’é an Brit Ian McEwan a bhí mar rogha na coitiantachta, thall ansin ar scor ar bith, agus 150,000 cóip dá leabhar díolta cheana féin. An-leabhar, dar leo féin – “a British Classic”! Bhí siad cinnte de; chomh cinnte sin nach raibh focal ar bith faoi Enright agus an cúpla míle cóip de The Gathering a bhí díolta sna siopaí i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath, ach corr-thagairt do “another depressing Irish novel”. Ach tháinig sí fríd, agus chuir sí olc orthu thall ag an am céanna. Chiap sí iad arís cúpla lá ina dhiaidh sin nuair a scríobh sí alt dar teideal “Why I Dislike the McCanns” sa London Review of Books. An rud ba mhó faoin alt seo a chuir olc orthu thall ná gur thóg sé seachtain ar iriseoirí na Breataine teacht ar an bharúil chéanna. Maith thú a Anne Enright – an Irish Classic!
P45 do ...
Áááááá! Micí bocht Mac Dúill, iar-aire, iar-theachta, iar-thánaiste, iar-thaoiseach-le-bheith-am-éigin-amach-anseo, iar-chrá croí. Bhí éagaoin agus olagón agus caoineachán agus golfairt fá Raghnallach agus fá phíosa den Ráth Garbh a mhair seacht lá agus seacht n-oíche agus ar mheasa an iachtach an lá deireanach ná an chéad lá. Ar eitil sé róghar don ghrian? Cá raibh an ghrian? Ar shoilsigh sé amach as a thóin, ar feadh tamaill? Áááááá! Micí bocht!
Cé eile a chaill muid i gcaitheamh na bliana? Ó sea, an Sáirsint Glas! Trrrrrrrevor bocht. Bhris sé riail bhunúsach dhobhriste pholaitíocht na hÉireann. Sheas sé lena fhocal, agus chuir sé míchompord orainn ar fad dá bharr. “Beart de réir ár mBriathar”, a deirtear agus a scríobhtar agus a ghreantar agus a chantar, ach ní chreidtear – agus thar rud ar bith eile – ní dhéantar riamh. Bhí a imeacht tuillte aige as siocair gur ghriog sé go leor daoine lena ionracas. A chonách sin air mar húirín!
Agus caidé faoi Christmas Ó Díomasaigh? Beacán Cac Bó Ó Díomasaigh a dtugtar air istigh sa Roinn sin. “Cén fáth?”, a deir tú. Bhuel, ar nós an bheacáin, coinnítear sa dorchadas é agus cothaítear é le cuid mhór seanchaca. Fuair sé cac go leor ó Bhertie i gcaitheamh na bliana, nó chorraigh sé cuid mhór caca é féin agus b’éigean do Bhertie cuid mhór caca a ghlanadh ina dhiaidh.
(nóta ón eagarthóir úr: An dtig linn cúrsaí caca a fhágáil ar leataobh, mura miste?)
Sea! Sea! Ceart go leor! Ní bhfaighinn nóta mar sin ón Doornail riamh. Dia go deo leis na seanlaethanta! Ach ar aghaidh linn.
Bainisteoirí bómantaNíl iontas ar bith nach bhfuair mise post an eagarthóra nó ní thuigim cúrsaí bainistíochta, go háirithe bainistíocht i gcúrsaí spóirt. “Stan bocht”, a bhí mé ar tí a rá, ach “Stan saibhir” ba chóir dom a rá. Fear nach raibh barúil ina cheann aige faoi roghnú imreoirí nó iad a chur in áit cheart ar an pháirc imeartha, agus fuair sé €700,000 mar bhronntanas scoir. Seacht gcéad míle, ar eagla nár léigh sibh i gceart é! Agus caidé faoi Eddie Ó Súil Amháin Ar An Pháirc Agus Súil Eile Ar An Laptop? Ba chuma sa tsioc leis faoi bharúil daoine. Bhí conradh ceithre bliana eile aige ina phóca tóna sular bhuail an cac an gaothrán (Ooooops! Tá mé buartha, a eagarthóra!). Gach uair a cuireadh ceist air cad tuige nár éirigh go maith leis an fhoireann náisiúnta rugbaí, is é a dúirt sé “Níl a fhios agam.” Ceithre bliana eile den chac sin? (Tá sorrrrrrry orm!)
Agus chualathas na focail dhamanta sin ar measa iad ná an ciúnas damanta: “nul points” arís agus arís eile an oíche sin i Helsinki. Ach an raibh an locht ar Dervish nó ar John Waters? Nó, ar an scaifte a thug vótaí dóibh anseo in Éirinn le hiad a ligean amach as an tír. Cé a dúirt go raibh Éire dubh dóite de bheith an baint na Eurofíse?
Pat Rabbitte (ar clé) agus Éamonn Gilmore (ar deis)
Céad slán le Coinín Pháirtí an Lucht Oibre agus céad fáilte roimh a chlón, Gilmore Pháirtí an Lucht Oibre. Níl mé cinnte nach é an Coinín atá fós ann agus é i ndiaidh dul faoi nip’n tuck de shórt inteacht. Tá an cúlra céanna acu, an glór céanna acu, na hóráidí céanna acu, na spéaclaí céanna acu, na hargóintí dobhránta dallintinneacha céanna acu – é féin atá ann, tá mé cinnte! An bhfaca aon duine riamh an bheirt acu in aon seomra amháin???
Bliain an BIFFO a bhí ann fosta gan dabht. Ungadh é agus ainmníodh é agus oirníodh é mar an chéad taoiseach eile. Bliain mhaith a bhí ann d’Eoghan Harris fosta – an Seanadóir Eoghan Harris – agus do Twink. Cén fáth go gceanglaím an bheirt sin le chéile i m’aigne? Cuimhnigh anois a Bhaloir! I bhfad siar! Ard Fheis Fhine Gael! Ó sea! Ach níl cead againn labhairt faoi sin níos mó. Gormley agus an Loisceoir Mór? Fágfaimid an scéal sin don bhliain úr. Agus fágfaimid go leor eile don bhliain úr fosta.
Nollaig mhór mhaith ó Bhalor an Bhéil Bhinn.