Tá Ruth Nic Giolla Iasachta ag obair i measc na mBriotánach, ár ngaolta P-Cheiltise, rud a chiallóidh plaiceadh pancóg go háirithe, smailcín sligéisc thall is abhus agus, b’fhéidir, Fest Noz go maidin anois is arís.
Naisc
Ar nós an dá thaobh a mhaítear ar gach scéal, is cosúil go bhfuil dhá dhearcadh (ar a laghad) ar thíreolas iarthar na Briotáine, áit a tugtar ‘Finistère’, nó ‘deireadh na talún’ uirthi i bhFraincis, ach ‘Penn ar Bed’, a chiallaíonn focal ar fhocal ‘ceann an bheatha’, nó ‘deireadh an domhain’ atá ar an áit sa mBriotáinis. Tá na focail chéanna againne. Nuair a deirimid “rud ar bith” i nGaeilge, séard atáimid a rá, “rud ar domhan”, = aon rud. Is ionann ‘Bed’ na Briotánaise agus ‘bith’ againn agus ar ndóigh, is ionann ‘penn’ acu siúd agus ‘ceann’ seo againne.
Tháinig mé chuig an áit fhiáin álainn seo chun an Ghaeilge a mhúineadh in Ollscoil Brest, ach fágfaidh mé an scéal sin do lá eile. Is cathair í Brest a d’fhulaing go mór ag deireadh an dara cogadh domhanda, nuair a scriosadh an chuid is mó de na foirgnimh ag buamaí Mheiriceá. Bhí an Fhrainc faoi chois ag an nGearmáin san am, agus bhí na Meiriceánaigh ag iarraidh an chathair a shaorú. Ar an drochuair, nuair a atógadh na foirgnimh sna 1950í, ní raibh go leor ama, airgid ná cruthaitheacht ailtireachta ag na daoine, agus tá a shliocht ar an áit go dtí inniu féin. Tá cuma ghruama go leor ar an gcathair.
Taobh amuigh de na bailte móra, áfach, is áit álainn í Penn ar Bed, le neart leithinsí agus oileán beag. Tá bóthar ‘La Route Touristique’ le taobh na farraige idir sráidbhailte deasa nár fhulaing aon díobháil ailtireachta ach ab é na fógraí bóthair. Tugtar ‘La Ristic’ ar an mbóthar seo, agus is féidir seasamh aon áit le taobh an bhealaigh, agus siúl síos chuig tránna carraigeacha mar a bhfuil diúilicíní, feamainn agus portáin, nó tránna gainimh bán agus na mílte faoileán ann. Ní sheod í an aimsir spaisteoireachta is fearr le cladach faraor.
Uisce le do Chár
Chuaigh mé isteach i gcoill darbh ainm Kéroual gar do Brest in aimsir an tsneachta le déanaí. Bhí corr éisc ag faire amach ar bhruach an locha bhig, agus bhí lorg coise coiníní le feiceáil go flúirseach ar bhrat sneachta na mbóithríní mórthimpeall. Tá creperie iontach deas istigh sa gcoill sin inar féidir galettes (pancóga traidisiúnta dorcha) agus crepes (atá níos gile agus níos siúcrúla) a ithe. Lá amháin den tseachtain, bíonn ‘kig ha farz’ ar fáil chomh maith. Níl an t-ollbhéile sin (meascán stobhaigh, dinnéar na Nollag agus putóg plúir, go bhfios dom!) blaiste agam go fóill, agus b’fhearr dom mar sin gan aon cheo a scríobh faoi go dtí an lá a mbeidh sé féachta blaiste agam – ach deirtear liom gur béile geimhridh fíor-Bhriotánach é, agus go gcaithfear an lá ar fad a chaitheamh sa chistin lena ullmhú.
Nuair a tháinig mé go Penn ar Bed ar dtús, is cuimhin liom seasamh le barr iontais ag rannóg na cáise san ollmhargadh ar feadh deich nóiméad ar a laghad. B’ionadh agus ba bhreá liom an réimse leathan cáise atá ar fáil anseo – agus ar chostas réasúnta. Ach ní hiad na cáiseanna is mó ábhar mórtais do na Briotánaigh. Ar nós ceantair sa bhFrainc, tá bia agus deochanna faoi leith ag an mBriotáin – brioscaí ime ‘palets’ nó ‘galettes’, caramal le salann, crepes agus dar ndóigh bia mara. Tá an t-iasc agus an sliogiasc go fairsing anseo. Ní bhacfaidh mórán de mhuintir Penn ar Bed le hiad a ordú sa mbialann, mar tá a fhios acu gur féidir cinn níos fearr agus níos úire a fháil dóibh féin cois farraige. Chuaigh mé amach maidin amháin le deartháir mo charad agus é ag baint oisrí. Baintear an t-oisre den charraig, osclaítear í le casadh scine, agus itear ar iompú na boise í, fuar agus úr. Cuirtear neart eile i mbuicéid le thabhairt abhaile don lón. Cé gur duine é seo a bhfuil an-eolas aige ar thimpeallacht na mara, facthas dom go raibh teaghlaigh agus daoine eile go leor amuigh ag déanamh amhlaidh, agus leis an líon sin oisrí a bhí os ár gcomhair, níor ghá le haon oiliúint faoi leith ach a bheith airdeallach ar an taoide.
Bhí ‘Ys’ ag na Briotánaigh
Tá finscéal ann faoi chathair darbh ainm Ys a bhí ann fadó, a slogadh go hiomlán as amharc go tóin poill í de dheasca ceanndánacht an Iníon Rí darb ainm Dahut. Deirtear gur féidir cloig séipéil Ys a aireachtáil ag bualadh ó am go chéile le fuineadh gréine tráthnóna samhraidh. Tá gaol an-láidir idir an talamh agus an fharraige anseo, agus bíonn scéalta go leor eile le hinseacht, gan trácht ar na dolmainí agus cromleaca - uaigh Dhiarmaid is Ghráinne - agus na maen hir, nó ‘clocha fada’ atá le feiceáil ar fud na bpáirceanna faoi mar a bheadh laochra faoi dhraíocht ag cumhacht nach n-aithnítear a thuilleadh. Is dolmen faoi leith é Maen ar Boudiged (i bhFraincis La Roche aux Fées; Leacra an tSlua Sí), i ngar do Raozhon/Rennes, atá leagtha amach mar Bhrú na Bóinne le ga gréine na ngrianstad a cheapadh isteach isteach trína lár. Tá piseog eile faoin dolmain sin, go gcaithfidh lánúin siúl timpeall agus na clocha a chomháireamh, duine ar dhuine. Má éiríonn leo an líon céanna cloch a chomháireamh, leanfaidh a ngaol go deo agus beidh saol sona acu lena céile.
As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.