CÚINNE NA nEALAÍON
“Cé hé Ronnie Wood?”
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Tá scéal na spailpíní ceoil ag Colm Ó Snodaigh, an dream úd a gcloistear a saothar ar fud an domhain i rith an ama, ach nach gcuimhnítear orthu féin ach go hannamh.

Íomhá
Ronnie Wood in éineacht le Kíla 2010
Íomhá
John Bonham - Led Zeppelin

Seinnimid ceolchoirm san Olympia i mBleá Cliath, gach Lá Fhéile Phádraig le blianta beaga anuas. Bíonn an-chraic ann de ghnáth. Bíonn slua mór lán fuinnimh, lán damhsa, lán de spleodar ann. Bhí sé mar a gcéanna i mbliana. Bhí deartháir Eoin, Shane, ar thaobh an ardáin. Státseirbhíseach ar breá leis na hócáidi seo - an crocadh thart - an chodarsnacht ghéar idir saol an státseirbhísigh agus saol an ardáin. Ligeann sé air féin gur doirseoir, nó ‘bouncer’, na hoíche é. Tá Shane os cionn sé troighe, mór matánach agus bíonn bealach fíordheas aige le ‘no’ a rá le daoine.

Leath bealaigh tríd an gceolchoirm, tháinig fear aníos chuige agus mhaígh gur bhainisteoir Ronnie Wood é, go raibh Ronnie sa lucht féachana agus gur theastaigh uaidh dul ar an ardán linn. “Cé he Ronnie Wood?” arsa Shane. Chlaon an bainisteoir a cheann beagáinín de leataobh lena mheangadh a cheilt. “Seinneann sé leis na Rolling Stones!”

Ní rabhas san Olympia an oíche úd, óir bhíos i Londain ag fanacht le breith mo chéad linbh agus chailleas mar sin an spleodar le Wood. Ach bhíos ana-shásta dosna lads agus is breá liom an grianghraf - Kíla agus stair ‘Rock n Roll’ ag pléascadh le chéile. Iontach!

Slim Prezit

Ba é an ceoltóir ba cháiliúla lenar sheinneas ná Slim Prezit. Níl aon aithne ag éinne in Éirinn air, ach tá sé tar éis a bheith ar níos mó ceirníní a shroich barr na gcairteacha sa bhFrainc ná éinne eile. ’Session Musician’ a ghlaotar air a leithéid de dhuine - spailpín fuamlainne go bunúsach. Bhuaileas leis sa stiúideo nuair a bhí an fuaimrian don scannán Secret of Kells á thaifeadadh againn. Ceoltóir iomlán socair ann féin a bhíonn go hiomlán compórdach lena scil agus lena chumas ceoil.

Clem Cattini

Bhí scéal deas san Observer le déanaí faoi spailpín as Londain a sheinneann na drumaí - Clem Cattini. Deirtear gur sheinn sé ar bhreis agus daichead rian a shroich uimhir a haon sna cairteacha. Ní cuimhin leis an chuid is mó desna seisiúin sin - é ag plé leis an gceol don tréimhse oibre amháin. Agus, an lá dar gcionn, bhí seisiún eile ann agus na drumaí á n-iompar aige chuig fuamlann eile, in áit eile do cheol eile, le ceoltóirí eile.

Jay Berliner

Ní raibh aon chuimhne ag an spailpín snagcheoil, Jay Berliner, gur sheinn sé an giotár ar albam cáiliúil Van Morrison, Astral Weeks, go dtí go ndeachaigh iriseoir ag lorg na gceoltóirí uilig d’alt mór in iris cheoil i Sasana Mojo. Níor éirigh leis an iriseoir teacht suas le seinnteoir feadóíge amháin a sheinn ar thrí chinn desna rianta nach cuimhin le héinne cérbh é! Bhí sé ann ach níl sé ann!!

Alan O Doherty

Bhí an Tamhlachtach, Alan O Doherty (a sheinn le Gráda tráth) ar saoire thall sa Nua-Shéalainn nuair a fuair sé glaoch ó chomhlacht léiriúcháin an scannáin Lord of the Rings. Bhí an fuaimrian á thaifead agus bhí seinnteoir feadóige stáin de dhíth orthu. Chuala an léiritheoir ceoil ar chaoi éigin go raibh Alan sa tír agus d’imigh sé ar a thóir!

An fáth go raibh Clem Cattini, sa nuacht le déanaí ná go bhfuil sé tar éis seinnt ar cheirnín nua Paul Weller. Tá sé 75 bliana d’aois agus é fós ag seinnt mar a bheadh duine ar leath a aoise. Ba é an scéal ba spéisiúla a bhí aige ná go raibh an-aithne aige ar bhaill Led Zeppelin sarar thosaigh an grúpa. Bhí bainisteoir na buíne sin, Grant, ag lorg drumadóír agus chuir sé glaoch air agus d’eagraíodar coinne le deoch agus dreas comhrá a bheith acu le chéile. Cuireadh an coinne ar ceal faoi dhó agus tugadh an jab do John Paul Bonhom ina ionad. Ba chuma leis gur chaill sé an jab. Cheap sé nach mbeadh sé in ann dosna drugaí is an saol craosach crua agus bhí sé ana-shásta mar spailpín!

An Focal Scoir, nó, Sciorrtha!

Nuair a bhíos sa chúigiú nó séú bliain ar scoil is cuimhin liom Fiachna Ó Braonáin ag labhairt faoin mbanna a bhi sé chun cur le chéíle agus go mb’fhéidir go seinnfinnse an dord. Ní raibh aon fhonn orm an dord a sheinnt - nach raibh mé ag seinnt an giotár!! Níor labhraíomar faoi arís agus tharla banna Fhiachna im’ éagmais – na Hot House Flowers! Ní liom féin atáim. Cuireadh an cheist ar Christie Hennessy a bheith mar dhrumadóir i Fleetwood Mac. Nach ait an mac an saol - shéan Rory Gallagher an deis a bheith sna Rolling Stones - agus cé a fuair an jab ar deireadh? Ronnie Wood!!

Naisc: Ronnie Woods http://www.youtube.com/watch?v=Fkn5nr_84pASecret of Kells http://www.thesecretofkells.com/Clem Cattini http://www.youtube.com/watch?v=fj1noZXziDUJay Berliner http://www.youtube.com/watch?v=76j-tpd3rrcPaul Weller http://www.youtube.com/watch?v=NVT-BokwmWY&feature=relatedLed Zeppelin http://www.youtube.com/watch?v=svR3iXKTJvcFiachna Ó Braonáin http://www.youtube.com/watch?v=5bDF8Vy0OEs&feature=fvsrBláthanna na Teolainne http://www.youtube.com/watch?v=bBIKSOlje7Q

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.