Balor bocht! Tá mearbhall air arís an mhí seo, a léitheoirí dílse, i ndiaidh cháinaisnéis na míosa seo caite. Cuid de na ciorruithe a rinneadh, agus cuid de na hualaigh mhóra a leagadh, bhí siad barbartha agus fíochmhar. Is beag cainte a dhéanfar as seo amach ar dhíscire Ray McSharry nó ar ghairge Ritchie Ryan. Is é Brains Ó Leanacháin - Ó Léanacháin mo léan, agus a bhrúidiúlacht a bheidh i mbéal an phobail go deo na ndeor.
Balor bocht! Tá mearbhall air arís an mhí seo, a léitheoirí dílse, i ndiaidh cháinaisnéis na míosa seo caite. Cuid de na ciorruithe a rinneadh, agus cuid de na hualaigh mhóra a leagadh, bhí siad barbartha agus fíochmhar. Is beag cainte a dhéanfar as seo amach ar dhíscire Ray McSharry nó ar ghairge Ritchie Ryan. Is é Brains Ó Leanacháin - Ó Léanacháin mo léan, agus a bhrúidiúlacht a bheidh i mbéal an phobail go deo na ndeor.
Cáinaisnéis aisteach a bhí ann, cibé bealach a amharcann muid air (nó uirthi is cóir dom a rá, b’fhéidir, siocair go bhfuil cáinaisnéis baininscneach agus go mbeidh eagarthóir úr Beo Ar Éigean! ag ceartú mo chuid scríbhneoireachta!) Ach i ndáiríre bhí an cháinaisnéis dian ar mhuintir na Gaeilge, agus orthu siúd amháin. “Ní hé nach bhfuil a leithéid tuillte acu,” a dúirt seanadóir anaithnid i Seanad Éireann lá i ndiaidh na cáinaisnéise. “Aontaím go hiomlán le mo chomhghleacaí, an Seanadóir David Norris,” a dúirt seanadóir anaithnid eile a bhfuil Shane air agus a bhfuil ceithre litir ag tosú le R ina shloinne.
Milliún euro de cháin sa bhliain á leagan ar choláistí Gaeilge do dhaoine fásta nach bhfuil lonnaithe i gCúige Mumhan ná i gCúige Connacht ná i gCúige Laighean, agus nach bhfuil fá bhúir asail den Eargail! Tá iriseoirí ón Sindo agus ón Sun ag iarraidh a fháil amach cé mhéad coláiste a bheidh i gceist; tá tráchtairí polaitíochta ó RTÉ agus BBC ag iarraidh a fháil amach cad chuige gur cúngaíodh an trál chomh géar sin; agus tá Leamh Ó Cuinnegáin ó Odious Gael ar shiúl chun na hAstráile ar saoire.
Deich faoin chéad de cháin bhreise ar lucht labhartha na Gaeilge, agus cúig faoin chéad sa bhreis ar an cháin sin le gearradh ar mhuintir na Mumhan a labhraíonn an Ghaoluinn! “Char labhair mise ach Gaeilge bhlasta Uladh le mo bheo agus cha dtig libh a dhath ar bith a dhéanamh fá dtaobh de,” a mhaígh Maidhc Dainín Ó Sé, agus é i mbun agallaimh leis na hiniúchóirí cánach a bhí ar cuairt aige i gCorca Dhuibhne.” “As Béal Feirste mise, bíodh a fhios agaibh,” a dúirt Áine Uí Cheallaigh ón Rinn le hiriseoir ón Dungarvan Democrat. Lean sí léi: “Agus fosta, tá cuimhne agam go fóill ar chúpla focal de Ghaeilge Uladh ó laethanta m’óige, like caidé agus maith thú hey, agus mar sin de.” “I never spoke a single word of Irish in my life,” a mhaígh Máirtín Jamsie Ó Fatharta le hiriseoir ón Galway Advertiser, agus lean sé leis: “Duine ar bith a mhaíonn a mhalairt he is talking through his Erse.”
Fiche is a cúig faoin chéad de cháin bhreise le gearradh orthu siúd atá ag foghlaim na Gaeilge! Bhí an tÍochtarán Íosa Mhic Giolla Mháire ina measc siúd a cháin an cháin seo. Bhí sí i mbun cainte le comhfhreagraí polaitíochta an Sunday Times agus mar seo a leanas a labhair sí: “Tá fiche is a cúig faoin chéad de cháin ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge rud beag dian orthu siúd nach bhfuil mórán de mhaoin an tsaoil acu. Ar an láimh eile de, is cóir do gach duine tarraingt le chéile ar son leas na tíre agus leas an phobail agus leas na Gaeilge Gaelaí, go háirithe sna Gaeltachtaí Gaelacha, áit a labhraítear an Ghaeilge is Gaelaí dá bhfuil ar fáil sa saol Gaelach. Is cuimhin liom nuair a thuig mé nach raibh mé ag fáil fíor-Ghaeilge mar ba chóir ó chroílár na Gaeltachta ó mo mhúinteoir Ray Mac Meánaois, agus nuair a fuair mé réidh le Ray, agus nuair a thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge Gaelaí mar ba chóir ón Ghaeltacht Ghaelach...” Leanfar leis an agallamh áirithe sin in eagrán na seachtaine seo chugainn.
Tríocha faoin chéad de cháin bhreise le gearradh orthu siúd a mhúineann an Ghaeilge! Bhí Éamonn Ó Doornail ina measc siúd a cháin an cháin fhíochmhar seo. Agus é i mbun agallaimh le heagarthóir anaithnid úr Beo Ar Éigean! dúirt sé: “Tá sé éagórach amach is amach agus tá sé míchothrom amach is amach. Tá mise ag múineadh na Gaeilge san earnáil phríobháideach le deich mbliana anuas anois agus níl thar ocht milliún euro curtha ar leataobh agam. Tá sé náireach amach is amach agus tá sé éagothrom amach is amach. Ní mise an t-aon duine atá sa riocht seo, agus a bheas ag fulaingt níos mó i ndiaidh na cáinaisnéise seo. Tá ___ ann agus tá ___ ann fosta.” (ainmneacha bainte amach ag an eagarthóir)
Daichead faoin chéad de cháin bhreise le gearradh ar iriseoirí na Gaeilge atá lonnaithe sna Sé Chontae agus a bhfuil dlúthbhaint acu le hIarthar Chorcaí agus a chaitheann spéaclaí. Dúirt Robert McMillen: “Buíochas mór le Dia go bhfuair mé na lionsaí boga sin isteach tamall ó shin.” Mhaígh Pól Ó Muirí: “Chaith mé seachtain in Iarthar Dhún na nGall uair dá raibh agus bhí mé in Iarthar Bhéal Feirste lá amháin ar mo rothar, ach cha raibh mé riamh in Iarthar Chorcaí. Fiú an lá sin a ndeachaigh mé ó Chorcaigh go Cill Airne choinnigh mé mo shúile druidte an bealach ar fad.” Níl teacht ar Chonchubhair Ó Liatháin. Bhí ráfla ag dul thart go bhfacthas é sna coillte taobh thuas de Ghúgán Barra, é ag rith thart lomnocht, á sciúrsáil féin le neantóga.
Caoga faoin chéad de cháin bhreise ar léitheoirí Beo Ar Éigean! Tá an cháin seo cáinte go láidir ag eagarthóir agus ag iareagarthóir Beo Ar Éigean! nó is iad siúd is mó a léann na hailt. Tá an cháin cáinte fosta ag na heagraíochtaí a chuireann fógraí isteach, agus ag scór de Ghaeil Mheiriceá a léann an iris go rialta. Mhaígh gach scríbhneoir de chuid na hirise nár léigh siad alt dá gcuid féin, nó de chuid scríbhneora ar bith eile ar Beo Ar Éigean! riamh.
Seasca faoin chéad de cháin bhreise ar dhuine ar bith a fhreastalaíonn ar Oireachtas na Gaeilge agus a chuireann isteach ar chomórtas nach bhfuil seans dá laghad aige nó aici an comórtas sin a bhaint! Tá an cháin seo cáinte ag beirt. Tá eagarthóir úr Beo Ar Éigean! i mbun cainteanna lena gcuid dlíodóirí.