AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Capaill Fhiáine na hArd-Dúiche
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Cuireann muintir na hAstráile in aghaidh iarrachtaí údaráis na tíreeachra slime sleamhna’ na hiargúlach a smachtú. Baineann íomhá leis an scéal dar le Bearnaí Ó Doibhlin.

Is iomaí ainmhí coimhthíoch atá scaoilte amach san Astráil ó theacht an chine dhaonna agus atá ina n-anachain don chomhshaol, mar a míníodh in Eagrán 98, Meitheamh 2009, den iris seo. Tá feachtais éagsúla ar siúl ag na húdaráis le blianta fada anuas le géire na hanachana seo a mhaolú, nó na hainmhithe a dhíothú fiú, leis an dúlra ilghnéitheach a chosaint fud fad na tíre. Tuigtear go forleathan go bhfuil na feachtais riachtanach agus tacaíonn muintir na tíre leo dá bharr. Ní hamhlaidh an scéal, áfach, i dtaca le hainmhí andúchasach amháin, capall fiáin na hard-dúiche, agus é ag déanamh dochair as cuimse don chomhshaol dála na n-ainmhithe coimhthíocha eile.

Tháinig capaill chun na hAstráile den chéaduair sa Chéad Chábhlach, thiar sa bhliain 1788, le cuidiú leis an obair dhúshlánach an choilíneacht a bhunú san fhiántas. Ní raibh sé i bhfad ina dhiaidh sin gur éalaigh, nó gur scaoileadh saor, cuid de na capaill agus d’éirigh go maith leo sa tír nua. Thug na coilínigh ‘brumby’ ar an gcapall fiáin agus ar chúiseanna áirithe chuaigh na hainmhithe i gcion go mór orthu. Thiomsaítí iad go rialta mar go raibh ardluach orthu mar chapaill ghraifne agus mar eich oibre araon, ach ba é an dóigh ar léiríodh iad sa litríocht a ba chionsiocair le han-dúil na nAstrálach i gcapaill fhiáine na hard-dúiche.

Cruthú na hÍomhá

Bhí an-tóir ar shaothar an fhile, AB ‘Banjo’ Paterson, san Astráil sna blianta deiridh den naoú haois déag agus go luath san fhichiú céad. Bhí a chroí istigh sna capaill fhiáine agus baineann an dán is clúití leis, ‘The Man from Snowy River’ le hiarracht rathúil corraitheach na capaill a thiomsú sna hAlpa in oirdheisceart na hAstráile. Chuaigh an dán íocónach seo i bhfeidhm go han-mhór ar mhuintir na tíre agus d’fhoghlaim gach páiste scoile cuid ar a laghad de na rainn de ghlanmheabhair. Rinneadh corrscannán den scéal, agus cé nach raibh ceachtar acu thar mholadh beirte, bhí an-éileamh orthu abhus.

Anuas air sin, tá an tsraith úrscéalta, Silver Brumby, le Elyne Mitchell, ar na leabhair is mó a thaitníonn le daltaí bunscoile agus le déagóirí araon le corradh is seasca bliain anuas. Déanann na húrscéalta seo cur síos ar ghníomhaíochtaí eachtraíochta gaiscíochta na staile fiáine, Thowra, sa dúiche chéanna ina bhfuil dán Paterson lonnaithe. Tugtar an high-country, nó an ard-dúiche, ar na hAlpa abhus, cé nach bhfuil aon sliabh ard san Astráil. Níl an sliabh is airde san ard-dúiche, Mount Kosciuszko, ach 2,228 méadar os cionn leibhéal na farraige.

Bromaigh na hAstráile

Meastar go bhfuil tuairim is 400,000 capall fiáin san Astráil, a bhformhór acu sna ceantair is iargúlta i dtuaisceart na tíre. Baintear feidhm as slite éagsúla le líon na n-ainmhithe sa tuaisceart a laghdú agus ní chothaíonn a ndealú aon chonspóid. Scéal eile ar fad a bhíonn i gceist nuair a dhéantar iarracht líon na gcapall fiáin i bPáirc Náisiúnta Kosciuszko san ard-dúiche a ísliú mar gheall ar an áit faoi leith atá acu i gcultúr coiteann na hAstráile. Tá sé an-deacair iad a scaoileadh sa dúiche gharbh ina gcónaíonn siad agus d’fhógair na húdaráis le déanaí go bhfuil siad ag cuimhneamh ar fheidhm a bhaint as aimsitheoirí in ingearán le cuid de na capaill a scaoileadh. Chuir an fhógairt an lasóg sa bharrach ar an toirt mar gur mheas daoine go leor go mbeadh a leithéid mícheart agus gránna. Tá na húdaráis idir dhá chomhairle faoi láthair dá bharr agus an chuma ar an scéal nach mbeidh sé de dhánacht iontu capall íocónach na hard-dúiche a dhealú le hurchar anuas as ingearán.

Mar fhocal scoir, is féidir gur galldú ar fhocal Gaeilge é ‘brumby’. Maítear i bhFoclóir Mhic Guaire, an foclóir is údarásaí sa tír, go bhfuil sanasaíocht bhundúchasach ag an bhfocal, ach gan aon tagairt d’fhocail atá cosúil leis i dteangacha dúchasacha. Tá teoiric eile ag an Dochtúir Dymphna Lonergan, ina leabhar, Sounds Irish: The Irish Language in Australia, a foilsíodh tuairim is deich mbliana ó shin. Bhí Gaeilge ag go leor de na hÉireannaigh a tháinig chun na hAstráile i luathstair na coilíneachta agus léiríonn an leabhar an tionchar a bhí acu ar chanúint Bhéarla uathúil na tíre seo. Tá tuaileas ag Lonergan gur tháinig an focal ‘brumby’ as an bhfocal ‘bromaigh’, a chiallaíonn ‘staileanna óga’.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.