CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Caithfear a bheith níos déine ar thiománaithe na hÉireann

Ní thiocfaidh athrú ar iompar thiománaithe na hÉireann ar na bóithre, agus ní thiocfaidh laghdú ar líon na dtaismí, go dtí go gcuirfear na dlíthe i bhfeidhm ar bhealach níos doichte.

Íomhá
Íomhá

Maraíodh duine is tríocha ar bhóithre na hÉireann i rith na míosa seo caite, rud a d’fhág gur chaill 310 duine a bheatha ar bhóithre na tíre idir an chéad lá den bhliain agus oíche Shamhna. Sin dáréag níos lú ná an líon a maraíodh le linn na tréimhse céanna in 2005.

titim bheag tagtha ar líon na mbásanna, mar sin, ach is beag sólás é sin dóibh siúd a chaill cara, céile nó duine dá dteaghlach.

Bhí sé mar aidhm ag an rialtas go mbeadh an líon básanna ar na bóithre faoi bhonn 300 duine i mbliana ach bhí teipthe ar an sprioc sin faoi thús mhí Dheireadh Fómhair. Bhí sprioc níos fadtéarmaí ann fosta: an líon básanna a laghdú 25% idir 2000 agus 2006. Meastar, áfach, nach mbainfear amach ach laghdú de 13%.

Chuir tuarascáil de chuid an Aontais Eorpaigh a eisíodh níos luaithe i mbliana in iúl go bhfuil Poblacht na hÉireann ar cheann de na tíortha is measa san Aontas maidir le feabhas a chur ar shábháilteacht ar na bóithre – níl ach an Liotuáin and an Laitvia níos measa ná muid.

Bíonn timpeall 100 bás in aghaidh gach milliún duine ar bhóithre na hÉireann gach bliain. Is é an meánfhigiúr san Aontas Eorpach ná 95. Ní mharaítear ach leath oiread daoine per capita san Ísiltír gach bliain is a mharaítear in Éirinn.

Tá go leor cúiseanna go bhfuil an fhadhb chomh holc sin in Éirinn, iad seo ina measc:

Tá go leor de na bóithre faoin tuath cúng agus tá droch-chaoi orthu. Bíonn sciar mór de thiománaithe na tíre ag tiomáint go róghasta. Bíonn go leor daoine ag tiomáint tar éis bheith ag ól nó ag tógáil drugaí. Tá barraíocht tiománaithe ar na bóithre agus gan acu ach ceadúnas sealadach. Táthar ag tabhairt cead do thiománaithe dul amach ar na bóithre agus gan ceachtanna tiomána faighte acu fiú amháin. Tá daoine áirithe ann nach gcaitheann crios sábhála go fóill. Ní chuirtear na dlíthe i bhfeidhm docht go leor. Ní ghearrtar pionós ceart orthu siúd a chiontaítear as cionta tiomána. Níl go leor ceamaraí luais sa tír.

Bíonn suas le 45% de na daoine a mharaítear i dtimpistí bóthair in Éirinn faoi 30 bliain d’aois agus fir a bhíonn ina bhformhór. Maraíodh cúigear fear óg i dtimpiste amháin i Muineachán an mhí seo caite agus is beag deireadh seachtaine nach maraítear roinnt daoine a bhaineann leis an aoisghrúpa sin.

Is cinnte go bhfuil feabhas tagtha ar chúrsaí sábháilteachta ó bhí mí Iúil ann, nuair a cuireadh tús le tástáil randamach anála. Níl oiread daoine á marú faoi láthair ach tharla an rud céanna nuair a cuireadh tús le córas na bpointí pionóis i mí na Samhna 2002. Thit líon na mbásanna sna míonna ina dhiaidh sin ach bhí cúrsaí chomh holc is a bhí riamh taobh istigh d’achar gearr arís.

Cad is féidir a dhéanamh chun feabhas a chur ar an scéal, mar sin?

Caithfear níos mó béime a chur ar oideachas i measc na ndaoine óga agus leanúint leis na feachtais atá ar siúl sna meáin chumarsáide, ach ní bheidh ach éifeacht theoranta ag na tionscnaimh sin. Deir na saineolaithe nach bhfuil ach rud amháin a théann i gcion ar dhaoine: cur i bhfeidhm docht na ndlíthe. Is léir nach bhfuil sé seo ag tarlú i gceart. Roinnt míonna ó shin, mar shampla, níor dhícháiligh breitheamh beirt fhear óga a thiomáin ag beagnach 200 ciliméadar san uair in aice leis an Mhuileann gCearr agus iad i mbun rása le chéile. Cén saghas teachtaireachta a thugann a leithéid do thiománaithe na tíre?

Is céim mhór chun tosaigh bunú an chóir tráchta agus an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ach caithfear na hacmhainní a chur ar fáil dóibh chun gur féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach.

Caithfidh sé bheith de mhisneach ag na polaiteoirí rialacha níos doichte a chur i bhfeidhm chomh maith. Ní mór athruithe a dhéanamh sna dlíthe maidir le tiománaithe sin na gceadúnas sealadach, mar shampla. Níor cheart go mbeadh cead acu siúd aon deoch mheisciúil a ól agus iad ag tiomáint agus níor cheart cead a thabhairt dóibh bheith ag tiomáint ina n-aonar.

Ach an mbeidh sé de mhisneach ag na polaiteoirí a leithéid de shrianta a chur i bhfeidhm agus olltoghchán ar na bacáin? Tá seans maith nach mbeidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.