Bhí díomá ar go leor daoine nuair a dhún caife Ghael Linn i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Ar an dea-uair, áfach, doscail caife Gaeilge eile i lár na cathrach i dtrátha an ama chéanna. Thug Caoimhe Ní Laighin cuairt ar an gcaife seo agus labhair leis an mbainisteoir, Úna Nic Gabhann.
Má bhíonn rud beag sócúil ag teastáil uait, in áit atá compordach agus suaimhneach ach i ndeas dachan rud fosta, is fiú go mór duit cuairt a thabhairt ar Chaife Úna, caife nua Gaeilge a doscail in íoslach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag bun Shráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath le linn na míosa seo caite.
Istigh sa chaife sámh seo, tá sé furasta dearmad a dhéanamh ar an gcathair challánach taobh amuigh, cé nach bhfuil sé ach cúpla nóiméad siúil ó Choláiste na Tríonóide, Faiche Stiabhna agus an Dáil.
Tá biachlár suimiúil agus ilghnéitheach acu a thugann le fios gur bialann atá ann, ach tá praghsanna i gceist a mbeifeá ag súil leo i gcaife amháin.
Is í Úna Nic Gabhann, Collanach ó dhúchas, atá i mbun Chaife Úna le beirt chomhpháirtithe nach mbíonn ag obair sa chaife ó lá go lá. Chuir siad plean gnó le chéile tar éis na Nollag le caife a oscailt ar an láthair chéanna a raibh Dáil Bia, an bhialann Ghaeilge a dhún roinnt blianta ó shin, agus doscail an caife ar an Luan, 14 Márta.
Tá spás á chur ar fáil againn inar féidir le daoine bualadh le chéile agus Gaeilge a labhairt más mian leo, a deir Úna. Táimid ag iarraidh go mbeadh atmaisféar cairdiúil sa chaife agus seirbhís éifeachtach phroifisiúnta ar fáil. Is mian linn lucht na Gaeilge a mhealladh chun na háite ach beidh fáilte fosta, gan amhras, roimh dhaoine nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu.
Daoine óga, cairdiúla agus fuinniúla atá ag obair sa chaife.
Bhí an t-ádh orainn gur éirigh linn an fhoireann seo a fháil, a deir Úna. Thuig mé go dtiocfadh linn freastalaithe a fháil furasta go leor - tá neart mac léinn i mbun céime sa Ghaeilge. De ghnáth, nuair a bhíonn céim sa Ghaeilge á déanamh agat, léiríonn sé go bhfuil spéis agat sa teanga agus grá agat di. Beidh deis ag na daoine seo a gcuid Gaeilge a chleachtadh taobh amuigh den seomra ranga. Déirigh linn fosta cócaire fíormhaith, atá fuinniúil, óg *agus *a bhfuil Gaeilge ar a thoil aige, a earcú.
Is duine an-óg í Úna féin. Roimhe seo, bhí sí gafa le cúrsaí acadúla. Chaith sí tréimhse ag obair i Roinn na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ag múineadh Gaeilge le heagraíochtaí éagsúla, ansin chuaigh sí ag taisteal agus chaith sí bliain i Meicsiceo, áit a raibh léas aici ar chaife.
Thosaigh mé ag smaoineamh ar an fhiontar seo nuair a dfhill mé ar Éirinn, a dúirt sí. Tá grá agam don Ghaeilge agus bhí spéis mhór agam sa choincheap seo. Ní ar mhaithe leis an Ghaeilge amháin atá an fiontar seo tosaithe againn - creideann muid go dtig linn airgead a dhéanamh as. Is deis ghnó é seo agus measann muid go dtig linn gnó rathúil a bheith againn.
Deirtear sa lá atá inniu ann go bhfuil poiblíocht i bhfad níos éifeachtaí ná margaíocht nó fógraíocht. Más fíor sin, cabhair iontach a bheidh sa léirmheas ar Chaife Úna a foilsíodh sa nuachtán The Sunday Business Post *ag deireadh na míosa seo caite. Mhol an léirmheastóir Ross Golden Bannon Caife Úna go hard, agus ba léir go ndeachaigh an áit féin, an bia agus na praghsanna go mór i bhfeidhm air. Is cinnte go meallfaidh an léirmheas áirithe sin sciar de léitheoirí ABC1 an *Sunday Business Post!
Dearadh simplí
Déantar gach iarracht sa chaife daoine a chur ar a suaimhneas. Tá dearadh simplí i gceist san áit: seanbhalla de bhrící nochta ar thaobh amháin den seomra agus balla úr bán ar an taobh eile. Tá na hurláir nocht fosta agus tá troscán traidisiúnta Éireannach san áit. Cuireann an dearadh, an meascán seo den Éirinn thraidisiúnta agus nua-aimseartha, go mór le hatmaisféar an chaife.
Níl le cloisteáil ach monabhar beag comhrá agus an ceol caoin sa chúlra. Tá polasaí cinnte ceoil againn, a deir Úna. Tá dlúthdhioscaí roghnaithe againn a chuirfidh daoine ar a suaimhneas, agus ceol le cloisteáil nach bhfuil le fáil in aon chaife nó bhialann eile sa chathair.
Ach céard faoin rud is tábhachtaí, an bia? Tá an rogha iontaofa sin Ceapaire agus anraith ann, ach tá comhábhair shuimiúla i gceist nach mbeifeá ag súil leo. Mar shampla, is féidir leat anraith ghlasraí an earraigh le cilí glas a roghnú, nó ceapaire le beacáin rósta, cilí agus tím. Má tá neart ocrais ort, is féidir leat triail a bhaint as stobhach Éireannach, císte bradáin nó piobar rósta.
Tá an bhéim ar bhia úr. Déantar an bia a ullmhú ar bhealach simplí go leor, ach úsáidtear comhábhair shláintiúla agus mhaithe. Ach chomh maith leis sin, is rud an-tábhachtach é an praghas. Creideann muid gur cheart go mbeadh duine in ann béile blasta agus folláin ar ardchaighdéan a fháil ar phraghas réasúnta.
Tá caife Iodálach roghnaithe againn fosta atá ar chaighdeán níos airde ná mar atá i gcás fhormhór na gcaifí eile sa chathair.
Bíonn Caife Úna ar oscailt ó 8.00 a.m., Luan go hAoine, agus bíonn bricfeasta ar fáil go dtí leathuair tar éis a haon déag. Dúnann sé ag 6.00 p.m. faoi láthair, ach tá sé i gceist go mbeadh sé ar oscailt san oíche chomh maith amach anseo agus go mbeadh ceol beo le cloisteáil ann go minic.
Sa ghearrthéarma, deir Úna go mbeidh deis ag grúpaí an caife a chur in áirithe taobh amuigh de na gnáthuaireanta oscailte. Ba mhaith léi go mbainfeadh eagraíochtaí Gaeilge agus dreamanna eile a bhfuil baint acu leis an teanga úsáid as mar ionad do chruinnithe, seoltaí leabhar, dinnéir bhliantúla agus ócáidí dá leithéid.
Tá eolas breise le fáil faoin gcaife ach glaoch ar Úna Nic Gabhann ag an uimhir (01) 670-6087 nó trí theachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chuig post@caifeuna.com. Is féidir cuairt a thabhairt chomh maith ar www.caifeuna.com
Is as Baile Átha Cliath í Caoimhe Ní Laighin. Tá bunchéim aici san iriseoireacht agus bhain sí céim MSc amach i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mbliana.