‘Thig an fhírinne amach ar deireadh’ a bhí mar sheanfhocal sa teanga seo chomh maith le teangacha eile. Bhí John-Paul Mc Carthy ag léamh cuntas amháin den chineál sin ó láimh an Cheanadaigh, Michael Ignatieff.
Naisc:
Ní minic a fhoilsítear leabhar a bhaineann le botúin agus le teipeanna an údair féin. Sa rannóg liteartha chúng sin, rannóg na mbotún, d’fhéadfaí Henry Adams a lua. (Agus é ag cuimhneamh ar na laethanta a chaith sé mar iriseoir óg, scríobh “the chances of ending in the gutter were, at best, even”). Rinne an scríbhneoir Astrálach Don Watson iarracht speisialta teip a fhostóra Paul Keating san ollthoghachán i 1996 a mhíniú freisin ina Recollections of a Bleeding Heart: A Portrait of Paul Keating PM. Chuir Watson an milleán ar lagar spride Keating fé 1996 mar aon lena mhórtas pearsanta agus a easpa smachta. (“Paul Keating is a kind, charming and very intelligent man who would risk his own life to save yours or to get an unwanted crease out of his trousers”). Agus fuarthas mea culpa eile ó Robert Mc Namara, iar-rúnaí cosanta le linn ré Kennedy agus Johnson, ina leabhar, In Retrospect, ach go háirithe ó thaobh Vítneam de. (“We were wrong, terribly wrong…”).
Anois, is féidir linn iarracht eile a chur isteach sa rannóg liteartha seo, ’sé sin Fire and Ashes: Success and Failure in Politics (Harvard U.P.) ó Michael Ignatieff. Scoláire, iriseoir agus pearsa teilefíse sa Bhreatain sna hochtóidí is ea Ignatieff, ach ball d’uaisleacht pholaitiúil Cheanada is ea é freisin. B’iad na státseirbhísigh cáiliúla cosúil le Norman Robertson agus Hume Wrong dlúthchairde thuismitheoirí Ignatieff, agus chaith a athair seal ag obair le beirt Phríomh-Airí, W. L. Mackenzie King agus Lester Pearson. Nuair a tháinig oifigigh ó pháirtí liobrálach Cheanada aniar aduaidh ar Ignatieff ina oifig i Harvard i 2004, cheap siad go bhféadfaidís príomhaire a dhéanamh de Ignatieff féin ós rud é go raibh fréamhacha Ceanadacha doimhne aige.
Athrú Treo
Ghlac Ignatieff leis an gcuireadh imeacht ó Harvard, suíochán parlaiminte a bhuachaint i dToronto agus aghaidh a thabhairt ar cheannaireacht an Pháirtí Liobrálaigh agus 24 Sussex Drive a bhaint amach sula bhfad. Ina leabhar, míníonn Ignatieff cén fáth go ndeachaigh an feachtas seo go tóin poill fé 2011 nuair a thit an vóta liobrálach as a chéile ar fud Cheanada.
Cé go léiríonn Ignatieff cumha, macántacht agus cúthaileacht fiú agus an míniú á thabhairt, ní léir fé dheireadh an bhfuil freagra iomlán aige le tabhairt dá léitheoirí.
Más ea, d’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gurb ionann tubaiste Ignatieff agus an iarracht uaidh an tubaiste chéanna a scagadh. B’é an féinghrá an fhréamh a nasc an tubaiste agus an míniú ina chéile. Úsáideann Ignatieff leabhair sheanda Machiavelli, Castiglione, agus Max Weber chun loinnir acadúil a chur ar an bpraiseach aige. Admhaíonn sé nach raibh sé in ann ceachtanna na bhfealsúnaithe seo a chur i gcrích i gCeanada, ach ní léir cén fáth gur cheap sé go mbeadh éinne in ann ceol praicticiúil a bhaint astu. B’shin é príomhlaige laoch liobrálach Ignatieff féin, Isaiah Berlin. (Scríobh Ignatieff beathaisnéis bhreá Bherlin). Ba dheacair do Berlin gan liosta ainmneacha cáiliúla a lua ina chuid scríbhneoireachta féin, ceann i ndiaidh a chéile. (“From Zeno to Spinoza, from the Gnostics to Leibniz, from Thomas Hobbes to Lenin and Freud, the battle-cry has been essentially the same…”).
Cruth na Tíre nó Cruth na Tiachóige
Cheap formhór na vótóirí liobrálacha fiú i gCeanada go raibh sé ar intinn ag Ignatieff an phríomhaireacht a úsáid chun snas a chur ar a churriculum vitae pearsanta. Áis nó acmhainn phearsanta ab ea an pholaitíocht dó, seachas meán náisiúnta feabhas a chur ar chruth náisiúnta na tíre.
(Admhaíonn Ignatieff é seo agus é ag déanamh cur síos ar thionchar a thuismitheoirí ar a phearsa mhórtasach. “In my case, I wanted political success for the sake of my mother, Alison, and my father, George, because I believed they would have wanted it for me…It was in the blood. I wanted it for them and so I wanted it for me. Let me confess right now that all this is still the wrong answer to the question of why you should go into politics.”)
Is féidir an fhadhb chéanna a bhrath sa leabhar. Deir Ignatieff gur thug na hainmneacha mór le rá, ach go háirithe Weber, ciall cheannaithe dó. Ach thug na hainmneacha deis níos pearsanta dó freisin, ’sé sin a chuid léitheoireacht leathan a chur in iúl don léitheoir agus béim shoiléir a chur ar chuideachta acadúil nádúrtha Ignatieff féin. Luann sé polaiteoirí liteartha ag tús an leabhair, daoine cosúil le Václav Havel ó Phrág, Mario Vargas Llosa ó Phéiriú agus Carlos Feuntes ó Mheicsiceó. Níor theip air an phríomhaireacht a bhaint amach toisc nár léigh sé The Prince nó Politik als Beruf [an pholaitíocht mar ghairm] i gceart. Agus ní mór an chabhair a fhaightear i ndáiríre ós na foinsí seo agus an tubaiste á mhíniú. Theip air de dheasca easpa iontaoibh náisiúnta ach go háirithe tar éis don Phríomh-Aire caomhach Stephen Harper fógra anróiteach fíoréifeachtach a chur ar an dteilefís: “Michael Ignatieff: Just Visiting”.
Chaill sé a shuíochán féin in ollthoghachán 2011, ach bhí dhá shuíochán ollscoile ar fáil dó i ndeireadh na dála. Níor bhain fortuna fuarchúiseach gach rud uaidh.
- Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.