AR NA SAOLTA SEO
Cairde Fealltach an Earraigh Arabaigh
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Is ait an mac na CyberDissidents ach iniúchadh a dhéanamh faoina bhfuil ar a gcúl, siar chomh fada le Estée-Lauder, mar a rinne Maidhc Ó Cathail.

Íomhá
Ronald Lauder
le Thaidigsmann ar Vicipéid
Íomhá
Ronald Reagan agus Natan Sharansky
le Leabharlann Ronald Reagan ar Vicipéid
Íomhá
An tOll. Bernard Lewis
Oifig Chumarsáide, Ollscoil Princeton ar Vicipéid
Íomhá
Hosni Mubarak a díbríodh as oifig
le www.quirinale.it ar Vicipéid

Is beag duine nach gcreideann go mbeidh Iosrael thíos leis na muirthéachtaí atá ag réabadh an Mhéanoirthir ó thús na bliana seoin ainneoin na fianaise dochloíte ag léiriú gurb iad lucht Iosrael is mó atá ag tacú le heasaontóirí an taoibh sin domhain le roinnt blianta anuas.

Bunaíodh CyberDissidents.org trí bliain ó shin. Dar leis an eagraíocht féin, tá sí tiomnaithe do thacú le saoirse an duine trí ghuthanna easaontóirí ar líne sa domhan Arabach agus san Iaráin a chur chun cinn, nó i bhfocail an dream a sheol an tionscadal, bhí sé mar aidhm aige “to research and focus attention on the online activities of democracy advocates and dissidents in the Middle East, in the hope of empowering them at home and raising awareness of their plight abroad.” Tá cuma mhaith air sin, ar ndóigh, is é sin, go bhfaighe tú amach a dúirt é.

Seoladh an tionscadal ag an Adelson Institute for Strategic Studies sa Shalem Center in Iarúsailéim ar an 31 Iúil, 2008. Is é Ronald Lauder, oidhre chomhlacht cosmaidí Estée-Lauder, a chéadmhaoinigh an Shalem Center nuair a bunaíodh an foras taighde Síónach i 1994, agus é ina chathaoirleach ar a bhord iontaobhaithe ó shin i leith. Bhí an Institiúid Adelson maoinithe ag Sheldon Adelson, an cúigiú duine is saibhre i Meiriceá i mbliana le $23.3 billiún carntha aige óna chuid casino i Las Vegas. Bhí Natan Sharansky, iar-aire stáit Iosrael, ina cheannaire ar an Institiúid go dtí gur ceapadh é mar chathaoirleach ar an Jewish Agency i 2009. Tá baint ag an triúr leis an eite dheis Iosraelach, agus iad mór leis an bpríomhaire Benjamin Netanyahu.

Comhdháil WINEP

Ag deireadh 2009, chuaigh stiúrtheoir CyberDissidents.org, David Keyes, fear a d’oibrigh mar chomhordaitheoir faoi Sharansky ar chláir um daonlathas ag an Institiúid Adelson, go Nua Eabhrac agus Washington, áit ar fhreastail sé ar chomhdháil faoi easaontas Idirlín ag an Washington Institute for Near East Policy (WINEP), meitheal smaointe a chuir an American Israel Public Affairs Committee (AIPAC) ar bun. Le linn dó bheith sna Stáit Aontaithe, chaith sé an-chuid ama in éineacht le Bernard Lewis, a bhí ina ball de bhord comhairleach CyberDissidents.org ag an am. Is é Lewis, an fear a chum an coincheap áiféiseach “Coimhlint idir Sibhialtachtaí,” ar tagraíodh dó mar: “perhaps the most significant intellectual influence behind the invasion of Iraq.” Ach maidir leis an réabadh agus an marú a tharraing na muirthéachtaí síochánta anuas ar mhuintir an Mhéanoirthir i mbliana, ní miste breathnú níos doimhne ar alt a scríobh Lewis i 1992 dar teideal “Rethinking the Middle East.” San alt sin, a foilsíodh san iris cháiliúil Foreign Affairs, mhol an t-Ollamh Gradaim de chuid Ollscoil Princeton “Lebanonization” don réigiún. Mar a mhínigh Lewis: “Most of the states of the Middle East—Egypt is an obvious exception—are of recent and artificial construction and are vulnerable to such a process. If the central power is sufficiently weakened, there is no real civil society to hold the polity together, no real sense of common identity.… The state then disintegrates—as happened in Lebanon—into a chaos of squabbling, feuding, fighting sects, tribes, regions, and parties.”

Cruas Geimhridh

Sular bhunaigh siad CyberDissidents.org, d’eagraigh Sharansky agus an Institiúid Adelson “Comhdháil um Dhaonlathas agus Slándáil” i bPrág idir 5-6 Meitheamh 2007. I measc na daoine a bhí i láthair, bhí Lauder agus Adelson iad féin, agus go leor eile de lucht Iosrael nach iad. Bhí dhá dream eile ann: na daonlathaigh a tháinig i gcumhacht leis na muirthéachtaí veilbhite agus datha in Oirthear na hEorpa agus san Iar-Aontas Sóivéadach, agus na daonlathaigh atá ar tí teacht i gcumhacht sa Mheánoirthear mar thoradh ar an Earrach Arabach. Ach má leanann na hArabaigh beartas geilleagair nualiobrálach na nEorpach, ní samhradh atá i ndán don réigiún ach geimhreadh crua.

Níor mhiste d’easaontóirí an réigiúin cuimhneamh ar fhocail Sheldon Adelson freisin. Nuair a d’éirigh idir é agus easaontóir ón Iaráin cúpla bliain ó shin, dúirt Adelson: “I really don’t care what happens to Iran. I am for Israel.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.