Tá níos mó ná an t-aon chineál cead cruthaíochta amháin ar an saol ar ndóigh. Ansin tá an bhréag scun scan ann. Tá Ciara Nic Gabhann den bharúil go mb’fhéidir gur inis an ceamara bréag anois is arís ó thosaigh an duine ag tarraingt grianghraif leis.
Aithnítear Robert Capa mar ghrianghrafadóir a chuir a shaol i mbaol ag lorg grianghraf a rinne fíorchur síos ar bhrúidiúlacht agus laochas na cogaíochta ar fud an domhain. Chreid sé gurb é an bealach is fearr chun a fháil amach cad é a bhí ag tarlú ná é féin a chur gualainn ar ghualainn le saighdiúirí créachtaithe agus le daoine misniúla a chonaic sé trí shúil a cheamara.
‘Muna bhfuil do chuid pictiúir maith go leor’, a d’fhógair sé uair amháin, ‘níl tú cóngarach go leor.’
D’fhógair Picture Post Magazine i 1938 gurb é Capa an ‘Griangrafadóir Cogaidh is Fearr ar Domhan’. Teideal a thuill sé as na pictiúir fuinniúla, neamhghéilliúla a sheol sé chucu inar thaispeáin sé saighdiúirí Meiriceánacha ag teacht i dtír ar D-Day nó radharcanna ó Chogadh Cathartha na Spáinne. Ní insíonn an ceamara bréag, mar a deir an seanfhocal, ach tá conspóid ar bun anois faoi iontaofacht pictiúr clúiteach amháin a ghlac Capa a thaispeáineann mílísteoir Spáinneach ag rith síos le fána á scaoileadh le hurchar agus é ag titim sa ghleo.
Is pictiúr íocónach é an ‘Saighdiúir ag Titim’ ach deir an léachtóir José Manuel Susperregui nár glacadh é ar an mhachaire chatha i Cerro Murianao, mar a chreidtear, ach in áit tuaithe eile darb ainm Llano de Banda, cúig míle fichead ar shiúl. Rinne Susperregui, a mhúineann Cumarsáid in Ollscoil Thír na mBascach agus an ghrianghrafadóireacht mar shaincheird aige, mionscrúdú ar an phictiúr agus maíonn sé nach bhfuil tírdhreach an phictiúir ag teacht le tírdhreach Cero Muriano.
‘Níl an tírdhreach thart ar Cero Muriano a dhath cosúil leis an tírdhreach i bpictiúr Capa’, arsa Susperregui ‘agus níl mé in aon amhras ach gur glacadh an pictiúr i Llano de Banda’.
Bhí troid i Llano de Banda i mí Lúnasa 1936 ach bhí Capa i mBarcelona faoin am. Deir lucht staire na háite nár thosaigh an cath sa cheantar sin arís go dtí deireadh Mhéan Fómhair agus faoin am seo bhí pictiúr Capa seolta chuig oifig na hirise Vu sa Fhrainc.
‘Is é an teoiric atá agam, go ndeachaigh Capa go Espejo mar go raibh a fhios aige go raibh comhrac ann. Nuair a bhain sé an áit amach, áfach, ní raibh rud ar bith ag tarlú agus dá bharr sin dheasaigh sé an grianghraf go bréagach.’ a deir Susperregui.
Tá mé ag Capa gur Capadóireacht é.
Caitheadh amhras ar iontaofacht an phictiúir roimhe seo, 34 bliain ó shin nuair a mheabhraigh Philip Kingsley ina leabhar, The First Casualty, gur chuidigh saighdiúirí poblachtacha leis an pictiúr a chruthú nuair a bhí siad i bhfad ar shiúl ón chath. Glacadh leis i gcónai gurb é an mílísteoir ainrialta Federico Borrell García an t-íobartach sa phictiúr ach de réir an stairí Hugo Doménech, a tháinig ar chuntas finné súl ó 1937, fuair García bás ar chúl crainn a bhí in úsáid mar chosaint piléir aige i Cerro Muriano.
Deir Cynthia Young, coimeádaí an Ionad Idirnaisiúnta Grianghrafadóireachta i Nua Eabhrac, foras a bhunaigh deartháir Capa ina ómós, nach raibh sí go hiomlán cinnte faoin teoiric seo agus go mbeadh a thuilleadh fianaise de dhith uirthi ach go raibh an tIonad ‘open to new interpretations’.
Rugadh Endre Ern? Friedmann (Capa) i Budapest i 1913 de bhunadh Giúdach. Bhí suim aige i bpolaitíocht na tíre agus bhí sé gnóthach i bhfeachtas in éadan an rialtais ag an am – gníomh a spreag é chun an Ungáir a fhágáil le dul go Berlin agus ansin chuig an Fhrainc. Thosaigh sé amach ag iarraidh a bheith ina scríbneoir ach fuair sé obair i mBerlin mar grianghrafadóir agus thaitin an obair go mór leis. Bhuail sé i bPáras leis an Ghiúdach mhná as an Pholainn, Gerda Taro, a bhí ar a coimeád ó na Nazaithe agus thosaigh caidreamh grámhar agus gairmiúil eatarthu. Thaisteal an bheirt acu le chéile ag tógáíl grianghraf i dtíortha a bhí i gcoimhlint lena chéile agus ghlac Friedmann an t-ainm Robert Capa chuige féin le bheith níos cosúla le hainm Meiriceánach.
Fuair an bheirt acu bás i mbun a gcuid oibre – Taro sa Spáinn le linn cúlú a bhí á dhéanamh ag na poblachtaigh i 1937 ag 26 bliain d’aois agus Capa i1950 in iardheisceart na hÁise le linn an chogaidh san Ind-Sín.
Blúiríní fánacha eolais faoi Capa:
Ba chara leis an scríbhneoir John Steinbeck é agus thaisteal sé go dtí an Rúis ina chuideachta i 1947. Ta pictiúir a ghlac sé le feiceáil sa chur síos greannmhar a scríobh Steinbeck faoin turas – A Russian Journal.
Bhunaigh sé Magnum Photos le Henri Cartier- Bresson, William Vandivert, David Seymour agus George Rodger.
Bhí caidreamh aige leis an aisteoir Hollywood Ingrid Bergman. Bhí sise ag iarraidh go bpósfadh siad, ach ní raibh Capa ag iarraidh bogadh go Hollywood. Bhunaigh Alfred Hitchcock, a scannán Rear Window ar chaidreamh míshocair na beirte.