CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Cailín na cláirsí
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Is ceoltóir í Helen Lyons a d’oibrigh go dian ag seachadadh nuachtán ó dhoras go doras chun íoc as an gcíos ar chláirseach, go dtí gur scanraigh mada na gcomharsan í! In aois 22 bhliain tá an bhean óg seo anois ag múineadh ceoil do pháistí Bhaile Átha Cliath agus, ag an am céanna, ag lorg feirmeora le pósadh! Labhair Antaine Ó Faracháin léi.

Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Helen, cé as thú agus conas a thosaigh tú ar an gceol?

HL Lyons: Is as Cois Bá, in aice le Ráth Éanaigh i mBaile Átha Cliath, mé. Nuair a bhí mé óg bhí cónaí ar Fidelma agus Mick O’Brien ceithre theach uaim agus thosaigh Fidelma ag múineadh na feadóige stáin do na páistí ar an mbóthar agus san eastát tithíochta, agus dúirt mo mháthair liom féin agus le mo bheirt deartháireacha go raibh orainn dul chuici. Mar sin ní raibh aon rogha againn. Thosaigh gach duine ar an bhfeadóg stáin. Bhí mise seacht mbliana d’aois. Lean mé ar aghaidh leis sin go dtí go raibh mé ceithre bliana déag d’aois, nuair a thosaigh mé ar an gcláirseach. Bhí muid i gComhaltas Ceoltóirí Éireann, mar sin bhí orainn cleachtadh gach seachtain agus an grúpa ceoil a dhéanamh agus rudaí mar sin. Bhí a lán cairde againn sa gceol agus sin é an fáth gur lean muid ar aghaidh leis.

AÓF: Conas ar thosaigh tú ar an gcláirseach?

HL: Gach bliain bhí cúrsa traenála do mhúinteoirí an cheoil thraidisiúnta á reáchtáil ag Comhaltas sa Chultúrlann agus bhíodh muide ag dul ann mar fhoghlaimeoirí do na múinteoirí seo a bhí á dtraenáil. Ranganna saor in aisce a bhí ann dúinne, fhad is a bhí na múinteoirí iad féin ag foghlaim conas an ceol a mhúineadh. Bliain amháin rinne mé an phíb uilleann, bliain eile an fheadóg mhór. Ach bhí bliain amháin ann nuair a rinne mé staidéar ar an gcláirseach, agus thit mé i ngrá léi. An chéad rud a dúirt mo mháthair liom nuair a tháinig mé amach as na ranganna ná “A Helen, ná smaoinigh air fiú amháin. Níl tú chun cláirseach a fháil!” Ach d’fhreagair mise í: “Nach bhfuil anois?!” Thit mé i ngrá leis an uirlis. Cheap mé go raibh sí go hiontach!

AÓF: Cé a bhí do do mhúineadh ansin?

HL: Gráinne Hambly. Agus Janet Harbison a bhí i gceannas. Ansin, ina dhiaidh sin, bhuail mé le Gráinne Hambly ag an bhFleadh agus thug sí iasacht de chláirseach dom don tseachtain agus chuaigh mé go dtí an Scoil Éigse le Micheál Ó Ruanaigh. Tar éis sin fuair mé cláirseach ar cíos ó Janet Harbison ar feadh bliana. Bhí sé greannmhar mar dúirt mo thuistí go raibh orm íoc as mé féin, cé go raibh a fhios acu nach raibh airgead ar bith agam! Mar sin, chun íoc as, fuair mé post ag seachadadh nuachtán ó dhoras go doras. Is é sin go dtí gur rith mada na gcomharsan i mo dhiaidh síos an bóthar! B’in deireadh leis na nuachtáin dom! Tá eagla an domhain orm roimh mhadraí! Fuair mé mo chláirseach féin bliain ina dhiaidh sin.

AÓF: Agus cé mhéad a bhí air sin?

HL: £1,000

AÓF: Inis dúinn faoin gcéim sa cheol a bhain tú amach.

HL: Céim sa Cheol-Oideachas a bhí ann, in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus i gColáiste na Tríonóide. Nuair a chuaigh mé isteach thosaigh mé leis an gceol clasaiceach ar an gcláirseach. Mar sin, bhí sé an tríú bliain sula ndearna mé ceol traidisiúnta (le Laoise Kelly). Ach bhí mé ag leanúint ar aghaidh an t-am ar fad leis an gceol traidisiúnta taobh amuigh den choláiste.

AÓF: An raibh an cúrsa deacair?

HL: Bhí sé an-deacair! Ródheacair! Bhí an iomarca oibre le déanamh. Chomh maith leis sin, nuair a thosaigh mé sa chéad bhliain ní raibh aon cheol clasaiceach agam. Ní raibh mé in ann an ceol a léamh ach oiread. Mar sin, bhí orm é sin ar fad a fhoghlaim ón tús. Bhí sé sin an-deacair. Bhí go leor oibre i gceist chun breith suas leis na daoine eile! D’fhoghlaim mé a lán faoin gceol clasaiceach ar an gcúrsa agus táim ceart go leor leis anois. Táim in ann é a mhúineadh anois mar ábhar scoile. Rinneamar a lán oideachais freisin agus stair na hÉireann agus na hEorpa. Stair ghinearálta, ní hamháin stair an cheoil.

AÓF: Cén chaoi ar éirigh leat sna scrúduithe?

HL: Go hiontach! Fuair mé 2.1. B’in a bhí á lorg agam.

AÓF: An bhfuil i gceist agat tuilleadh staidéir a dhéanamh amach anseo?

HL: Tá. Ba mhaith liom dul síos go Luimneach chun Máistreacht a dhéanamh sa cheol traidisiúnta. Ach caithfidh mé obair ar feadh bliana chun airgead a bhailiú le chéile ar dtús.

AÓF: Nuair a bheas an staidéar críochnaithe agat, céard atá sé i gceist agat a dhéanamh ansin?

HL: Pósadh!

AÓF: Dúirt tú liom uair amháin gur theastaigh uait feirmeoir a phósadh! An bhfuil sin fíor i gcónaí? Cén fáth feirmeoir?

HL: Tá sin fíor! Cén fáth? Sin brionglóid atá agam. Ach i ndáiríre, tar éis dom mo chuid staidéir a chríochnú ba mhaith liom dul go dtí an Astráil ar feadh bliana agus ba mhaith liom a bheith ag obair le ceol, b’fhéidir ag múineadh, b’fhéidir ag scríobh, ag cóiriú nó ag seinnt. Rud éigin leis an gceol.

AÓF: Tá tú ag fanacht ar chláirseach nua nach bhfuil? Inis dúinn faoi sin.

HL: Tá. Ceann nua ó Phaddy Cafferky as Gaillimh. Cosnóidh sé thart ar €5,500! Agus ansin beidh dhá chás le ceannach ina dhiaidh sin, ceann bog agus ceann crua.

AÓF: Céard iad na fadhbanna is mó a bhaineann leis na gcláirseach?

HL: Tá siad an-trom! Agus ansin bíonn ruaille buaille ann má bhíonn tú ag iarraidh í a thógáil isteach i seisiún. Bíonn ort cur isteach ar gach éinne. Agus ansin tá 34 téad ann agus caithfear iad sin ar fad a thiúnáil gach lá! Mar sin, níl sé éasca!

AÓF: Ar mhaith leat a bheith in ann aon uirlis eile a sheinm?

HL: Ba mhaith. An fhidil, mar gur féidir leat a lán fuinnimh a chur sa cheol leis an mbogha. Bíonn an chláirseach binn ach is féidir leat an ceol a bhualadh amach leis an bhfidil más maith leat.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Helen Lyons ag an seoladh lyonsHL@yahoo.com

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.