AR NA SAOLTA SEO
Carcair na nDaoine
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Mhúscail an reifreann ar na mallaibh spéis John-Paul Mc Carthy i gcaingean Crotty v An Taoiseach 1986, agus sheol i mbun léamh an bhreithiúnais é.

Íomhá
Garrett Mac Gearailt ag comhaireamh Liospóin II 2009
(le William Murphy ar Flickr)
Íomhá
Éire na Reifreann
Íomhá
Na Ceithre Chúirteanna
(le James Lesko ar Picasaweb)
Íomhá
In ord

Ina chnuasach The Stormy Hill (1929), scríobh Daniel Corkery gearrscéal a bhaineas le sagart bródúil a dhéanann iarracht seanadhílseacht na ndaoine a mhealladh. Nuair a dhéantar an cinneadh ceannaireacht a thabhairt dóibh arís, mhaígh sé ina aigne féin, “My people! My people! My People!...” Pé uair a léim aon tagairt i leith reifrinn in Éirinn, titeann giota sin shagart Chorkery isteach im’ aigne. Rith sé liom le déanaí agus cás cúirte tábhachtach fé reifrinn á léamh arís, Crotty v An Taoiseach, go mbainfeadh an sagart céanna taitneamh as an mbreithiúnas ait sin ós rud é gur ceiliúradh é in áiteanna ar chearta na nDaoine.

Ní chóir cruinneas ná mionscagadh a iarraidh le linn ceiliúrtha, agus más ea, is iomaí bearna a fheictear i lár ceiliúradh Chrotty freisin. Theastaigh ó Rialtas Garret FitzGerald dhá reacht Eorpach nua a ghlacadh i 1986, agus rinne siad achainí ar Dháil Éireann glacadh le hAcht (Leasaithe) an Chomhphobail Eorpaigh (1986) chun feabhas a chur ar obair na n-institiúidí, mar aon le reacht slándála eile, Acht na hEorpa Aontaithe.

Cheap Mac Gearailt go raibh cead faighte aige cheana féin an dá reacht seo a chur i bhfeidhm in Éirinn nuair a thoiligh na Daoine leis an tríú leasú den Bhunreacht i 1972, leasú a thug cead don Rialtas glacadh le conarthaí Eorpacha nua a chuirfeadh ar a chumas bundhualgaisí na tíre mar bhall den aontas a chomhlíonadh. Rinne Raymond Crotty gearán sa Chúirt Uachtarach, agus d’éist cúigear breitheamh leis, Thomas Finlay, Brian Walsh, Seamus Henchy, Frank Griffin agus Anthony Hederman.

Ceannasaíocht na nDaoine

Mhaígh an Chúirt Uachtarach fé dheireadh go raibh cead ag Mac Gearailt leanúint ar aghaidh ó thaobh dhaingniú an chéad reachta de, Acht an Chomhphobail Eorpaigh, ós rud é nár athraigh an t-acht sin bunchuspóirí an Aontais Eorpaigh féin ó 1972. Fés na rialacha a fógraíodh i 1937, níl cead ag aon bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach aon ghearán poiblí a dhéanamh ó thaobh chinneadh an mhóraimh sa chúirt sin i gcás bunreachtúil nuair a dhéantar gearán go dtagann reacht éigin salach ar Bhunreacht na hÉireann. Ní léir mar sin ar thug an cúigear de bhreithimh go léir cead don Dáil an chéad reacht sin a ritheadh.

Ach b’é an tarna chonradh, Acht na hEorpa Aontaithe, an chloch ba mhó ar an bpaidrín. Toisc nár cuireadh i bhfeidhm é go hoifigiúil, thug an Bunreacht cead dos na breithimh go léir a gcuid tuairimí a nochtadh gan srian. Tháinig an chéad reacht slán, ach dhiúltaigh triúr den chúigear cead a thabhairt don Dháil Acht na hEorpa Aontaithe a dhaingniú gan reifreann.

Scríobh an Príomh-Bhreitheamh Finlay nár chóir don chúirt cur isteach ar obair an Rialtais anseo ach go háirithe nuair nár baol do chearta saoránaigh ar bith dá gcuirfeadh an Dáil an t-acht i bhfeidhm. Scríobh a chomhghleacaí Frank Griffin ná raibh i gceist san acht seo ach geallúint teibí go ndéanfadh Rialtas na hÉireann lán a dhíchill chun aontacht pholaíochta agus gheilleagair an Aontais Eorpaigh a bhaint amach. Níor léir don bheirt siúd go raibh cead ag aon chúirt srian a chur ar an Rialtas dá mba rud é go raibh fonn orthu geallúintí teibí a dhéanamh.

Cime agus Caomhnóir is ea an Rialtas

Thug an triúr eile droim láimhe do Finlay agus Griffin. Léigh Henchy mionsonraí téacs an achta agus tháinig sé ar an ainmfhocal “transformation”, agus dhearbhaigh sé nach raibh cead faighte ag an Rialtas fén tríú leasú aon “transformation” a chur i gcrích trí chonradh gan reifreann. Chuir Brian Walsh béim ar rud éigin eile. Dar leis, ní fhéadfadh aon Rialtas a chuid cumhachtaí bunúsacha a ghéilleadh - fiú dá ndéanfaidís iad do ghéilleadh d’aon ghnó agus tar éis dianmhachnaimh - gan dochar a dhéanamh do chearta na nDaoine. Thug na Daoine cumhachtaí ar leith don Rialtas ó thaobh ghnóthaí eachtracha de i 1937, dar le Walsh, agus ní fhéadfadh aon Rialtas réimse na gcumhachtaí sin a lagú:

“In my view it would be quite incompatible with the freedom of action conferred on the Government by the Constitution for the Government to qualify that freedom or to inhibit it in any manner by formal agreement with other States as to qualify it.”

Níor mhínigh Walsh, ná Hederman, conas a bhféadfadh na Daoine “saoirse” a bhronnadh ar Rialtas ar lámh amháin, agus ós a choinne sin, srian a chur ar a chuid toilteanachta geallúintí éagsúla a dhéanamh le rialtais eile. Ní foláir nó gur cheap Walsh gur chime i gcarcair na nDaoine ab ea an Rialtas lá amháin, agus gur caomhnóir an leasa phoiblí é lá eile. Chuir abairt sin Walsh cur síos breá de chuid Edwin Cameron ar bhreitheamh cáiliúil san Afraic Theas i gcuimhne dom. Ina aiste ar L.C. Steyn, scríobh Cameron mar gheall ar “legal chauvinism” agus “scrupulous but ungenerous judge”. Dhéanfadh na haidiachtaí siúd an chúis go breá do bhreithiúnas Walsh i gcás ait Crotty.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.