Buaiteoirí
- Maireád Uí Ghallchoir, Glaschú
- Róisín Ní Leannacháin, Béal Feirste
Duaiseanna: Scrabble do Leanaí
Cé go bhfuil Daidí na Nollag imithe leis is léir go bhfuil roinnt féiríní ar fáil fiú i Mí na Bealtaine! D’fhógair Glór na nGael ceann de na cluichí is spéisiúla fós do ghasúir Ghaeilge nuair a nochtadh an chéad chóip de ‘Junior Scrabble - Puzal Ollmhór Urláir do Leanaí’.
Is comhthionscnamh Junior Scrabble idir Glór na nGael agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG).
Agus é ag cur fáilte roimh an gcluiche nua dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Glór na nGael, gur “céim chun cinn í seo i normalú na Gaeilge. Is é atá i Junior Scrabble ná cluiche míreanna mearaí, móide cluiche foghlamtha litrithe, móide cluichí meaitseála focal (péirí, nithe beo). Cuideoidh cluiche mar seo le teaghlaigh atá ag tógáil na clainne le Gaeilge, ar ndóigh, ach is áis í chomh maith do theaghlaigh ar mhaith leo cluichí nua a imirt lena leanaí”.
Dúirt Muireann Ní Mhóráin Príomhfheidhmeannach COGG, go mbeidh an cluiche iontach áisiúil sna naíonáin agus sna bunranganna, ní amháin i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta, ach i scoileanna Béarla fosta. “Tá an cluiche seo inchurtha i ngach caoi lena mhacasamhail i dteangacha eile agus táimid ag súil go mór leis an gcluiche a fheiceáil in úsáid mar uirlis sealbhaithe na Gaeilge”.
Tá Beo.ie an-bhuíoch de COGG as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.