AR NA SAOLTA SEO/LITIR AS BÉAL FEIRSTE
Caisleán an Easpaig: tearmann don éanlaith
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Thug Liz Curtis cuairt ar Chaisleán an Easpaig in aice le Béal Feirste le déanaí agus fuair sí léargas spéisiúil ar stair fhiadhúlra agus ainmhithe na hÉireann.

Íomhá
Lacha Mhandairíneach in Ionad Éanlaith Uisce agus Bogaigh Chaisleán an Easpaig.
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Nene, lacha as Haváí, ag Caisleán an Easpaig.
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Cruidíní (Kingfishers) - líníocht bunaithe ar lámhscríbhinn ón dara haois déag de shaothar Ghearóid na Breataine Bige ar stair agus thopagrafaíocht na hÉireann.

Tá an Nollaig ag teacht, mar sin ní phléifidh muid rudaí uafásacha, truamhéalacha. Ina áit sin, cuirfidh mé ar an eolas sibh faoi áit iontach suimiúil.

Taobh amuigh de Bhéal Feirste, tá áit ghalánta darb ainm Caisleán an Easpaig (Castle Espie sa Bhéarla). Tearmann d’éin fhiáine atá ann, ar imeall Loch Cuan. Faoi chúram an Wildfowl and Wetlands Trust atá sé.

lachain ann atá an-álainn go deo, cuid acu i mbaol. Mar shampla, tá lacha ann ar a dtugtar an mandarin, a bhfuil cleití an-sciamhacha aige, oráiste agus dearg agus crón. Tá gé neamhchoitianta ann ar a dtugtar an Nene, a dhéanann fuaim go díreach mar sin. Is as Haváí ó thús é an Nene, agus is é an gé is teirce ar domhan.

Cuireann Caisleán an Easpaig béim ar oideachas faoi chaomhnú. Tá clár maith taitneamhach éanfhairtheoireachta acu, mar aon le léachtaí agus imeachtaí dírithe ar pháistí. Bhí léacht an-suimiúil ann ar na mallaibh, nuair a labhair Finbar McCormick ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste faoi ainmhithe na hÉireann agus an dóigh a tháinig siad anseo. Ba scata breá inimirceach iad, is cosúil, ó gach cineál bunúis.

Is zú-eolaí seandálaíoch é Finbar. Déanann sé scrúdú ar chnámha na n-ainmhithe a fhaightear sna tochaltáin seandálaíocha. Faigheann sé amach cad é a d’ith daoine sa seanam. Le heolas breise a fháil, amharcann sé ar an tseanlitríocht, a thosaigh thart fá 600 IC in Éirinn.

Tháinig daoine go hÉirinn thart fá 9,000 bliain ó shin, agus bhí ainmhithe ann i bhfad roimhe sin. Bhí an hiéana ann níos mó ná 44,000 bliain ó shin. Bhí an béar, an mamat, an réinfhia agus an fia mór Éireannach i measc na n-ainmhithe is luaithe. Ach chuir athruithe aeráide deireadh le go leor acu.

D’imigh an fia mór Éireannach níos mó ná 30,000 bliain ó shin. Níos moille, idir 9,000 agus 10,000 bliain ó shin, bhí tréimse ghairid oighrithe ann, nár mhair ach 20 nó 30 bliain. Ní raibh ach píosa cúng talaimh sa deisceart nach raibh brat oighir air. Síltear gur cuireadh deireadh le chóir a bheith achan chineál ainmhí sa tréimhse sin, seachas b’fhéidir an béar donn, an mac tíre, an easóg, an giorria, agus cúpla sort éisc.

Foinse bia agus peataí

=======

Cad é an dóigh a tháinig na hainmhithe go hÉirinn a bhí ann ina dhiaidh sin? B’fhéidir go raibh droichead talaimh idir Éirinn agus an Bhreatain ag an am, ach níl fianaise fhisiciúil againn go raibh a leithéid ann. Mar sin, tá seans maith ann gur tháinig an chuid is mó de na hainmhithe le daoine ina mbáid, mar fhoinse bia nó mar pheataí, fiú.

Ba shealgairí agus cruinnitheoirí iad na céad daoine a bhí in Éirinn. Bhain siad úsáid as giorriacha agus muca fiáine. Bhí an luch choille ann san am sin. Ansin tháinig na céad fheirmeoirí, agus is dócha gur thug siadsan an fia rua leo. Bhí an fia rua ann sa seanam, ach síltear gur chuir an t-oighriú deireadh leo. Bhí madaidh ag na feirmeoirí fosta.

Cad é faoin chat? Bhí an cat fiáin ann sa Chré-Umhaois nuair a bhí na feirmeoirí luatha anseo, ach chuaigh sé i léig ina dhiaidh sin. Tháinig an cat clóis thart fá 200 nó 300 IC. Níor shíolraigh an cat clóis ón chat fiáin Eorpach, a dúirt Finbar, ach ón chat fiáin Núibiach. Cheansaigh na sean-Éigiptigh é, agus thug na Rómhánaigh go dtí an Eoraip é. Na céad chait clóis a bhí in Éirinn, bhí siad dubh agus bhí spotaí bána orthu, nó bán le spotaí dubha. Ní raibh cait riabhacha ann ar chor ar bith.

Bhí an t-iora rua le fáil i mBaile Átha Cliath aimsir na Lochlannach. Ansin tháinig a lán speiceas leis na Normannaigh, cuid acu mar fhoinsí bia, cúpla cineál éisc san áireamh. Thug na Normannaigh an fia fionn anseo agus ba bhia na huasaicme é. Thug siad an coinín, ainmhí a bhí le fáil ar dtús i dtuaisceart na Spáinne, go hÉirinn fosta. Cuireadh coiníní ar oileáin agus nuair a bhíodh go leor acu ann, dhéanfaí iad a thanú. Sin an fáth go bhfuil an méid sin Coney Islands ann.

Is dócha gur tháinig an ghráinneog anseo aimsir na Normannach, agus an francach fosta. Tugadh an luch fhrancach mar ainm air mar go raibh sé cosúil leis an luch, a bhí ann roimhe, agus mar gur labhair na Normannaigh an Fhraincis.

Tá scéal an loscainn an-suimiúil. Scríobh Giraldus Cambrensis, duine de na céad Normannaigh a tháinig anseo, nach raibh loscann ar bith in Éirinn, seachas ceann amháin, nach raibh Éireannach ó thús. Seans gur caitheadh amach as bád é, a scríobh sé. Fuarthas an loscann sin in aice le Port Láirge. Nuair a chonaic rí Éireannach é, bhuail taom bróin é agus dúirt sé gur tuar a bhí ann go raibh na Sasanaigh ag teacht agus go gcloífí a mhuintir.

Deirtear gur shíolraigh achan loscann atá in Éirinn anois ó ghlóthach fhroig a chaith fear darbh ainm an Dochtúir Gwithers isteach i ndíoga ag Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath thart fán bhliain 1690.

An t-ainmhí atá mar shiombail na hÉireann, ar ndóigh, is é sin an mórchú faoil Éireannach. Ach níl fianaise ann, a dúirt Finbar, go raibh a leithéid ann roimh 200 bliain ó shin. Athraíonn sé sin an íomha atá againn den seanam!

Bhuel, sin é don bhliain seo. Bíodh Nollaig mhaith agus bliain úr faoi mhaise agaibh. Tá súil agam go labharfaidh muid le chéile arís gan mhoill.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.