CÚRSAÍ SPÓIRT
Caid, Ceol agus ‘Ceiltigh’
Ken Ó Donnchú Ken Ó Donnchú Ken Ó Donnchú

As a stuaim féin a chuaigh Briotánaigh agus Gailísigh thar lear i mbun na peile gaelaí. Molann Ken Ó Donnchú gnéithe de scéal na féiniúlachta a chíoradh amach anseo.

Is fada fiannach an lá ó tosaíodh ar iontas a dhéanamh den rath atá ar cheol agus ar rince ‘traidisiúnta’ (fág gur téarma achrannach é) na hÉireann ar an gcoigríoch. San am a raibh cruth nua á leagan ar ár n-oidhreacht cheolmhar ag Seán Ó Riada, bhí brí agus fuinneamh úr i dteacht aniar an cheoil traidisiúnta i gcoitinne (cuimhnítear ar an athbheochan i Meiriceá, agus ar lean de i Sasana).

Mar leis an rince de, ba thobainne a theacht chun cinn. Luaitear aon taispeántas amháin le tosach na ré seo, ré ina bhfuil tóir as cuimse ar chineál damhsa a bhí faoi amhras i gcónaí sa tír seo féin: an léiriú don Chomórtas Eurofíse 1994, mar a raibh Jean Butler agus Michael Flatley i lár an aonaigh. Chuaigh Riverdance chomh mór sin i bhfeidhm ar dhaoine gur ghin sé tionscal damhsa: na scoileanna rince, na compántais a thriallann ar na ceithre hairde, na cláir theilifíse, na siopaí a chuireann na cleathainsí iomadúla ar fáil do na rinceoirí féin (stocaí, smideadh, gúnaí, bréagfhoilt, bróga, idir chrua is éadroma)

Ní baol go ndéanfaidh an pheil Ghaelach ná an iomáint thar lear aithris ar an rath céanna go luath. Mar sin féin, is spéisiúil mar atá earraíocht á baint as an bpeil. 10 gcumann peile atá ar an bhfód sa Bhriotáin, agus ceann úr á bhunú i Lorient faoi láthair. Ach oiread le Os Fillos A Coruña (ar scríobhas fúthu cheana féin), is iad an mhuintir dhúchais baill na gcumann seo, maille leis an gcorrdhuine eile as tír i gcéin.

Gailísis Cois Laoi

Níorbh iad stiúrthóirí CLGdeoraithe Gaelacha a thionscain an obair seo, ach lucht suime na Briotáine. As a stuaim féin a rinne siad amhlaidh, ar ndóigh. Is ionann an scéal in A Coruña. Bhí an t-ádh liom a bheith i láthair ag ócáid stairiúil an mhí seo a d’imigh tharainn, nuair a tháinig foireann a roghnaíodh ó chumainn éagsúla na Briotáine chun Naron, sa Ghailís, le haghaidh a thabhairt ar fhoireann na Gailíse. Foireann na Gailíse, ba ar éigean a d’fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh idir í agus cumann na bhFillos, ach gur cuireadh an iúl dom i ndiaidh an chluiche gur dheineas dearmad beag ina thaobh seo. Aon imreoir amháin a bhí acu nach leis na Fillos a bhuaileann sé báire i rith na bliana, ach le Raonaithe Nemo i gCorcaigh, mar a bhfuil sé ag cur faoi agus an Ghailísis á teagasc aige!

Séard ba chúis leis an gcluiche peile idirnáisiúnta stairiúil seo, oireachtas beag a bhí ar siúl i mbaile Naron an deireadh seachtaine úd. Comóradh ar chultúr agus ar theanga na Gailíse a bhí ann, ach gan oiread comórtas amhránaíochta ar an sean-nós agus a bhíonn in oireachtas na Gaeilge. Tugadh cuireadh do na Briotánaigh teacht le himirt in aghaidh na nGailíseach, agus blaiseadh den chultúr Galego. Más ann do lucht cúise i gcónaí i measc na bpeileadóirí seo, ní móide go rachadh a bhformhór le harm ar son na cúise céanna. Spéis i gcúrsaí spóirt a mheall na Gailísigh is na Briotánaigh seo chun na caide. Ábhar mórtais acu gur spórt Gaelach atá ann, agus go gceanglaíonn sé sin le náisiún Ceilteach eile iad. Ach ní ar mhaithe le hÉirinn atá na daoine seo ag caitheamh dua agus dúthrachta leis an gcaid; is casta agus is simplí ná sin an scéal.

Santú na Saoirse

Is ‘cúigí’ (dar leis an saol mór) nó tíortha (dar leo siúd a shantaíonn neamhspleáchas) ar leith iad an Bhriotáin agus an Ghailís laistigh de thíortha a bhfuil éagsúlacht mhór ciníocha, teangacha agus cultúr beo beathach iontu. An lárú i gcúrsaí riaracháin agus polaitíochta, agus aon teanga ‘náisiúnta/stáit’ amháin a chur chun cinn a dhéanann na snáitheanna seo uilig a nascadh ina chéile, d’uireasa aon bhaint eile. Is follasaí scoilteanna na Spáinnedeighiltí na Fraince a dhéanamh amach; ceantair chumhachtacha iad an Chatalóin agus Tír na mBascach maidir le geilleagar na Spáinne de (murab ionann agus an Ghailís) a bhíonn ag éileamh de shíor scarúint ó fhlaitheas na Spáinne (mar a dhéanann polaiteoirí Gailíseacha ó thráth go chéile). Níl ‘cúige’ Francach ar bith inchurtha le ceantair seo na Spáinne (an Bhriotáin féin fiú) ó thaobh neart na teanga de. Ceist eile í diongbháilteacht an chultúir.

An fhéile cheoil cheiltigh is mó san Eoraip, eagraítear i Lorient na Briotáine í gach mí Lúnasa. Déantar ceiliúradh ar chultúir agus ar theangacha na ‘náisiún’ Ceilteach i rith na féile. Táthar ag caint ar an dara cluiche peile idirnáisiúnta a imirt ag féile na bliana seo chugainn. Cad a thiocfaidh as leathnú na gné seo den chultúr Éireannach? An gcuirfidh sé le cúis lucht na scarúna, agus an mbeidh ábhar bolscaireachta eile acu dá bharr? An ndéanfar tionscal eile de? An mbeidh foirne cumasacha sna baill seo amach anseo?

Is maith an scéalaí an aimsir, ar ndóigh. Mo thuairim go gcoinneoidh sé air i mbun fáis. Tabharfaidh sé spreagadh do Ghaeil i gcéin, agus b’fhéidir go ndéanfadh Páirc an Chrócaigh iarracht thréan ar theacht i dtír air luath nó mall. Is cinnte go mbeidh tionchar aige ar an gcur is cúiteamh ar shainmhíniú, ar mhúnlú, agus ar thuiscint na féiniúlachta sna tíortha seo. Ba mhaith an mhaise dúinne freisin go ndéanfaí cíoradh air sa díospóireacht chéanna in Éirinn amach anseo.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Éireannach é Ken Ó Donnchú. Tá sé ag obair sa Ghailís faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.