AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Carranna ag na gréine
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

carranna gréine ag éirí níos éifeachtaí ach beidh tamall maith sula mbeidh siad á n-úsáid go forleathan, dar le Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Na buaiteoirí as an Ollainn tar éis dóibh ceann scríbe a bhaint amach
Íomhá
Buaiteoirí World Solar Challenge na bliana seo lena gcarr, Nuna II

mbeifeá ar an mbóthar idir Darwin agus Adelaide le gairid ag breathnú ar na carranna i do thimpeall, bheadh ródheacair a shamhlú go raibh ar phláinéad éicint eile ar a laghad gur tháinig na carranna sin ó dhomhan coimhthíoch. Bheadh cúis agat leis. Bhí na carranna páirteach sa World Solar Challenge do charranna nach n-úsáideann mar bhreosla ach fuinneamh na gréine. cuma rí-aisteach orthu - mar bheadh cheithre roth ar an mbóthar (bhí trí roth ar chuid acu) agus clár leathan le grianchealla leagtha anuas sa mullach orthu.

Ach bréagáin iad na carranna seo baol air. Chaith an fhoireann a ghnóthaigh bliain ag réiteach don rása seo. Nuna II a thug siad ar an gcarr agus thóg 30 uair an chloig agus 54 nóiméad orthu an turas 3,010 ciliméadar idir Darwin agus Adelaide a dhéanamh. Mic léinn as ollscoileanna Delft agus Rotterdam san Ollainn a bhí ar an bhfoireann agus b’acusan a bhí an bua in 2001 freisin.

Foireann Aurora as Melbourne a bhí sa dara háit agus foireann as MIT sna Stáit Aontaithe a bhí sa tríú háit. Bhí 22 carr páirteach ar fad agus thóg tuairim is seachtain ar na cinn ba mhoille an t-aistear a chur dhíobh. Bhí na carranna ag taisteal i gcaitheamh an lae agus achar san oíche a bhí ar chumas na gcadhnraí a bhí acu.

Cuireadh tús leis an rása seo i 1987 agus bhí ann gach tríú bliain go dtí 1999 agus gach dara bliain ó shin. Is iarracht a bhí ann taighde agus forbairt a spreagadh agus a thaispeáint céard a d’fhéadfaí a dhéanamh le carranna gréine. Is léir go bhfuil dul chun cinn déanta ó thosaigh na rásaí. I 1987 bhí meánluas 67 cm/u ag an Sunraycer, an carr a ghnóthaigh. I mbliana, bhí meánluas 97 cm/u ag Nuna II. Cuireann comhlachtaí carranna suim sna rásaí mar go dtugann siad léargas dóibh ar mhodhanna éagsúla taistil. B’ag General Motors, an comhlacht carranna is ar domhan, a bhí an Sunraycer i 1987.

Ach níl aon duine ag fós go mbeidh carranna ar nós Nuna II Aurora le feiceáil go fairsing ar na bóithre. Bhí roinnt mhaith cainte sna 1970í faoi chineálacha nua cairr a d’úsáidfeadh breosla seachas peitreal. Bhí caint go háithrid faoi charranna aibhléise, a raibh feabhas mór ag teacht orthu. Bhí caint faoi chineálacha nua cadhnraí a dhéanfadh athrú ó bhun ar charranna. Ach i ndeireadh na dála táimid fós ag tiomáint na gcarranna céanna atá in úsáid le breis is 100 bliain - carr le hinneall dócháin inmheánaigh a dhónn peitreal díosal.

bheidh aon athrú ar an scéal sin go dtí go mbeidh aon chineál nua cairr le fáil ar phraghas cosúil leis na ceanna atá anois againn, a bheas in ann taisteal go neamhspleách de is d’oíche ar a laghad 400 500 ciliméadar sula mbeidh le tuilleadh breosla agus go mbeidh sin le fáil go sciobtha, go héasca agus ar phraghas réasúnta. In ainneoin iarrachtaí Nuna II agus a chomrádaithe, beidh píosa maith go dtarlóidh sin.

Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.